thaobh féin i leaba teachta anseo a spiaireacht.”
“N’fheadar,” ar Mr O’Connor go héiginnte agus é ag baint thobac agus dhuilleoga toitín amach. “Sílim gur fear ionraic Joe Hynes. Tá sé cliste leis, i mbun peannaireachta. An gcuimhin leat an rud a scríobh...?”
“Tá cuid den lucht sléibhe agus de na Fíníní ró-ghlic dar liomsa,” ar Mr Henchy. An bhfuil a fhios agaibh céard é mo bharúil rúnda féin ar chuid de na cleasaithe beaga seo? Measaim go bhfuilid ina phóca ag an Chaisleán.”
“Ní fios d’aon neach beo,” a deir an seanfhear.
“Ó ach is fios dom go cinnte gur fíor é,” ar Mr Henchy. “Is giollaí an Chaisleáin iad... ní áirím Mr Hynes... an diabhail más é, measaim go bhfuil seisean pas beag níos fearr ná sin... Ach tá firín uasal camshúileach áirithe ann... an aithníonn sibh an tírghráthóir atá i gceist agam?”
Sméid Mr O’Connor a cheann.
“Sin sliocht díreach Major Sirr[1] duit más é do thoil é! Ó, tírghráthóir cráifeach! Sin ceann a dhíolfadh a thír ar thoistiún – dhíolfadh – agus théadh ar a dhá ghlúin a ghabháil buíochais le Críost Uilechumhachtach go raibh tír le díol aige.”
Bualadh an doras.
“Tar isteach!” a dúirt Mr Henchy.
Tháinig fear sa doras a raibh cosúlacht sagairt nó aisteora boicht air. Bhí a éadaí bána fáiscthe go dlúth um a chorp giortach ag cnapaí agus níor léir an bóna sagairt nó tuata a bhí air óir bhí
- ↑ Major Sirr: Major Henry Charles Sirr (1764-1841). Ceannaire Phóilíní Chaisleán Átha Cliath ab é, mar a bhí a athair roimhe (Town Major of Dublin an teideal oifigiúil a bhí air). Rinne sé gach cleas agus claonbheart chun a chomhthíreach a dhaoradh chun báis as Éirí Amach 1798.