Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/162

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

cába a chasóg eireabaill gioblaí, a raibh scáil sholas na coinnle sna cnapaí nochta, bhí sé crochta suas thar a mhuineál. Bhí babhlaer d’fheilt dhubh chrua á chaitheamh aige. A aghaidh, a raibh braonta drithlíneacha báistí greamaithe léi, bhí dealramh cáise buí taise uirthi. D’oscail sé a bhéal an-fhada go tobann a chur a dhíomá in iúl agus agus san am chéanna leathnaigh a shúile ghorma fíor-lonracha le teann áthais agus iontais.

“Ó Father Keon!” a deir Mr Henchy ag léim aníos dá chathaoir dó. “An tusa atá ann? Tar isteach!”

“Arú, no, ní dhéanfad!” ar an t-Athair Mhic Eoghain go grod agus é ag crapadh a liopaí mar a bheadh ag labhairt le páiste.

“Nach dtiocfair isteach go suífir síos?”

No, no, ní dhéanfad!” ar Father Keon de ghuth chiúin bhog. “Ná théim sa bhealach oraibh anois! Nílim ach ag dul ar lorg Mr Fanning... ”

“Tá sé thall sa Black Eagle,” ar Mr Henchy. “Ach nach dtiocfá isteach a shuí síos nóiméad?”

“No, nó, go raibh maith agat. Ní raibh ann ach ceist bheag gnó,” ar Father Keon. “Go raibh míle maith agat.”

Chúlaigh sé ón doras gur rug Mr Henchy ar cheann de na coinnle agus chuaigh anonn chuig an doras a shoilsiú a shlí síos staighre dhó.

“Ó, impím ort, ná buair thú féin leis!”

“Ach, tá an staighre an-dorcha.”

“No, nó, feicim an bealach... Go raibh míle maith agat.”

“An bhfuilir ceart go leor anois?”