Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/155

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

“Cé atá ann?” a deir an seanfhear.

“Cad chuige go bhfuilir sa dorchadas?” a d’fhiafraigh an guth.

“An tusa atá ann, Hynes?” a d’fhiafraigh Mr O’Connor.

“Is mé. Cad chuige go bhfuilir sa dorchadas?” a dúirt an t-uasal Uí hEidhin agus é ag druidim le solas na tine.

Fear óg ard agus caol le croiméal buí-dhonn a bhí ann. Bhí braonta báistí ar crochadh thar imeall a hata agus bhí cába a sheaicéid iompaithe suas aige.

“Halló, Mat,” a dúirt sé le Mr O’Conner, “cad é mar atá ag éirí leat?”

Chroith Mr O’Connor a cheann. D’éirigh an seanfhear ón tine agus, tar éis ladhrála timpeall an tseomra dhó, d’fhill le dhá choinneal a lasadh sa tine ceann i ndiaidh a chéile, gur rug chuig an tábla iad. Tháinig seomra lom chun solais agus chaill an tine a luisne chroíúil. Ní raibh aon rud ar na ballaí cé is moite de chóip óráide toghcháin. I lár an tseomra bhí tábla beag ar a raibh carn páipéar.

Sheas Mr Hynes i gcoinne an mhatail agus d’fhiafraigh: “Nár íoc sé go fóill sibh?”

“Níor íoc,” a dúirt Mr O’Connor. “Tá súil agam ó Dhia nach bhfágfaidh sé ar an talamh tirim sinn anocht.”

Rinne Mr Hynes smiota gáire.

“Ó, íocfaidh. Bí cinnte dhe,” a dúirt.

“Tá súil agam nach ndéanfaidh moill leis má tá dáiríre faoi,”, a dúirt Mr O’Connor.