Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/156

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

“Céard a cheapair-se, Jack?” a dúirt Mr Hynes go magúil leis an tseanfhear.

“Ní hé nach bhfuil sé aige ar aon chuma. Ní hionann is an tincéir eile,” a dúirt an seanfhear, ag filleadh ar a chathaoir dó.

“Cén tincéir eile?” a dúirt Mr Hynes.

“Colgan,” a dúirt an seanfhear go tarcaisneach.

“An de bhrí gur fear oibre Colgan a deirir sin? Cad é an difríocht idir bríceadóir maith ionraic agus tábhairneoir – ha? Nach bhfuil an oiread céanna cirt ag fear oibre ar bhallraíocht sa Corporation le haon duine eile, go deimhin, nach bhfuil níos mó cirt aige uirthi ná ag na Seoiníní sin a shléachtas d’aon duine a mbíos teideal aige. Nach fíor dom, Mat?” a dúirt Mr Hynes, agus é ag díriú a chuid cainte ar Mr O’Connor.

“Sílim gur fíor duit,” ar Mr O’Connor.

“Duine amháin díobh, is duine ionraic simplí gan lúitéis ag baint leis. Gníomhaíonn thar cheann an lucht oibre. An ceann seo a n-oibrír-se dhó, níl uaidh ach post éigean dó féin.”

“Gan dabht ní mór labhairt ar son an lucht oibre,” ar an seanfhear.

“An fear oibre,” ar Mr Hynes, “eisean a fhaigheas cuid Pháidín den mheacan i gcónaí. Ach is obair a chuireas gach aon rud i gcrích. Níl an fear oibre ag dréim le poist mhóra mhillteacha dá mhic, nianna, chol cheathrara agus eile. Ní tharraingeoidh an fear oibre clú Átha Cliath tríd an láib a sodar i ndiaidh monarc Gearmánaigh.”[1]

“Conas sin?” a dúirt an seanfhear.

  1. i ndiaidh monarc Gearmánaigh: Edward VII, Rí na Ríochta Aontaithe, Impire na hIndia agus Prionsa na Breataine Bige idir 1901 agus 1910. Ba de shliocht Ghearmánach a mháthair agus a athair áfach (An Bhanríon Victoria agus an Prionsa Albert). Thairis sin, ba Bhanríon agus Bhanimpire na Prúise a dheirfiúr mhór Victoria tar éis a pósta, agus choinnigh a teideal mar Bhanphrionsa ar an Ríocht Aontaithe freisin.