“Nach bhfuil a fhios agat gur mian leo aitheasc fáilte a chur roimh Edward Rex má thagann anseo an bhliain seo chugainn. Cén fáth go bhfuilimid ag lústar le rí allúrach?”
“Ní thabharfaidh ár bhfear a ghuth ar son an aithisc,”, ar Mr O’Connor. “Taobhaíonn le clár an Náisiúnachais.”
“Nach dtabharfaidh?” ar Mr Hynes. “Fan go bhfeicfir. Tá aithne agam air. An Tricky Dickey Tierney atá i gceist?”
“Dar m’anam! B’fhéidir go bhfuil an ceart agat, Joe,” ar Mr O’Connor. “Ar aon chuma, tá súil agam nach loicfidh orainn ó thaobh an airgid atá dlite dhúinn.”
Thost an triúr. Chrom an seanfhear a chruinniú thuilleadh cnámhóg. Bhain Mr Hynes de a hata, chroith é agus d’fhill cába a chóta, gur nocht duilleog eidhneáin air.
“Dá mba beo an fear seo,” ar sé, agus é ag síneadh a mhéire ar an duilleog, “ní beadh aon chaint ar óráid fháilte ann.”
“Is fíor sin,” ar Mr O’Connor.
“Muise, mo ghraidhin an aimsir úd!” ar an seanfhear. “Bhí beocht éigean inti.”
Tháinig tost ar an tseomra arís. Ansin d’oscail fear beag bíogúil le cluasa ró-dhearga, d’oscail an doras de phreab. Sciurd anall chuig an tine agus é ag smaoisíl ag an fhuacht agus ag cuimilt a lámha lena chéile mar a bheadh ag iarraidh aithinne a bhaint astu.
“Diabhal airgid, a bhuachaillí,” ar sé.
“Suigh síos anseo, a Mhister Henchy,”[1] ar an seanfhear, a thairiscint a chathaoireach.