Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/164

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

“Cad chuige nár chuiris i gcuimhne dhó é?” a dúirt Mr O’Connor.

“Go deimhin, ní fhéadfainn dul anonn chuige agus é ag caint le Alderman Cowley. D’fhanas gur tharraingeas a shúil orm agus dúras: ‘Maidir leis an ábhar beag sin a rabhas a caint leat faoi...’ ‘Beidh sé sin i gceart, Mr H.,’ a deir sé. Dhera, is amhlaidh go bhfuil dearmad glan déanta air ag an dailtín.

“Tá uisce faoi thalamh sa cheantar sin,” a dúirt Mr O’Connor go smaointeach. “Chonaiceas an triúr díobh ag cur is ag cúiteamh le chéile faoi rud éigin inné ar choirnéal Shráid Suffolk.

“Sílim go bhfuil a fhios agam céard atá ar bun acu,” ar Mr Henchy. “Ní mór duit bheith i bhfiacha ag seanóirí na Comhairle más mian leat go dtoghfar i d’Ardmhéara thú. Ansin déanfaid Ardmhéara dhíot. Ambaiste! Ba cheart domsa dul i mo sheanóir Comhairle. Céard a cheapthaoi? An bhfuil ábhar Ardmhéara ionaim?”

Rinne Mr O’Connor gáire.

“Tá, ó thaobh fhiacha airgid...”

“Do mo thiomáint amach as Tigh an Ardmhéara,” ar Mr Henchy, “mé gléasta go péacógach, agus Jack ina sheasamh taobh thiar díom is bréagfholt púdrach air – há?”

“Agus déan rúnaí pearsanta agat díomsa, John.”

“Déanfad, agus fostód Father Keon mar shéiplíneach pearsanta agam. Beimid inár gcóisir cheart.”

“Dar mo choinsias, Mr Henchy,” a dúirt an seanfhear, “bheadh níos mó galántachta ag baint leatsa ná ag cuid díobh. Bhíos ag caint lá amháin le sean-Keegan, an doirseoir. ‘Agus conas a thaitníos do mháistir nua leat, Pat?’ ar mise leis. ‘Ní bhíonn mórán fáiltithe