Muintir Bhaile Átha Cliath/Cás Coscrach

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Muintir Bhaile Átha Cliath  (2020)  by James Joyce, translated by Domhnall Nagreine
Cás Coscrach
[ 133 ]

CÁS COSCRACH


Bhí Mister James Duffy ag cur faoi i Séipéal Iosóid[1] mar gur mhian leis bheith ina chónaí a fhad agus a d’féadfadh leis ón chathair ar shaoránach é agus mar gur shuarach, mhóiréiseach, nua-aoiseach leis gach uile bhruachbhaile eile Átha Cliath. Bhí sé ag cur faoi i seantigh stuama agus bhí radhairc aige óna fhuinneoga ar an tsean-drioglann thréigthe síos uaidh nó suas uaidh ar an abhainn thanaí a shín chun na farraige agus ar tógadh Baile Átha Cliath uirthi. Ní raibh pictiúr dá laghad ar bhallaí arda a sheomra ná brat ar an urlár. Gach ball troscáin dá raibh sa tseomra, is é féin a cheannaigh é: leaba iarainn duibh, bord níocháin iarainn, cheithre chathair cliath, cnagadán éadaí, buicéad guail, fiondar agus uirlisí tine agus tábla cearnógach a raibh deasc dhá léibheann ann. Tógadh seilfeanna adhmaid báin sa chuasán sa chaoi gur fheidhmíodar mar leabhragán. Bhí an leaba cóirithe in éadaí bána agus chlúdaigh súsa dubh agus flanndearg a bhun. Bhí scáthán beag láimhe crochta os cionn an bhord níocháin agus i rith an lae sheasadh lampa le scáthlán bán leis féin ar an mhatal. Leagadh na leabhair ar na seilfeanna bána ón bhun aníos de réir toirte. Bhí leabhar shaothar iomlán Wordsworth suite ar thaobh amháin den tseilf is ísle agus bhí cóip den Teagasc Criostaí Mhaigh Nuad suite ar an teilf is airde, é fuaite do chlúdach éadaigh leabhair nótaí. Bhíodh culaith [ 134 ]scríbhneoireachta ar an deasc i gcónaí. Istigh sa deasc bhí aistriúchán lámhscríofa de Michael Kramer le Hauptmann,[2] ar scríobhadh na treoracha stáitse le dúch corcra, agus burla duilleog a bhí ceangailte le chéile le biorán práis. Scríobhtaí abairt sna duilleoga seo ó am go chéile agus, ar uair íorónta amháin, greamaíodh ceannteideal fhógra Bile Beans[3] ar an chéad-bhileog. Scaoiltí cumhra lag nuair a osclaítí chlár na deisce - cumhra pheann luaidhe céadair nó bhuidéal guma nó úill ró-aibí a fágadh ann trí dhearmad.

Bhí an ghráin ag Mr Duffy ar rud ar bith a chuir máchail coirp ná inchinne in iúil. Déarfadh lia meánaoiseach faoi go raibh sé saturnine.[4] Léirigh a aghaidh a haois. B’aghaidh í a raibh lí donn sráideanna Átha Cliath uirthi. Ar a cheann fada agus sách mór bhí gruaig dhonn thur, agus croiméal ciarbhuí, níor chlúdaigh sé a bhéal mígheanúil go hiomlán. Thug cnámha a ghrua cuma chadránta ar a dhreach; ach ní raibh cadrántacht sna súile. An dealramh a chuireadar siúd air agus iad ag amharc amach faoina malaí ciarbhuí, fear a bhí ag lorg maitheasa ar bith i nádúr daoine eile ach a raibh díomá air go minic. Chaith sé a shaol mar a bheadh sé ar foluain achar gairid amach óna chorp féin, ag faire go hamhrasach i ndiaidh a leicinn ar a iompar féin. Bhí nós corr dírbheatháisnéiseach aige abairtí geara faoi féin a chumadh dhó féin sa tríú pearsa [ 135 ]agus san aimsir chaite. Níor thug déirc do bhacachaigh riamh agus shiúladh go docht daingean agus smíste coill ar iompar aige.

B’airgeadóir le banc priobháideach ar Shráid Bhagóid é leis na blianta. Thógadh sé an tram isteach ó Shéipéal Íosóid gach maidin. Ag meán lae théadh go caife Dan Burke do chaitheadh a lón – buidéal beorach agus trátaire beag brioscaí arrowroot. Ag a cheathair a chlog scaoiltí leis. D’itheadh a dhinnéar i dtigh béile ar Shráid Sheoirse, áit ar airigh sé slán sábhaile ó chuideachta ógra saibhir Átha Cliath, agus áit ina raibh macántacht thíriúil faoin chlár bia. Chaitheadh an oíche os comhair phianó bhean an tí nó ag spaisteoireacht ar imeall na cathrach. Mhealladh a dhúil i gceol Mozart chuig ceoldráma nó ceolchoirm é ar uairibh: ní raibh drabhlás ar bith eile aige ach iad sin.

Ní raibh cara, comrádaí ná creideamh aige. Chaith sé a shaol spioradálta gan caidreamh le daoine eile. Thugadh cuairt ar dhaoine muinteartha leis ar Ló na Nollag agus thionlacadh chun na reilige iad nuair a fhaigheadís bás. Chomhlíon an dá dhualgas shoisíaltal seo de ghrá an réitigh ach ní ghéillfeadh orlach ar bith eile do nósanna an phobail. Dar leis féin, ghoidfeadh sé óna bhanc féin ar chúinsí áirithe, ach ó tharla nár bhuail na cúinsí seo riamh leis, lean a shaol ar aghaidh go deas réidh – scéal gan eachtra.

Oíche amháin, tharla dhó ina shuí idir bheirt bhan in Amharclann an Gheata. B’olc an tuar [ 136 ]an líon beag daoine agus an ciúnas sa tigh. An bhean ina suí in aice leis, chaith súil timpeall ar an tigh leathfholamh uair nó dhó agus dúirt:

“Nach é an feall é an líon beag daoine anocht! Tá sé deacair ar dhaoine canadh do bhinsí folmha.”

Is éard a léigh sé as an fhocal, cuireadh chun cainte. B’iontas leis laghad a míchompoird. Rinne sé iarracht a haghaidh agus a cruth a chur de ghlanmheabhair agus iad ag caint. Nuair a fuair sé amach gur iníon léi an cailín óg taobh léi, mheas go raibh sí tuairim is bliain níos óige ná é féin. Ní mó ná go raibh sí dathúil tráth, agus d’fhan rian na hintleachta ar a haghaidh. B’aghaidh ubhchruthach le ceannaithe snoite í. Bhí súile gorma socra an-dorcha aici. Thug na súile a dhushlán ar dtús ach séard a tháinig salach ar an chuma ládasach seo, leáigh an mac imrisc amach san imreasc mar a bheadh ag titim i laige d'aon turas a nochtadh meoin íogair tuisceanaigh ar feadh oiread na fríde de nóiméad. Tháinig an mac imrisc chuige féin go beo go raibh an nádúr leath-nochta faoi scáth na críonachta arís, agus a seaicéad olla Qaraqul, a theann thar cíocha téagartha, chuir sé leis an chuma ládasach ar chaoi níos diongbháilte fós.

Bhuail sé léi arís cúpla seachtain ina dhiaidh sin ag ceolchoirm ar Ardán Phort an Iarla agus rug sé ar an faill chun dhéanamh móir léi am ar bith nach raibh a hiníon ag éisteach leo. Rinne sí tagairt dá fear céile uair nó dhó ach ní raibh bagairt ina glór agus í ag tagairt dó. Mrs Sinico ab ainm di. Ba as Livorno do shin-seanathair mór a fear céile. Captaen long [ 137 ]tráchtála idir Áth Cliath agus an Ísiltír ab ea a fear céile; agus bhí páiste amháin acu.

Ar chasadh faoi thrí léi dhó, fuair sé óna mhisneach dhéanamh coinne léi. Tháinig sí. Ba thús é sin le neart dálaí; dhéanaidís coinne san oíche i gcónaí agus roghnaídís na ceantair ba chiúine dá siúlóidí lena chéile. Níor thaitin uisce faoi thalamh le Mr Duffy áfach agus ó chonacthas dó gurbh éigean dóibh dul i ndáil a chéile go fáilí, chuir iallach uirthi tabhairt cuiridh dhó dá tigh. Mhol an Captaen Sinico na cuairteanna tí, mar shíl go n-iarrfadh sé a iníon air mar bhean chéile aige. Bhí a bhean chéile díbeartha chomh glan amach as stór a chuid pléisiúr is nár shamhlaigh go dtabharfadh duine ar bith eile suim inti. De bhrí go mbíodh an fear céile imithe thar sáile go minic agus go mbíodh an iníon imithe a thabhairt cheacht ceoil, bhí go leor deiseanna ag Mr Duffy le baint suilt as comhluadar na mná uaisle. Ní raibh eachtra dá leithéid aigesean ná aicise riamh roimhe agus níor fhacthas neamhfhreagracht dá laghad do cheachtar díobh. De réir a chéile, cheangail sé a smaointe féin dá smaointí siúd. Thug leabhair ar iasacht di, spreag í le smaointí nua agus nocht a shaol intleachtach dhi. Thug sí cluas do gach a dúirt sé.

Nochtadh sí gné éigin dá saol féin dó mar chúiteamh ar a theoiricí scaití. Spreagadh sí é go geanúil, beagnach mar a spreagfadh máthair lena páiste, chun a dhúchais is a mheoin a ligean glan amach: d’éirigh sí ina héisteoir faoistine aige. D’inis sé dhi gur fhreastal sé ar chruinnithe an Pháirtí Sóisialta in Éirinn ar feadh tréimhse fada, inar fhacthas é féin dó mar chadhain aonair i measc oibrithe stuama in áiléar faoi lampa ola gan mórán feidhme. Nuair a briseadh an páirtí i dtrí, [ 138 ]gach ceann díobh lena cheannaire féin agus a áiléar féin, stop sé ag freastal ar na cruinnithe. Bhí díospóireachtaí na n-oibrithe ró-fhaicheallach agus, a dúirt sé, agus chuireadar an iomarca suime i gcúrsaí pá. Mheas sé gur réalaithe doscúcha iad agus gurbh olc leo cruinneas, ar thoradh pribhléide é nach raibh teacht acusan uirthi. Ní dóigh, a dúirt sé léi, go mbuailfadh réabhlóid shóisialta ar bith Áth Cliath go ceann roinnt mhaith céadta de bhlianta.

D’fhiafraigh sí dhe cén fáth nár chuir sé a chuid smaointí ar phár. Cad chuige, a d’fhiafraigh seisean dise le tarcaisne cheansaithe. Le dul in iomaíocht le fir na bhfocal, nach bhféadfadh smaoineamh amháin a leanúint ar feadh seasca soicind? Le feannadh aicme uaisle maoile a sheasamh, dream a chuireas cúram a moráltachta ar an phóilíos agus cúram na míndán ar impreasóirí?

Thugadh sé cuairt ar a tigh beag lasmuigh d’Áth Cliath go minic; go minic chaithidís a n-oíche eatarthu féin. De réir a chéile, agus a smaointí ag fí lena chéile, labhraídís faoi ábhair níos giorra dá gcroí. B’ionann cumann na mná seo agus cré bhogthe faoi phlanda choimhthíoch. Is iomaí uair a lig sí don dorchadas titim orthu sa tseomra gan lasadh an lampa. Thugadh an seomra ciúin dorcha, an t-uaigneas, an ceol a bhíodh ag gabháil fós ina gcluasa, thugaidís le chéile iad in aon mheoin amháin. D’ardaigh an t-aontas seo é, bhain an ghairge dá nádúr, thug mothúchán dá shaol intleachtach. Scaití thugadh sé faoi deara go raibh sé ag tabhairt cluaise dhá ghuth féin. Shíl sé go n-éireodh sé go stádas na n-aingeal de réir a measa siúd, agus, de réir mar a cheangal sé aigne dhíograiseach a chompánaigh dhe féin, [ 139 ]chuala sé guth fuar aduain a d’aithin sé ar a ghuth féin ag seasamh ar uaigneas doleigheasta an anama. Nílimid le tabhairt do dhuine eile, a deir an guth: is linn féin sinn. Is é deireadh na gcainteanna seo gur rug sí go paiseanta ar a láimh oíche áirithe a raibh gach dealramh corraithe uirthi thar mar ba ghnách léi, gur fháisc lena leiceann í.

Bhain sé sin siar go mór as Mister Duffy. Chuir a léamh siúd ar a fhocal diomú air. Níor thug sé cuairt uirthi le seachtain, ansin scríobh chuici a thabhairt cuireadh chun cruinnithe dhi. Toisc nár mhian leis go mbeadh a gcoinne deiridh millte ag a bhfaoistin millte, bhuaileadar le chéile i seopa beag cáca gar do Gheata na Páirce. Tráthnóna fuar Mhéan Fómhair a bhí ann ach in ainneoin na fuachta shiúladar suas síos bóithre na Páirce ar feadh beagnach trí uaire. Toilíodar beirt bhriseadh an chumainn: gach nasc idir dhaoine, a dúirt sé, is nasc bróin é. Ar theacht go bun na Páirce dhóibh, shiúladar go tostach chuig an tram; ach ansin tháinig crith chomh tréan uirthi gur cheiliúir sé dhi go giorraisc agus d’imigh. Cúpla lá ina dhiaidh sin fuair sé beartán sa phost lena chuid leabhar agus ceoil.

Chuaigh cheithre bliana thart. D’fhill Mr Duffy ar ghnáthamh stuama a shaoil. Léirigh a sheomra ord agus dea-eagar a inchinne i gcónaí. Shalaigh roinnt píosaí nua ceoil an seastán ceoil sa tseomra thíos agus bhí dhá imleabhar le Nietzche ar a sheilfeanna: Mar sin a labhair Zarathustra agus An Ghaois Shuairc.[5] Is annamh a scríobh sé sa charn páipéar ar a dheasc. [ 140 ]Is éard a deir ceann dá fhocail, a scríobhadh dhá mhí i ndiaidh a agallamh deiridh le Missus Sinico, ní féidir grá idir fhir mar tá toirmisc ar chaidreamh collaí agus ní féidir cairdeas idir fhear agus bhean mar ní mór caidreamh collaí. Sheachain sé coirmeacha cheoil ar fhaitíos go gcasfadh léi. D’éag a athair; d’imigh leas-pháirtí an bhainc. Agus fós théadh sé isteach don chathair gach maidin ar an tram agus shiúladh abhaile ón chathair gach tráthnóna tar éis béile suaraigh ar Shráid Sheoirse ag a léadh sé nuachtán an tráthnóna in áit ithe milseoige.

Tráthnóna amháin, agus greim beag mairteola agus cabáiste á chur ina bhéal aige, stad a lámh. Chónaigh a shúile ar alt sa pháipéar oíche a theanntaigh sé i gcoinne an chrúiscín uisce. Leag sé an greim bia anuas ar a phláta gur léigh an alt go cúramach. Ansin d’ól gloine uisce, bhrúigh a phláta ar leataobh, d’fhill an nuachtán ina leath dá leagan ar an bhord faoina uillinneacha gur léigh arís agus arís eile é. Leath deascán fuair bán geire ar a phláta ón chabáiste. Tháinig an cailín anonn chuige a fhiafraí dhe arbh é gur réitíodh a dhinnéar go hamscaí. Dúirt seisean go raibh an béile go maith agus chaith cúpla bolgam le dua. Ansin d’íoc as agus d’imigh amach ar an tsráid.

Shiúl go mear faoi spéir choineascrach Mhí na Samhna, agus a mhaide tathagach coill ag bualadh na talún go rialta, corr an Mail bánbhuí ag gobadh amach as póca a chóta mór [ 141 ]dúbailte teann. Mhaolaigh sa tsiúl ar an bhóthar uaigneach ó Gheata na Páirce go Séipéal Iosóid. Níor bhuail a mhaide an talamh leis an oiread céanna fórsa agus rinne a anáil, a lig sé go stadach mar a bheadh ag osnaíl, rinne sí gal san aer fuar. Ar sroicheadh a thí dhó, chuaigh sé suas dá sheomra codlata lom díreach gur bhain amach an páipéar as a phóca a léamh na míre arís faoi sholas lag na fuinneoige. Níor léigh ós ard í, ach léigh mar a dhéanfadh sagart ag léamh paidreacha rúnda an Oratorio Secreto, is é sin léigh sé le corraí tostach na liopaí. Seo an mhír:

BÁS MNÁ AR PHARÁID SYDNEY

CÁS COSCRACH

Rinne an Leaschróinéir scrúdú iarbháis ar chorp Mrs Emily Sinico, dá fhichead bliain d’aois, a maraíodh ag Stáisiún Pharáid Sydney oíche aréir. Léirigh an fhianaise gur leag an traein mhall a deich a chloig go Dún Laoghaire, gur leag an bhean go talamh agus í ag trasnú na líne, agus go bhfuair sí bás as gortú dá cloigeann agus dá taobh mar gheall air.

Dúirt James Lennon, tiománaí na traenach, go raibh sé i bhfostaíocht an chomhlacht iarnróid le chúig bliana déag anuas. Ar cloisteáil fheadóg an gharda traenach dhó chuir sé an traein faoi shiúl agus stop sé soicind nó dhó ina dhiaidh sin í nuair a chuala sé screadadh ard. Bhí an traein ag gluaiseacht go mall. [ 142 ]Dhearbhaigh P. Dunne, giolla stáisiúin go bhfaca bean ag iarraidh dula trasna na línte agus an traein ag dul chun siúil. Rith sé chuici agus chuir béic uirthi, ach, sular tháinig uirthi, bhuail cosantóir inneall na traenach í agus thit sí go talamh.

Coisteoir: "Chonaicis ag titim í?"

Finné: "Chonaiceas."

Theistigh Sáirsint na bPóilíní Croly go bhfuair sé an bhean sínte ar an talamh gan aithne gan urlabhra de réir dealraimh. Thug sé an corp don tseomra feithimh i gcóir an otharchairr.

Luigh póilín 57E leis an teistíocht sin.

Thug an Doc. Halpin, leas-mháinlia City of Dublin Hospital,[6] thug le fios go raibh dhá easna briste ar an bhean nach maireann agus gur fhulaing sí brú mór dá gualainn dheas. Gortaíodh an taobh deas dá cloigeann sa tuairt in éadan na talún. Níor leor na gortaithe chun go dtiocfadh bás as i gcás gnáthdhuine. Is é a thuairim gur éag sí den gheit agus de chliseadh tobann an chroí.

Dúirt Mister H. B. Patterson Finlay, thar cheann an chomhlacht iarnróid, gur mór an trua air faoinar tharla. Rinne an comhlacht gach iarracht riamh cosc daoine ar dhul trasna na línte ach amháin ag droichid, trí chrochadh fógraí i ngach stáisiúin agus trí chur ar fáil luascgheataí paitinne ag crosairí comhréidhe. Bhí sé de nós ag an bhean nach maireann siúl trasna na línte ó ardán go hardán i gcoim na hoíche, agus, i ngeall ar [ 143 ]thoscaí áirithe an cháis, níor dóigh leis gur ar ionadaithe an iaranróid a bhí an locht.

Thug an Caiptín Sinico as Leoville, Ascaill Pharáid Syndney, fear céille na mná nach maireann, thug fianaise freisin. Dhearbhaigh gurbh í a bhean chéile an bhean. Ní raibh in Áth Cliath nuair a tharla an tubaiste mar go raibh sé díreach tagtha i dtír as Rotterdam an mhaidin sin. Bhí sé pósta léi le dhá bhliain is fiche anuas, agus bhí saol sona acu lena chéile go tuairim is dhá bhliain ó shin, nuair a d’éirigh a bhean sách ainmheasartha ó thaobh a nósanna dhe.

Shonraigh Miss Mary Sinico go mbíodh nós ag a máthair dul amach go déanach san oíche a cheannach alcóil le gairid. Rinne sí iarracht chur céille inti agus chuir ina luí uirthi dul isteach i gcumann.[7] Ní raibh sí sa bhaile go huair tar éis na timpiste. Thug an coiste cúirte breith a chuir le toradh an scrúdú iarbháis, i. Shaor Lennon ó gach milleán.

Dúirt an Leaschróinéir gur cás coscrach é amach is amach, agus dúirt leis an Chaiptéan Sinic agus lena iníon nár maith leis a dtrioblóid. Mhol sé don chomlacht iarnóid beartais láidre a chur ar bun i gcoinne tubaistí eile dá sórt sa todhchaí. Níor lochtaíodh duine ar bith.

D'ardaigh Mr Duffy a shúile den pháipéar nuaíochta, gur stán amach an fhuinneog ar thírdreach faoi sholas spéir dhubhach thús na hoíche. Os a chomhair bhí uisce ciúin na habhann faoin dhrioglann fholamh agus taibhsigh solas i gceann de na tithe ar Bhóthar Leamhcáin ó am go ham. A leithéid de chríoch! [ 144 ]Chuir scéal uile a báis déistin air agus b'olc leis gur labhair riamh léi faoi na rudaí ba bheannaithe leis. Na habairtí folamha, na focail súchaite comhbhróin, cur síos faichilleach tuaraisceora nuaíochta a cuireadh ina luí air siúd gan nochtadh sonraí lodartha báis suaraigh, chuireadar fonn múisce air. Ní hamháin gur mhaslaigh sí í féin; mhaslaigh eiseann chomh maith. Chonacthas réim bhrocach a duáilce dhó, bocht agus bréan. A anamchara! Smaoinigh ar na hainniseoirí bacacha a chonaic ag iompar cannaí agus buidéal don fhear beáir a líonadh. A Dhia na glóire, a leithéid de chríoch. Ba léir nach raibh sé de mhianach inti tabhairt faoin tsaol, nach raibh misneach dá laghad aici, gubh fhurasta a cur i ngreim ag an drabhlás, gur cheann de na fothraigh í ar ar tógadh an tsochaí. Ach cén chaoi a d'fhéadfadh sí í féin a ísliú don phointe sin? Arbh é gur chuir sé dallach dubh air féin ar fad fúithi? Chuimhnigh ar a racht macnais an oíche sin agus bhain tuairm níos déine as ná mar a bhain riamh. Níor mhíthrócaireach leis ar chor ar bith anois an beart a rinne sé.

Le dorchú an tseomra agus le fánaíocht a smaointe ar an am a chuaigh thart, shíl sé gur theagmhaigh a lámh siúd lena láimhsa. An gheit a bhain a ghoile dhe, bhí sí ag goilleadh ar a intinn anois. Chuir sé air a chóta mór agus a hata go tapaigh, gur chuaigh amach. Bhuail an t-aer fuar leis ar an tairseach; snámh suas muinchillí a chóta. Nuair a tháinig sé a fhad leis an tigh tábhairne ar Dhroichead Shéipéal Iosóid, chuaigh isteach agus d’iarr puins the.

D'fhreastail fear an tsiopa go lústrach air ach [ 145 ]níor thriall caint a chur air. Bhí cúigear nó seisear fear oibre sa tigh ag cur luacha eastáit fir uasail i gContae Chill Dara trí chéile. D'óladar anois is arís as a dtimbléir ábhala agus chaitheadar tobac. Chaitheadar seilí ar an urlár go minic agus scaití tharraingíodar min sáibh thar a seile lena mbróga troma. D'fhan Mr Duffy ina shuí ar a stól agus stán orthu, gan a bhfeiceáil ná a gcloisteáil. D'imíodar tar éis tamaill agus d'iarr sé puins eile. Chrom os a cionn gan a blaiseadh. Bhí an teach an-chiúin. D'fhan fear an tí cromtha go marbhánta ar an chuntar ag léamh an Herald agus ag méanfach. Bhí tram le cloisteáil anois is arís ag siosarnach suas an bóthar uaigneach lasmuigh.

Agus é ansin ag meabhrú siar ar a shaol ina comhluadar agus ar an dá shamhail a mhair di anois aige, thuig go raibh sí marbh, nach raibh sí ann níos mó, nach raibh fágtha dhi ach cuimhne. D’éirigh míshuaimhneach. Ní fheadair céard eile a d’fhéadfadh déanamh. Ní fhéadfadh leanúint leis an chur i gcéill amaideach léi; ní fhéadfadh dul amach go hoscailte léi. Bheartaigh sé mar ba chóra leis féin. Cén cháineadh a bhí tuillte aige? Anois agus í imithe thuig sé a uaigní is a bhí a saol – ina suí ina haonar oíche i ndiaidh oíche sa tseomra sin. Bheadh saol uaigneach aigesean chomh maith, go bhfaigheadh féin bás, go nach mbeadh ann, go nach mbeadh fágtha dhe ach cuimhne, dá mbeadh cuimhne ag duine ar bith air.

Bhí sé tar éis a naoi a chlog nuair a d’fhág sé an siopa. Bhí an oíche fuar agus gruama. Chuaigh isteach sa Pháirc tríd an chéad-gheata agus shiúl faoi na [ 146 ]crainn loma. Shiúl suas cosáin feidheartha ar shiúladar ceithre bliana roimhe sin. Taibhsíodh dhó go raibh sí in aice leis sa dorchadas. Ar uairibh shíl gur airigh a guth ar a chluais, gur theagmhaigh a lámh lena láimhsa. Stop a éisteach. Cad chuige ar cheil sé a beo uirthi; cad chuige ar dhaor chun báis í? Bhí a fhealsúnacht mhorálta ag titim óna céile.

Ar baint barr chnoc Dhún na hArmlainne amach dhó, stop a bhreathnú síos an abhainn i treo Átha Cliath, lena soilsí a lonraigh solas fáilteach i leith na deirge san oíche fhuar. D’fhéach síos fána an chnoic agus, ag a bhun, faoi scáth bhalla na Páirce, chonaic fíortha daoine ina luí ar an talamh. Chuir na caidrimh shocheannaithe ós íseal seo in éadóchas é ar fad. Ba bheag air fíréantacht a shaol; chonachtas dó gur díbríodh as féasta an tsaoil é. Thug neach daonna amháin grá dhó agus cheil saol agus sonas uirthi: dhaor chun a míchlú í: bás náireach. Thuig sé go raibh na fíortha faona faoin bhalla á fhaire agus gur mhaith leo go n-imeodh sé leis. Níor theastaigh sé ó aon duine, bhí sé ina dhíbeartach ó fhleá an tsaoil. Bhain sé a shúile dhíobh siúd faoin bhalla gur fhéach i dtreo na habhann glioscarnaí, a shnigh i dtreo Átha Cliath. Thar an abhainn chonaic sé traein earraí ag sní as Kingsbridge Station mar a bheadh péist le ceann tintrí ag snámh tríd an dorchadas ann, go dúr dícheallach. D’imigh go mall as radharc; ach chuala sé gnúsacht saothrach a hinnill ag rá siollaí a hainm arís is arís eile. [ 147 ]Chas sé ar a ais, agus dordán an innill ag athfhuaimniú ina chluasa. Tháinig amhras air faoina chuimhní cinn. Stop faoi chrann agus lig don rithim síothlú. Níor mhothaigh sé í sa dorchadas. D’fhan sé roinnt maith nóiméad ag éisteach. Níor chuala aon ní: bhí an oíche chomh ciúin leis an bhás, d’éist arís: dada. Bhí sé ina chadhan aonraic.

Gluais[edit]

  1. Chapelizod an Anglú ar an logainm. Tógann an áit a hainm as an tséipéal a tógadh in onóir Ísóid (Izold/Esyllt/Iseult/Isolde) ón fhinscéal tragóideach faoi ghrá Tristan agus Izold. Deirtear gurbh as an áit seo dhi.
  2. Dráma Gearmánach (1900) le Gerhart Hauptmann. Mac an phríomhcharachtair, cuireann sé lámh ina bhás féin. Tugann a athair faoi deara gur theip sé ar a mhac agus nár thug dóthain grá dhó.
  3. cógas leighis a bhíodh an-díol air. Tháinig sé i bhfios an phobail ó 1903 i leith go raibh rath an táirge bunaithe ar bhréag: bhí sé déanta as ábhair a bhí le fáil go coitianta i gcógaslanna ag an am, agus ní as planda nárbh eolas ag duine ar bith eile ach bundúchasaigh na hAstráile air, agus a d’aimsigh poitigéir bréagach darb ainm Charles Ford, mar a mhaígh an comhlacht. In ainneoin na conspóide sin, lean rath an chomhlachta go lár na mblianta 1980, a bhuíochas gan dabht le feachtas láidir fógraíochta sna páipéir nuachta (w:en:Bile Beans).
  4. dúnárasach, fuarchúiseach, gruama. Ceann de lionnta na fola, bunaithe ar an phláinéad Satairn (wikt:en:saturnine).
  5. Also sprach Zarathustra [:Ein Buch für Alle und Keinen] agus Die fröhliche Wissenschaft le Friedrich Wilhelm Nietzsche (1844 –1900).
  6. Ospidéal Ríoga Chathair Bhaile Átha Cliath. Sean-ospidéal ar Shráid Bhagóid Uachtarach. Is ionad teiripe anois é.
  7. bhí staonadh ón ól ina phrionsabal lárnach ag formhór na gcumann carthanachta ag an am. Níor mhór do dhaoine nua móid a thabhairt.
  This is a translation and has a separate copyright status from the original text. The license for the translation applies to this edition only.
Original:

This work is in the public domain in the United States because it was published before January 1, 1929.


The author died in 1941, so this work is also in the public domain in countries and areas where the copyright term is the author's life plus 80 years or less. This work may also be in the public domain in countries and areas with longer native copyright terms that apply the rule of the shorter term to foreign works.

Public domainPublic domainfalsefalse

Translation:

This work is licensed under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 Unported license.