Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/146

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

Dhearbhaigh P. Dunne, giolla stáisiúin go bhfaca bean ag iarraidh dula trasna na línte agus an traein ag dul chun siúil. Rith sé chuici agus chuir béic uirthi, ach, sular tháinig uirthi, bhuail cosantóir inneall na traenach í agus thit sí go talamh.

Coisteoir: "Chonaicis ag titim í?"

Finné: "Chonaiceas."

Theistigh Sáirsint na bPóilíní Croly go bhfuair sé an bhean sínte ar an talamh gan aithne gan urlabhra de réir dealraimh. Thug sé an corp don tseomra feithimh i gcóir an otharchairr.

Luigh póilín 57E leis an teistíocht sin.

Thug an Doc. Halpin, leas-mháinlia City of Dublin Hospital,[1] thug le fios go raibh dhá easna briste ar an bhean nach maireann agus gur fhulaing sí brú mór dá gualainn dheas. Gortaíodh an taobh deas dá cloigeann sa tuairt in éadan na talún. Níor leor na gortaithe chun go dtiocfadh bás as i gcás gnáthdhuine. Is é a thuairim gur éag sí den gheit agus de chliseadh tobann an chroí.

Dúirt Mister H. B. Patterson Finlay, thar cheann an chomhlacht iarnróid, gur mór an trua air faoinar tharla. Rinne an comhlacht gach iarracht riamh cosc daoine ar dhul trasna na línte ach amháin ag droichid, trí chrochadh fógraí i ngach stáisiúin agus trí chur ar fáil luascgheataí paitinne ag crosairí comhréidhe. Bhí sé de nós ag an bhean nach maireann siúl trasna na línte ó ardán go hardán i gcoim na hoíche, agus, i ngeall ar

  1. Ospidéal Ríoga Chathair Bhaile Átha Cliath. Sean-ospidéal ar Shráid Bhagóid Uachtarach. Is ionad teiripe anois é.