Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/147

From Wikisource
This page has been proofread.

thoscaí áirithe an cháis, níor dóigh leis gur ar ionadaithe an iaranróid a bhí an locht.

Thug an Caiptín Sinico as Leoville, Ascaill Pharáid Syndney, fear céille na mná nach maireann, thug fianaise freisin. Dhearbhaigh gurbh í a bhean chéile an bhean. Ní raibh in Áth Cliath nuair a tharla an tubaiste mar go raibh sé díreach tagtha i dtír as Rotterdam an mhaidin sin. Bhí sé pósta léi le dhá bhliain is fiche anuas, agus bhí saol sona acu lena chéile go tuairim is dhá bhliain ó shin, nuair a d’éirigh a bhean sách ainmheasartha ó thaobh a nósanna dhe.

Shonraigh Miss Mary Sinico go mbíodh nós ag a máthair dul amach go déanach san oíche a cheannach alcóil le gairid. Rinne sí iarracht chur céille inti agus chuir ina luí uirthi dul isteach i gcumann.[1] Ní raibh sí sa bhaile go huair tar éis na timpiste. Thug an coiste cúirte breith a chuir le toradh an scrúdú iarbháis, i. Shaor Lennon ó gach milleán.

Dúirt an Leaschróinéir gur cás coscrach é amach is amach, agus dúirt leis an Chaiptéan Sinic agus lena iníon nár maith leis a dtrioblóid. Mhol sé don chomlacht iarnóid beartais láidre a chur ar bun i gcoinne tubaistí eile dá sórt sa todhchaí. Níor lochtaíodh duine ar bith.

D'ardaigh Mr Duffy a shúile den pháipéar nuaíochta, gur stán amach an fhuinneog ar thírdreach faoi sholas spéir dhubhach thús na hoíche. Os a chomhair bhí uisce ciúin na habhann faoin dhrioglann fholamh agus taibhsigh solas i gceann de na tithe ar Bhóthar Leamhcáin ó am go ham. A leithéid de chríoch!

  1. bhí staonadh ón ól ina phrionsabal lárnach ag formhór na gcumann carthanachta ag an am. Níor mhór do dhaoine nua móid a thabhairt.