Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/148

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

Chuir scéal uile a báis déistin air agus b'olc leis gur labhair riamh léi faoi na rudaí ba bheannaithe leis. Na habairtí folamha, na focail súchaite comhbhróin, cur síos faichilleach tuaraisceora nuaíochta a cuireadh ina luí air siúd gan nochtadh sonraí lodartha báis suaraigh, chuireadar fonn múisce air. Ní hamháin gur mhaslaigh sí í féin; mhaslaigh eiseann chomh maith. Chonacthas réim bhrocach a duáilce dhó, bocht agus bréan. A anamchara! Smaoinigh ar na hainniseoirí bacacha a chonaic ag iompar cannaí agus buidéal don fhear beáir a líonadh. A Dhia na glóire, a leithéid de chríoch. Ba léir nach raibh sé de mhianach inti tabhairt faoin tsaol, nach raibh misneach dá laghad aici, gubh fhurasta a cur i ngreim ag an drabhlás, gur cheann de na fothraigh í ar ar tógadh an tsochaí. Ach cén chaoi a d'fhéadfadh sí í féin a ísliú don phointe sin? Arbh é gur chuir sé dallach dubh air féin ar fad fúithi? Chuimhnigh ar a racht macnais an oíche sin agus bhain tuairm níos déine as ná mar a bhain riamh. Níor mhíthrócaireach leis ar chor ar bith anois an beart a rinne sé.

Le dorchú an tseomra agus le fánaíocht a smaointe ar an am a chuaigh thart, shíl sé gur theagmhaigh a lámh siúd lena láimhsa. An gheit a bhain a ghoile dhe, bhí sí ag goilleadh ar a intinn anois. Chuir sé air a chóta mór agus a hata go tapaigh, gur chuaigh amach. Bhuail an t-aer fuar leis ar an tairseach; snámh suas muinchillí a chóta. Nuair a tháinig sé a fhad leis an tigh tábhairne ar Dhroichead Shéipéal Iosóid, chuaigh isteach agus d’iarr puins the.

D'fhreastail fear an tsiopa go lústrach air ach