níor thriall caint a chur air. Bhí cúigear nó seisear fear oibre sa tigh ag cur luacha eastáit fir uasail i gContae Chill Dara trí chéile. D'óladar anois is arís as a dtimbléir ábhala agus chaitheadar tobac. Chaitheadar seilí ar an urlár go minic agus scaití tharraingíodar min sáibh thar a seile lena mbróga troma. D'fhan Mr Duffy ina shuí ar a stól agus stán orthu, gan a bhfeiceáil ná a gcloisteáil. D'imíodar tar éis tamaill agus d'iarr sé puins eile. Chrom os a cionn gan a blaiseadh. Bhí an teach an-chiúin. D'fhan fear an tí cromtha go marbhánta ar an chuntar ag léamh an Herald agus ag méanfach. Bhí tram le cloisteáil anois is arís ag siosarnach suas an bóthar uaigneach lasmuigh.
Agus é ansin ag meabhrú siar ar a shaol ina comhluadar agus ar an dá shamhail a mhair di anois aige, thuig go raibh sí marbh, nach raibh sí ann níos mó, nach raibh fágtha dhi ach cuimhne. D’éirigh míshuaimhneach. Ní fheadair céard eile a d’fhéadfadh déanamh. Ní fhéadfadh leanúint leis an chur i gcéill amaideach léi; ní fhéadfadh dul amach go hoscailte léi. Bheartaigh sé mar ba chóra leis féin. Cén cháineadh a bhí tuillte aige? Anois agus í imithe thuig sé a uaigní is a bhí a saol – ina suí ina haonar oíche i ndiaidh oíche sa tseomra sin. Bheadh saol uaigneach aigesean chomh maith, go bhfaigheadh féin bás, go nach mbeadh ann, go nach mbeadh fágtha dhe ach cuimhne, dá mbeadh cuimhne ag duine ar bith air.
Bhí sé tar éis a naoi a chlog nuair a d’fhág sé an siopa. Bhí an oíche fuar agus gruama. Chuaigh isteach sa Pháirc tríd an chéad-gheata agus shiúl faoi na