Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/140

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

an líon beag daoine agus an ciúnas sa tigh. An bhean ina suí in aice leis, chaith súil timpeall ar an tigh leathfholamh uair nó dhó agus dúirt:

“Nach é an feall é an líon beag daoine anocht! Tá sé deacair ar dhaoine canadh do bhinsí folmha.”

Is éard a léigh sé as an fhocal, cuireadh chun cainte. B’iontas leis laghad a míchompoird. Rinne sé iarracht a haghaidh agus a cruth a chur de ghlanmheabhair agus iad ag caint. Nuair a fuair sé amach gur iníon léi an cailín óg taobh léi, mheas go raibh sí tuairim is bliain níos óige ná é féin. Ní mó ná go raibh sí dathúil tráth, agus d’fhan rian na hintleachta ar a haghaidh. B’aghaidh ubhchruthach le ceannaithe snoite í. Bhí súile gorma socra an-dorcha aici. Thug na súile a dhushlán ar dtús ach séard a tháinig salach ar an chuma ládasach seo, leáigh an mac imrisc amach san imreasc mar a bheadh ag titim i laige d'aon turas a nochtadh meoin íogair tuisceanaigh ar feadh oiread na fríde de nóiméad. Tháinig an mac imrisc chuige féin go beo go raibh an nádúr leath-nochta faoi scáth na críonachta arís, agus a seaicéad olla Qaraqul, a theann thar cíocha téagartha, chuir sé leis an chuma ládasach ar chaoi níos diongbháilte fós.

Bhuail sé léi arís cúpla seachtain ina dhiaidh sin ag ceolchoirm ar Ardán Phort an Iarla agus rug sé ar an faill chun dhéanamh móir léi am ar bith nach raibh a hiníon ag éisteach leo. Rinne sí tagairt dá fear céile uair nó dhó ach ní raibh bagairt ina glór agus í ag tagairt dó. Mrs Sinico ab ainm di. Ba as Livorno do shin-seanathair mór a fear céile. Captaen long