Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/141

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

tráchtála idir Áth Cliath agus an Ísiltír ab ea a fear céile; agus bhí páiste amháin acu.

Ar chasadh faoi thrí léi dhó, fuair sé óna mhisneach dhéanamh coinne léi. Tháinig sí. Ba thús é sin le neart dálaí; dhéanaidís coinne san oíche i gcónaí agus roghnaídís na ceantair ba chiúine dá siúlóidí lena chéile. Níor thaitin uisce faoi thalamh le Mr Duffy áfach agus ó chonacthas dó gurbh éigean dóibh dul i ndáil a chéile go fáilí, chuir iallach uirthi tabhairt cuiridh dhó dá tigh. Mhol an Captaen Sinico na cuairteanna tí, mar shíl go n-iarrfadh sé a iníon air mar bhean chéile aige. Bhí a bhean chéile díbeartha chomh glan amach as stór a chuid pléisiúr is nár shamhlaigh go dtabharfadh duine ar bith eile suim inti. De bhrí go mbíodh an fear céile imithe thar sáile go minic agus go mbíodh an iníon imithe a thabhairt cheacht ceoil, bhí go leor deiseanna ag Mr Duffy le baint suilt as comhluadar na mná uaisle. Ní raibh eachtra dá leithéid aigesean ná aicise riamh roimhe agus níor fhacthas neamhfhreagracht dá laghad do cheachtar díobh. De réir a chéile, cheangail sé a smaointe féin dá smaointí siúd. Thug leabhair ar iasacht di, spreag í le smaointí nua agus nocht a shaol intleachtach dhi. Thug sí cluas do gach a dúirt sé.

Nochtadh sí gné éigin dá saol féin dó mar chúiteamh ar a theoiricí scaití. Spreagadh sí é go geanúil, beagnach mar a spreagfadh máthair lena páiste, chun a dhúchais is a mheoin a ligean glan amach: d’éirigh sí ina héisteoir faoistine aige. D’inis sé dhi gur fhreastal sé ar chruinnithe an Pháirtí Sóisialta in Éirinn ar feadh tréimhse fada, inar fhacthas é féin dó mar chadhain aonair i measc oibrithe stuama in áiléar faoi lampa ola gan mórán feidhme. Nuair a briseadh an páirtí i dtrí,