Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/143

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

chuala sé guth fuar aduain a d’aithin sé ar a ghuth féin ag seasamh ar uaigneas doleigheasta an anama. Nílimid le tabhairt do dhuine eile, a deir an guth: is linn féin sinn. Is é deireadh na gcainteanna seo gur rug sí go paiseanta ar a láimh oíche áirithe a raibh gach dealramh corraithe uirthi thar mar ba ghnách léi, gur fháisc lena leiceann í.

Bhain sé sin siar go mór as Mister Duffy. Chuir a léamh siúd ar a fhocal diomú air. Níor thug sé cuairt uirthi le seachtain, ansin scríobh chuici a thabhairt cuireadh chun cruinnithe dhi. Toisc nár mhian leis go mbeadh a gcoinne deiridh millte ag a bhfaoistin millte, bhuaileadar le chéile i seopa beag cáca gar do Gheata na Páirce. Tráthnóna fuar Mhéan Fómhair a bhí ann ach in ainneoin na fuachta shiúladar suas síos bóithre na Páirce ar feadh beagnach trí uaire. Toilíodar beirt bhriseadh an chumainn: gach nasc idir dhaoine, a dúirt sé, is nasc bróin é. Ar theacht go bun na Páirce dhóibh, shiúladar go tostach chuig an tram; ach ansin tháinig crith chomh tréan uirthi gur cheiliúir sé dhi go giorraisc agus d’imigh. Cúpla lá ina dhiaidh sin fuair sé beartán sa phost lena chuid leabhar agus ceoil.

Chuaigh cheithre bliana thart. D’fhill Mr Duffy ar ghnáthamh stuama a shaoil. Léirigh a sheomra ord agus dea-eagar a inchinne i gcónaí. Shalaigh roinnt píosaí nua ceoil an seastán ceoil sa tseomra thíos agus bhí dhá imleabhar le Nietzche ar a sheilfeanna: Mar sin a labhair Zarathustra agus An Ghaois Shuairc.[1] Is annamh a scríobh sé sa charn páipéar ar a dheasc.

  1. Also sprach Zarathustra [:Ein Buch für Alle und Keinen] agus Die fröhliche Wissenschaft le Friedrich Wilhelm Nietzsche (1844 –1900).