Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/151

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

Chas sé ar a ais, agus dordán an innill ag athfhuaimniú ina chluasa. Tháinig amhras air faoina chuimhní cinn. Stop faoi chrann agus lig don rithim síothlú. Níor mhothaigh sé í sa dorchadas. D’fhan sé roinnt maith nóiméad ag éisteach. Níor chuala aon ní: bhí an oíche chomh ciúin leis an bhás, d’éist arís: dada. Bhí sé ina chadhan aonraic.