Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/159

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

“Ó, duine níos slime ní bhfaighfeá,” ar Mr Hynes. “Ní gan ábhar na súile beaga muice sin aige. Mallacht Dé air! Nach bhféadfadh sé íoc a bhfuil tuillte dhúinn mar a dhéanfadh fear, in áit: ‘Ó, anois, Mr Henchy, caithfead labhairt le Mr Fanning... Tá a lán airgid caite agam’? An snasairín bróg suarach buí! Ní bheidh ifreann lán go dté sé ann! Déarfainn go bhfuil sé dearmadta aige an tráth ba shiopadóir seanéadaí ar Lána Mhuire a athairín cranda.”

“Ach an fíor sin?” a d’fhiafraigh Mr O Connor.

“Go deimhin féin, is fíor,” ar Mr Henchy. “Nár chualais sin riamh? Agus théadh na fir isteach maidin Domhnach sula mbíodh na tithe ar oscailt a cheannach veiste nó treabhsair – mar dhia! Ach bhíodh tricky buidéal beag dubh thuas i gcoirnéal ag athairín Tricky Dicky i gcónaí. An dtuigir? Sin sin. Is ann a d’fhoghlaim seisean a cheird.”

D’fhill an seanfhear le cúpla cloch guail gur leag anseo is ansiúd ar an tine iad.

“Nach deas an scéal sin,” ar Mr O’Connor. “Conas atá sé ag brath ar obair uainn mura gcuireann a lámh ina phóca?

“Níl neart agam air,” ar Mr Henchy. “Is dóigh liom go mbeidh na báillí sa halla nuair a bhainim mo bhaile amach.”

Rinne Mr Hynes gáire agus, ag brú é féin amach ón mhatal lena ghuaillí dhó, chuir gothaí imeachta air féin.

“Beidh sé ceart go leor nuair a thiocfaidh King Eddie,” ar sé. Well, a bhuachaillí, buailfead bóthair go ceann tamaill. Feicfead ar ball sibh. ’Bye, ’bye.

Shiúl go mall ón tseomra. Ní dúirt