Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/172

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

“Is é, go deimhin!” ar Mr Henchy.

Shuigh Mr Hynes síos ar chorr an tábla i bhfogas Mr Lyons ach d’fhan ina thost.

“Seo duine dhíobh, ar aon chuma,” a dúirt Mr Henchy, “nár thréig é. Muise, déarfad an méad seo i do thaobh, Joe! Arú, ambaiste, d’fhanais dílis dó mar a dhéanfadh fear!”

“Ó, Joe,” a dúirt Mr O’Connor gan choinne. “Tabhair dúinn an rud sin a scríobhais – an gcuimhnír? An bhfuil sé leat anois i do sheilbh agat?

“Sea, tabhair!” ar Mr Henchy. “Abair sin dúinn. Ar chualais sin riamh, Crofton? Éist le seo anois: rud iontach.”

“Gabh i leith,” a dúirt Mr O’Connor. “Ar aghaidh leat, Joe.”

Shílfeá nár chuimhin le Mr Hynes an aiste ar a rabhadar ag trácht ach, i ndiaidh nóiméad machnaimh, a dúirt sé:

“Ó, an rud sin an é?... Muise, tá sé sin seanchaite anois.”

“Amach leis, a fhir!” a dúirt Mr O’Connor.

“Fuistighí, fuistigh” ar Mr Henchy. “Anois, Joe!”

Rinne Mr Hynes dóbartaíl ar feadh scaithimh eile. Ansin, faoi mharbhchiúnas an tseomra, bhain de a hata, leag ar an bhord é gur sheas suas. Bhí an chuma air go raibh sé ag cleachtadh ruda éigin ós íseal. Tar éis tosta fada d’fhógair:

BÁS PARNELL
6 MEÁN FÓMHAIR 1891

Rinne cúpla casacht bheag nó gur thosaigh: