Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/170

From Wikisource
This page has been proofread.

agus na monarchana. Airgead atá de dhíobháil orainn.”

“Ach, éist uaim, John,” a dúirt Mr O’Connor. “Cad is call dúinn cur fáilte roimh Rí Shacsana. Nach ndúirt Parnell féin...”[1]

“Tá Parnell,” a dúirt Mr Henchy, “marbh. Anois, seo mo dhearcadh air. Diúlach a tháinig i gcoróin tar éis a coinneála uaidh go raibh sé liath ag a mháthair.[2] Is fear a thuigeas an saol é, agus tá deá-mhéin aige dhúinn. Is fear breá lách é, de réir mo bharúla, agus níl aon áiféis ag baint leis. A deir sé leis féin: ‘Níor thug an tseanchailleach cuairt ar na hÉireannaigh fiáine riamh. Dar Chríost, rachadsa anonn a chur aithne orthu.’ Agus an bhfuilimidne ag tionscnamh a mhaslaithe nuair a thagas sé anseo ar cuairt cairdis? Ea? Nach fíor sin, Crofton?”

Chlaon Mr Crofton a cheann.

“Ach i ndeireadh na dála,” ar Mr Lyons go haighneasach, “níl saol an Rí Edward, an bhfuil fhios agat, ní sé thar a bheith...”

“An rud atá thart bíodh thart,” a dúirt Mr Henchy. “Ó mo thaobh féin de, tá an-mheas agam air. Is gnáth-pheacach an tsaoil é, fearacht tusa agus mise. Tá dúil aige i ngloine óil agus is cineál bhuachaill báire é,[3] b’fhéidir, agus is fear mór spóirt é. As ucht Dé, nach bhfuil cothrom na Féinne ionainn sa tír seo?”

“Tá go breá,” a dúirt Mr Lyons. “Ach féach cás Parnell anois.”

“As ucht Dé,” a dúirt Mr Henchy, “ach céard í an chosúlacht idir an dá chás?”

  1. Charles Steward Parnell (1846 -1891). Sloinne Sacsanach a bhaineas le sliocht uasal ó Shacsana. Ní fios don aistritheoir seo céard a dúirt Parnell i leith aon Mhonarc den Ríocht Aontaithe. Mar sin féin, ba Náisiúnach Éireannach é a throid ar son neamhspleáchas na hÉireann ó rialtas na Breataine. Má ghlac sé an bealach síochánta féin le troid ar son neamhspleáchas na hÉireann (féach feachtas Home Rule), ní raibh sa mhéad sin ach an réiteach is éifeachtaí dá aidhm. Go deimhin féin, roimh a sheal i bpríosún (1881-1882) agus freisin tar éis chailliúint ghuth an mhóraimh (mar thoradh ar scannal a adhaltranais), thaobhaigh sé le grúpaí radacacha ar nós Óglaigh na hÉireann. In ainneoin chúlra choilíneach a shinsear, is cosúil go raibh an chloch sa mhuinchille aige ar Shacsana, áit ar cuireadh ar scoil é i ndiaidh cholscaradh a mhuintire. Sampla dá fhaltanas ar urlámhas Shacsana: scríobh sé litir a ghríosú leis an fheachtas cáiliúil coinnealbháite i gcoinne an Tiarna Boycott i Maigh Eó. Ní dóigh mar sin go mbeadh sé i bhfabhar theacht Edward VII go hÉirinn i 1903 dá mba fós beo é.
  2. tháinig i gcoróin tar éis a coinneála uaidh [...] ag a mháthair: chuaigh Edward VII i gcoróin in Eanáir 1901 in aois a naoi mbliana is leathchéad, i ndiaidh bhás a mháthar Victoria.
  3. is cineál bhuachaill báire é: measann starraí amháin go raibh 55 leannán aige ar a laghad ( Camp, Anthony (2007), Royal Mistresses and Bastards: Fact and Fiction, 1714–1936.). Bhí neart caidreamh aige le mná éagsúla agus é pósta (phós sé Alexandra i 1863), ach ní fios cén saghas caidrimh, mar níor labhair sé go hoscailte fúthu. Bhain Edward VII clú an scódaí amach den chéad uair i 1861 lena eachtra le Nellie Cliften in Éirinn agus é ar inlíocht mhíleata sa tír. Fuair a athair bás coicís tar éis teacht ar cuairt chuige dá sciolladh in Cambridge, rud nár mhaith a mháthair riamh dhó (w:en:Edward VII#Early adulthood).