Jimín/6

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Jimín by Pádraig Ó Siochfhradha
Lá an Dreoilín
[ 41 ]

CAIBIDIL VI

Lá an Dreoilín

NUAIR a ḃí an dinnéar caite agam Lá Nollag ċuas ar lorg Ṁicilín Eoin. Ṫugamar tamall ag caiṫeaṁ caiḋtí agus tamall eile ag caiṫeaṁ tobac as ṗíopa a fuair Micilín ag dul amú i bpóca a aṫar.

Nuair a ḃí an tobac caite againn ḃíomar ag iarraiḋ cuiṁneaṁ ar cad a ḋéanfaimis.

Ḃíomar i ḃfad ag cuiṁneaṁ ar Rudaí aċ ceann acu ní raiḃ ċun ár sásaiṁ. Sa deireaḋ d’éistíomar ar fad. Sin é an uair a riṫ an Rud im aigne féin.

“Hanaman scian, a Ṁicilín!” arsa mise, ’ḃfuil ’ḟios agat cad é?”

“Cad é?” arsa Micilín.

“Bíoḋ Dreoilín amáraċ againn!” arsa mise.

“Hanaman diucs, bíoḋ!” arsa Micilín, agus an dá ṡúil ag dul amaċ as a ċeann. “Agus bead-sa im amadán.” (Sin é an fear go mbíonn an loṁnán gaoiṫe aige sa Dreoilín, tá’s agat, agus é ag bualaḋ gaċ éinne leis).

“Bead-sa im ċaptaen,” arsa mise.

“Agus cé ḃeiḋ ina óinsig?” arsa Micilín.

[ 42 ]B’ṡin ceist cruaiḋ le reiṫeaċ. Ċuimníomar ar Ċáit seo ’gainn-ne agus ċuamar ċun an scéal a ċur féna bráid: aċ, a ḋuine, do spriúċ sí.

“Is mór an náire ḋíḃ é!” ar sise, “an dreoilín boċt a ṁarú agus ḃeiṫ ag siúl ar ṫiṫe na dúṫaí ag lorg airgid dá ḃarr san.”

“Naċ é scéiṫ ar ár Slánaṫóir,” arsa mise: “agus naċ maiṫ atá sé tuillte aige é ṁarú.”

“Má sea ní hé an dreoilín a ḃeiḋ agaiḃ-se a scéiṫ Air,” arsa Cáit.

“Murarḃ é, ṁuise!” arsa mise, “b’é a ḋaid críona ḋein é, agus éinne ’ṁáin iad.”

Aċ níorḃ aon ṁaiṫeas ḃeiṫ ag gaḃáil do ĊáIt. Dúirt sí linn imeaċt lenár sean- Ḋreoilín gan ṁaiṫ, ná déanfaḊ gearrċailí in ao’ ċor na rudaí gránna a ḋéanann buaċaillí. Ní raġaḋ sí in aon Dreoilín.

Ní ḃíonn aon ṁaiṫ sna sean-Ċailíní sin.

Ḃíos féin is Micilín i gcruaċás. Ní ḂEaḋ aon ṁaiṫ in ár nDreoiLín ĊeAL óinsí. ṪriaiL- eamar cailíní an ḂAILE ar fad aĊ ní ṫiocfaḋ éinne ’cu linn.

“Caiṫfimid éirí ar fad as,” arsa Micilín.

“Ní éireoimid,” arsa mise; “ cuirfimid éadaĊ óinsí ar ḃuaċaill éigin.”

Leis sin ġLaomar Ċugainn ar na leaideanna eile agus d’inseamar dóiḃ an rud a ḃí beaRtaiṫe againn i gcoṁair an lae amáraiġ. Ḃí sceitimíní áṫais orṫu go léir.

“Caiṫfiḋ Cuid agaiḃ éadaċ ban a ḃeiṫ oraiḃ,” arsa mise.

[ 43 ]Níor ḃraiṫeas aon ḃreis áṫais orṫu ina ṫaoḃ san.

“Ní raġad-sa in aon éadaċ mná,” arsa Taḋg Learaí Ḃiġ.

“Éinne ná fuiL sásta déanaṁ mar adeirim- se Leis imíoḋ sé as an nDreoilín ar a’ hap,” arsa mise.

D’éist Taḋg Learaí Ḃig.

“Cá ḃfaiġeam éadaí ban?” arsa Smuilc, “agus cé hiad go mbeiḋ siad orṫu?

“Taḋg Learaí Ḃig agus tusa, a Smuilc, ġeoḃaiḋ siḃ iad agus cuirfiḋ siḃ oraiḃ iad agus beiḋ siḃ ’nḃúr ḋá n-óinsiġ.”

“Níl aon ḃean inár dtiġ-ne,” arsa Taḋg “aċ mo ṁáṫair agus is mó is mór a cuid éadaiġ sin doṁ-sa.”

Ċuir san i dteannta mé. Ḃí iḟios agam gur ceap sé go raiḃ buaite aige orm. Ṫáinig coċal orm ċuige.

“Ná bac sam a Ṫaiḋg" arsa mise. “Ní fáL go haer é. Ġeoḃam culaiṫ óinsí ḋuit-se ná bíoḋ eagal ort. Bíoḋ siḃ go léir anso ar a hoċt ar maidin gan teip. Agus anois téimis ar lorg dreoilín.”

Fuaireamar go léir maidí agus cloċa agus níor ḟágamar tor ná claí ná bóiṫrín gan Ċuardaċ féaċaint an ḃfaiġimis dreoiLín le marú. Aċ rian de ḋreoilín ní raiḃ in aon áit acu. Dúirt Smulc gur dóċa gurḃ aṁlaiḋ a ḃíodar go Léir imiṫe aḃaile i gcoṁair na Nollag; aċ is dóiġ liom-sa gurḃ aṁlaiḋ a ḃí ’ḟios acu go Raiḃ Lá an Dreoilín ag teaċt agus gu ndeaċadar go léir i ḃfoLaċ ar eagLa gu maróimis iad.

[ 44 ]Biéigean dúinn sa deireaḋ dul aḃaile gan aon dreoilín. Ṫeastaiġ ó Ṁicilín arís go n-éir- eoimis as an scéal toisii gan an t-éan beag a ḃeiṫ againn; aċ dúras-sa go ligfimis orainn go raiḃ sé istiġ i nid i lár an toir cuilinn againn agus ná ligfimis d’éinne féaċaint air. Ní raiḃ Micilín sásta ar fad, ṡé gur ġéill sé.


Ḃí hata cruaiḋ agus casóg eireabaill istiġ i gcupard mór sa ḃaile. Lem Ḋaid Críona dob ea iad sar ar cailleaḋ é, fadó riaṁ. Ċuireas i gan ḟios iad amaċ ar loċta an stábla.

Ḃíos ar lorg bróg, leis. le cur orm, aċ ní raiḃ aon ṗéire sa tiġ ná titfeaḋ dem ċosa aṡ péire de ḃróga deasa leaistic le Mam a ḃí os cionn an iarta ar ċlár aici. Ċuireas mo súiL orṫu sani aċ d’ḟágas mar a raḃadar gn maidin iad ar eagla go mbraiṫfeaḋ Mam an droĊ-ḟu ad ar.

Ḋeineas aġaiḋ feidil as bib le Cáit agus ṫógas a raiḃ de ribíní sa ḃoiscín aici agus ċuireas ar an hata iad. Fuaireas píce agus ċeanglaíos tor cuilinn ar a ḃarr agus iiead istiġ ina lár, de ċaonaċ.

Ó ba mise an captaen, níor ṁór dom claiḋeaṁ oar ndóiġ. Ní raiḃ aon ċlaiḋeaṁ sa tiġ riaṁ againn-ne, ná ag éinne ar an mbaile—mí gnó acu ḋe—agus d’ḟág san mise i dtaoiḃ le claiḋeaṁ aḋmaid a ḋeineas de óláiríii. Ṫair- neálas píosa beag sé n-órlaċ trasna air in aice mo láiṁe.

Nuair a ḃí m’éide fein faċta agam-sa ċuas ar lorg culaṫ óinsí do Ṫaḋg Learai Big. Ní [ 45 ]raiḃ aon ní oiriúnaċ le fáil aċ éadaċ le Cáit, agus ḃíos i gcás idir ḋá ċoṁairle cad a ḋéanfainn. Ċuardaíos seomra Ṁam aċ ní raiḃ aon rud ann go ḃféadfaḋ Taḋg é ċaiṫeaṁ.

Ḃí an scéal ag déanaṁ tinnis dom agus sinn ag dul a ċodlaḋ. Nuair a ḃí an Ċoróin Ṁuire dá rá againn ṫug mam greasáil eile ḋom inar ná dúras-sa aċ seaċt gcinn den deiċniúr. Ní ḟeadar-sa an ndúras nó ná dúras i gceart iad mari go maiṫe Dia ḋom é! ní horṫu ḃíos ag cuiṁneaṁ aċ ar ċulaiṫ do Ṫaḋg Learaí Ḃig.


D’éiríos-sa roiṁ an gcuid eile den tiġ ar maidin. Ḃuaileas na bróga leaistic fém ascail. Ansan ċuas go dtí seomra Ċáit is ċuardaíos arís do ċulaṫ i gcoṁair Ṫaiḋg. Do ṗrioti an tÁiḃirseoir mé sa deireaḋ agus Ṫugas liom gúna agus rudaí eile le Cáit agus amaċ tríd an ḃfuinneoig liom go dtí an stábla.

Ċuireas orm mo ċulaṫ Dreoilín—ma bróga leaistic agus an ċasóg eireabaiLL agus an hata caroline agus ribíní Ċáit ar sileaḋ leis. Ḃuaileas orm an aġaiḋ feidil ansan agus mo ċrios agus mo ċlaiḋeaṁ, agus deirim-se leat, a ḋearṫáir, go raiḃ cuma captaen Dreoilín orm má ḃí sé ar éinne riaṁ.

D’imíos ansan ar lorg na coda eile. Ḃíodar ag teaċt, duine ar ḋuine, agus níor aiṫin oiread agus duine acu mé, a ṁiċ ó! gur ḃaineas an aġaiḋ feidil díom.

Ṫugamar tamall maiṫ ag feistiú a ċéile sar a raḃamar ullaṁ. Nuair ṫáinig Taḋg learai [ 46 ]Ḃig ċromas ar éadaċ Ṫáit a ċur air. Aċ ḃí ceataí sa scéal—ní raġaḋ éadaċ Ċáiṫ ar Ṫaḋġ gan Taḋg do ḃaint a ċoda féin de—rud nár ṫaitniġ in ao’ ċor leis.

Níor ḟan dá ċuid féin am aċ a Léine; aċ nuair a ḃí an gúna air agus caiḋp ḃioRaḃ páipéir ar a ċeann ḃí sé ina ġearrċaile maiṫ go leor.

Do scéiṫ na bróga .um áfaċ Péire lena aṫair ab ea iad agus iad ró-ṁór dó. Is aṁlaiḋ a ḃíoḋ sé ’á dṫarrang ina ḋiaiḋ agus GaĊ aon ṗlup-ṗlap acu.

CeaṫraR de luċt ceoil a ḃí againn. Ṫugas féin oRgán béiL Liom a fuair Cáit óm ainṫín. Ag Ṫumaisín Bán a ḃí sé ’á ṡeinnm i RIṪ an lae.

Ḃí trúmpa stáin ag Micilín a ṫug sé do Smulc. Ṫug duine mias ṁór stáin lms agus do ḃí ag gaḃáiL de ṁaide air; agus ḃí bucaed stáin ar siLeaḋ le muineál duine eile agus ḃídís a gceaṫRar ag séideaḋ is ag bualaḋ is ag gReadaḋ i thannta ḃéile agus ḋeinidís ceol breá.

Ṫugas an tor cuilinn Le hiompar do Ṗeats Ṁicilín Dan, agus ḃí Loṁnán gaoiṪe ag Micilín Eoin a fuaireamar ó Ṫaḋg Óg nuam iíIaRuíodar an ṁuc roiṁ Nollaig, agus ḃíoḋ sé ag buaLaḋ gaċ éinne leis.

Ḃí málaí ar ċuid acu agus Léinṫe fear ar a ṫuiLleaḋ agus sean-scmrta Lena ṁáṫair ar ḟoṫ-ḋuine. Ḃí blús gorm le Nell Ṁáimi Aindí ar Ṁicilín Eoin agus aon ṗioc di níor aiṫin am é gur ċuiṁniġ sí umṫi féin Lá arna ṁáraċ.

[ 47 ]Ṫiġ Ḃeit Móire an ċéad áit a ŧriaileamar. Ḃí mo ċlaiḋeaṁ ar tarraing agam-sa nuair ṁáirseálamar an duras isṫeaċ Ċuici. Ḃuail- eamar suas ceol di agus ḋeineamar rince ar an urlár. Ḋeineamar fainne timpeall ar Ḃeit agus sinn ag daṁas. Ṫrom Beit ar rinnce í féin, iStiġ i Lár an ḟainne,aġus b’ṡin é an t-iontas: promsáil Ḃeit d’ḟeiscint! Ḃí giorranál uirṫi nuair a stad sí agus b’eigean di suí.

“Ara ṁuise is trean na buaċaillí siḃ,” ar sise.

“Caiṫ ċugainn dorn airgid,” arsa sinn-ne, mar b’ḟearr linn é sin ná aon ṗlámás.

“Airgead ab ea?” ar sise. “Oċ, siḃ na rógairí agam!” aġus ḃí sí ag gáirí ag dul go dtí an driosúr. Tá Beit an-ḃeaṫaiṫe agus nuair a ġáireann sí bíonn sí ar fad ag criṫ agus ansan ní ḟéadfá-sa ġan beiṫ aġ gáirí tú féin.

Ṫóg sí seana-ṁuga den driosúr agus fuair sí ḋá ṫistiún rua ann agus ṫug sí ḋúinn é. Ḋeineamar ġreas eile ceoil ansan di agus bouta rinCe agus d’imíomar.

Ċuamar go tiġ Ṁicilín Eoin agus fuaireamar réal ann. As san Linn go tiġ Ṫaiḋg Óiġ. Bí Taḋg Óg istiġ agus ḃí sé ag magaḋ fúinn agus á rá ná raiḃ ceol ná rince againn; aċ nuair a ḃíomar ag imeaċt ṫug sé scilling dúinn agus ṫug bean a ḋearṫár real dúinn.

Nuair Ṫángamar go tiġ Ṁáire Aindí ḃí an- ġeoin againn. Úrlar leaC atá ann, ta’s aġat, agus ḋeineamar cnagarnaĊ ḃreá air ag rince. [ 48 ]Nuair a Ċuala an madra mór atá acu an ceol ṡuiġ sé ar a ċorragiob agus ċum sé a ṡrón san aer agus d’oscail a ḃéal agus ḃí ag cur glamanna móra brónaċa ceoil as i dtreo is go gceaná go raiḃ gaċ madra riaṁ dár ḃain leis marḃ. Ḃí Nell ag iarraiḋ sinn d’aiṫint. Ċaiṫ a máṫair aṁras láiṫreaċ orm féin.

“Ṁuise, slán beo le seana-Ṫaḋg" ar sise, agus ní hí sin an ċríċ ba ṁaiṫ leis ar a ċasóig ġreanta.”

“Ḋé! ní fearr díoṁaoin í,” arsa mise, agus laoċas orm.

“Maróiḋ do ṁáṫair ṫú,” arsa Máire Aindí.

’Om briaṫar gur ḃain an méid adúirt sí ṡuid den ḃfuadar díom. Ḃí an t-olc ’á ṫuar dom ċeana féin. B’ḟearr liom go ḃfágfainn im ḋiaiḋ liḃiré mo ṡean-aṫar. Ċonaic Máire Aindí gur ġoill a caint orm.

“Féaċ, a Nell,” ar sise, “ġeoḃaiḋ tú real sa sparán san ṫíos agus taḃair do na buaċaillí í.”

Ċuaig Nell go dtí an sparán aċ ní réal a tug sí ḋúinn aċ scilling. Ansan ṫug sí stráice aráin an duine ḋúinn agus ḃí rísíní ann. Is maiṫ liom féin Nell.

Ṫugamar turas ar na tiṫe eile sa ḃaile i ndiaiḋ a ċéile aċ d’ḟágas ár dtiġ-ne ar deireaḋ. An rud adúirt Máire Aindí i dtaoḃ culaṫ mo Ḋaid ċríona, agus i dtaoḃ na feirge ḃeaḋ ar Mam—sin é ċoinniḃ ón dtiġ mé. Ní baoL ná go n-aiṫneoḋ Mam an ċasóg eireabaill agus an hata, agus d’ḟágfaḋ san an Dreoilín ġan ċaptaen.

[ 49 ]Sé ḋeineas sa deireaḋ ná an ċuid eile a ċur go dtí an tiġ agus fanúint mé féin sa ḃóiṫrín. Ḃí seans go ḃfaiġidís scilling ó Ṁam mura ḃfeiceaḋ sí mise ina dteannta.


Ḃuel! a ḋearṫáir, is maiṫ a scaras leis agus gan dul leo. Ċonaiceas iad go Léir ag duL an doras isteaċ agus na gLéiseanna ceoil ar séideaḋ acu.

Níorḃ ḟada, áfaċ, gur stad an ceoL go hobann agus ċonaiceas ag brú a Ċéile sa doras arís iad d’iarraiḋ teaĊt amaċ. Stadadar taoḃ amuiġ agus ḃíodar ag féaċaint an doras isteaċ ar rud éigin a ḃí ar siúl istiġ aċ ní leoṁfaḋ éinne ’cu duL ró-ġairid don doras.

“Mam arís, déarfainn,” arsa mise, agus ṫugas mo ḃuíoċas do Ḋia gur ḟanas óna crúcaí.

Níorḃ ḟada ḋom go ḃfacas mo ḋuine, Taḋg Learaí Ḃig, ag teaċt an doras amaċ ċun na coda eile agus dóbair go dtitfinn nuair a ċonaiceas an íde ḃí air. Ní raiḃ d’éadaċ ná de ċulaiṫ an Dreoilín air aċ an méid nár le Cáit seo ’gainn-ne.

Aon lá dá ċuiṁne ní ṫáinig dom, agus mé ag cur na coda eile go dtí an tiġ, go n-aiṫneoḋ Mam gúna Ċáit ar Ṫaḋg.

Ḃí Taḋg ag pusaíL ġoil agus a láṁ ṫrasna a ṡúl aige leis an náire. Ḃí trua agam dó aċ, ar ṁ’ḟalaing, nuair ċonaiceas an ḃreill a ḃí air agus an dá ḃróig ṁóra á dtarraing ina ḋiaiḋ aige ag teaċt ċugam sa ḃóiṫrín, níor ḟéadas gan ḃeiṫ ag gáirí. Nuair ċonaic Taḋg mé ag gáirí ṫáinig olc air.

[ 50 ]“Fa’ san uaim,” ar seisean, “is tusa fé ndeara é,” agus ḃí an gol agus an ḟearg a ṫaċtaḋ. Rug sé ar na cloċa sa ḃóiṫrín agus ḃí sé a rúscaḋ liom agus gaċ aon liú goil aige.

Ṗléascamar go léir ag gáirí. “Hí-ú, cosa buí arda!” arsa sinn-ne.

Ḋein san an donas ar fad ar Ṫaḋg. “ Bú- hú!” ar seisean, agus as go braċ leis aḃaile tríd na garraiṫe.

Aċ dá ṁéid an greann a ḃí againn ar Ṫaḋg ní raḃas-sa in ao’ ċor istiġ liom féin. Ḃí fearg mo ṁáṫar mar a ḃeaḋ scamall os mo ċionn.

D’imiġ an Dreoilín ar fad soir ċun na ceártan agus ċun na dtiṫe in aice leis, aċ ní ḟuaireas-sa aon spórt insa Dreoilín a ṫuilleaḋ.

Nuair a Ċuamar go tiġ Ṗeats Teaimí ní ṫaḃarfaḋ sé aon ní ḋúinn. Dúirt sé gur “paca díoṁaoin” sinn, agus ċuir sé an madra linn. Aċ d’éiriġ an madra as an scéal nuair a buaileaḋ isteaċ idir an dá ṡúil leis an loṁnán gaoiṫe é.

Riṫ Peats inár ndiaiḋ lena ṁaide aĊ ḃí fuar aige ḃeiṫ ag iarraiḋ breiṫ orainn-ne—agus na bróga leaistic orm féin!

Ḃíomar tuirseaċ den Dreo:lín fén dtráṫ san agus dúramar go n-éireoimis as. Ḃí ocras ag teaĊt, leis, orainn. Dó ḋéag is seaċt bpingne ḃí againn agus roinneamar idir an deiĊniúr a ḃí sa Dreoilín é—scilling is leaṫ-réal an duine.

Ṫugamar an ṗingin ḃreise do Ṫaḋg Learaí

Ḃig toisc an sceiṁle fuair sé ó Ṁam. Micilín [ 51 ]

D’éiriġ an madra as an scéal

D’éiriġ an madra as an scéal

[ 52 ]a ṫug aḃaile ċuige é. Ansan ṫug gaċ éinne

aġaiḋ ar a ṫiġ féin agus fuadar ocrais fé.

Aċ, an dtuigeann tú, ní raiḃ aon ḟuadar fúm-sa ċun an ti. Ḃí droċ-iontaoiḃ agam as an ḃfáilte a cuirfí roṁam.

Ṫugas fuaṫ ḋon ḃaile. Ṫuigeas, tá’s agat, go raiḃ Mam ag feiṫeaṁ liom ann agus go mbeaḋ sásaṁ uaiṫi i ngúna Ċáit, agus i gcasóig mo Ḋaid Ċríona, agus sa hata ċaroline; agus dúrasliom féin gurḃ é mo leas Mam a ṡeaċaint i láṫair na huaire sin, agus b’ḟéidir le himeaċt aimsire go dtiocfaḋ sí ċun cainte liom arís.


Suas go tiġ Ṁáire Aindí ċuas. Ní ḟead- fainn dul gan ḟios do Ṁam go dtí an stábla ċun mo ċuid éadaiġ féin d’ḟáil.

Ḃí an t-ocras ag gaḃáil díom go géaR agus ḃí súil agam, tá’s agat, go ḃfaiġinn Píosa de ċíste Nollag ó Nell. D’íosainn píosa móR de ċíste an uam ċéanna.

Ḃí Nell istiġ agus Máire Aindí agus Taḋg Óg. Nuair a ċonaic Taḋg an ċulaṫ fós orm ṫáinig fonn magaiḋ aiR.

“Déanfaiḋ sé seo Dreoilín go hoíċe ḋe,” ar seisean.

“Naċ agat atá an cion ar ḃalcaisí do Ḋaid Ċríona?” arsa Máire Aindí, agus ḃí sí ag gáirí.

Rug Nell ar an hata agus do ċum ar a ceann é. ’Om briaṫar! níor om sé go holc in ao’ ċor di.

“Tr’om an ċasóg, leis,” ar sise, agus ḃain sí ḋíom í agus ḃí á cur uirṫi.

[ 53 ]“Ara! bain díot iad agus ná bí ag déanaṁ Máire Ní Ógáin díot féin,” arsa Máire Aindí.

Níor ḋein NeLl aċ gáire, agus d’ḟéaċ sí síos uirṫi féin.

“Ná fuilim go deas?” ar sise.

“Ó! go gleoite!” arsa Taḋg.

Ní dúirt Máire aon ní.

“Cad dúirt do Ṁam leat nuair a ċonaic sí ṫú?” arsa Nell.

“Ní ḟaca sí fós mé,” arsa mise, “mar ná raḃas sa ḃaile ċuige.”

“Agus an aṁlaiḋ atá eagla ort dul?” arsa Nell.

“Ba ṁaiṫ an ceart dó,” arsa Taḋg, agus d’innis sé ḋóiḃ cad d’imiġ ar Ṫaḋg Learaí Ḃig.

“Agus dá ṁéid an néall a ḃí uirṫi nuair ċonaic sí gúna Ċáit ar Ṫaḋg beag, ṫáinig an t-olc ar fad uirṫi nuair a ḃraiṫ sí casóg agus hata a haṫar imiṫe!” arsa Taḋg Óg.

Ḃí ’ḟios agam féin gur mar sin a ḃeaḋ, leis, gan Taḋg Óg á insint dom in ao’ ċor. Ḃraiṫeas mo ċroiceann greadaiṫe, scólta ċeana féin ón mbualaḋ a ḃíṫeas ċun a ṫaḃairt dom.

“Ní gá ḋi in ao’ ċor ḃeiṫ ċoṁ cruaiḋ sin ar ḃuaċaill boċt,” arsa Nell. Ba ṁaiṫ í Nell.

“B’ḟéidir nár iṫis aon Dínnéar inniu, leis,” ar sise.

Ḃí ’ḟios agam go raiḃ Nell tuisceanaċ agus go leanfaḋ sí ag taṫant orm go gcaiṫfinn rud éigin.

“Ó!” arsa mise, “níl aon ocras orm.”

[ 54 ]Ḃí, an dtuigeann tú, aċ ní ligfeaḋ náire ḋom é rá.

“Mara ḃfuil féin b’ḟéidir go n-íosfá píosa de ċíste Nollag.”

Ḃíos i gcás cruaiḋ—ní ḟéadfainn a Rá go n-íosamn agus níor ṁaiṫ liom a rá ná híosainn. Aċ ḃí Nell tuisceanaċ. Ċuaiġ sí agus ṫug sí ċugam canta mór de ḃairín breac agus muga bainne. Nuair a ḃíos á iṫe dúras liom féin gurḃ í Nell an duine ba ṫuisceanaí dár ḃuaiL riaṁ liom.

Nuair ḃí an béiLe ite agam ḃraiṫeas feaḃas mór ar gaċ aon scéal agus ḃíoḋ cuiṁne Ṁam ag imeaċt uaim nó go ḃféaċainn ar an gcasóig eireabaill.

Do réir mar ḃí sé ag dul i ndéanaí, áfaċ, agus gur ṁiṫid dom ḃeiṫ ag dul aḃaile ní raḃas in ao’ ċor istiġ liom féin. Ḃí cuiṁne Ṁam ag teaċt ṫar n-ais ċugam go han- tsoiLéir ar fad. Níor ṡaṁlaíos aon ní léi an uam sin aċ ‘Sceiṁle ṁór an Luain’ go mbíonn Beit Ṁór ag tráċt air go minic, pé rud é. Aċ ní raiḃ aon dul uaiḋ agam, ṫuigeas, agus d’éiríos ċun dul aḃaile.

“Aḃaile taoi ag dul?” arsa Nell.

“Sea,” arsa mise, go mí-ṁismúil.

“Ba ḃreá ḃeiṫ ag dul ’on ċroiċ seaċas é,” arsa Taḋg Óg.

Do ġáireadar go léir. D’ḟéaċas anonn ar Nell.

“Ṁuise, beannaĊt Dé ḋuit! agus téanam ort im ṫeannta féaċaint an ḃféadfá faoḃar mo ṁáṫar a ċur díom,” arsa mise léi.

[ 55 ]Is dóċa gur ṫuig sí an cás cruaiḋ a ḃí orm. Do ṗreab sí.

“Ṁuise im briaṫar go raġad,” ar sise.

Ṫáinig oiread bó de ċroí ḋom, a ḋuine. Ḃí Máire Aindí ag gáirí fén scéal.

Nuair a ḃíomar ag imeaċt, arsa Taḋg Óg: “Arḃ aon ċaḃair mise ḋul in ḃur dteannta?” agus d’ḟéaċ sé ar Nell.

Do stad gáire Ṁáire Aindí agus ṫáinig cuma ṁí-ċéataċ uirṫi nuair ḟéaċ sí sa ċúinne ar lorg rud’ éigin. Lena linn sin d’ḟéaċ Nell ar Ṫaḋg agus do ḃagair a ceann ċun an dorais.

“Téanam ort,” arsa mise, agus ṫáinig.

Ba ṁór an misneaċ orm é an ḃeirt a ḃeiṫ faram agus mé ag dul go dtí an tiġ. Ġaiḃ- eamar an bóiṫrín—mise ar tosaċ agus iad-san im ḋiaiḋ.

D’ḟanadar san i ndoRas an stábla a ḟaid a ḃíos-sa ag dul ar an loċta ar lorg mo ċuid éadaiġ féin agus á ċur orm.

Nuair ṫángas arís ċuca ġluaiseamar ċun an tí. Ní mise ḃí ar tosaċ an bouta so, ’om baic! Is i gcoinniḃ mo ċos a ḃíos ag dul ann, a ḋuine.

“Ná bíoḋ aon droċ-ṁisneaċ ort, a ḃuaċaill,” arsa Nell liom. “Siúil leat.”

“Ní ligfiḋ tú ḋi mé ṁarú ar fad, a Nell,” arsa mise.

“Ní ligfead,” arsa Nell. “Croiṫ suas tú féin.”


Ṫugas mé féin suas do Ḋia agus do Ṁuire, agus rugas greim ar ġúna Nell agus ċuas ṫar doras isteaċ ina diaiḋ.

[ 56 ]Ḃí Mam ina suí ag ceann an ḃoird, agus Oaid le hais na tine, agus Cáit imiṫe a ċodlaḋ, is dóċa. Nuair Ċuas isteaċ d’ḟéaċ Mam orm. Ċloisfeá biorán Dá dtiteaḋ. Do stad mo Ċroí agus m’anál agus ĊRom rud éigin i gcolpaí mo Ċos ar ċriṫ agus ṁeasas go dtitfinn.

“Ṫángais,” ar sise.

Ar ṁ’ḟalaing nár laḃras! D’éiriġ Mam agus ṫóg sí anuas an tslat den ċlár os cionn iia tine mar a mbíoḋ sé i gcónaí aici.

“Tar i leiṫ ċugam,” ar sise.

Ó ṁuiricín, ḃíos ag cur uaim! Leis an scanraḋ a ḃí orm ḃíos ag bogaḋ de ġúna Nell ċun dul ċun na slaite nuaiR ċuir Nell taoḃ ṫiar di mé.

“Ní ḃuaiLfiḋ tú barr méire ar an mbuaċ- aill,” ar sise Le Mam. Mo ċeol í Nell!

“Buailfiḋ mé agus bainfiḋ mé an craiceann anuas de, mar is é atá tuillte aige,” arsa Mam. Ḃí faoḃar uirṫi á rá, a ḋuine.

“Á faire, a Ṁam! ná déan,” arsa Nell. “Ḋein an garsún boĊt dearmad agus tá aiṫreaċas anois air.”

“Aiṫrí ṫóirní,” arsa Mam. “Scaoil i leiṫ ċugam é agus múinfead-sa ḋó. . . .”

“Aċ beiḋ sé ina ḃuaċaill maiṫ gaċ aon uam eile,” arsa Nell.

Ḃí Nell ar a díċeall.

“Beiḋ, nuair ḃead-sa críoċnaiṫe leis,” arsa Mam, agus ṫug sí foḃa timpeall ar Nell ċun beirṫe orm.

Léim Nell eadrainn ċun mé a ċosaint aċ is baol go dteipfeaḋ uirṫi agus go mbeaḋ deireaḋ [ 57 ]liom-sa mura mbeaḋ gur ḋein Taḋg Óg fóiriṫin orm. Ní ḋearmadfad go bráċ dó é. Rug sé ar láiṁ ar Ṁam agus ḃain sé an tslat di.

Ó ’ḋuine! ba ṁór an ḟuascailt é. Ḃí Mam ar buile aċ do ḋeineadar caint ḃreá ḃog léi á ciúnú: gur ḃuaċaill boċt óg mé agus iiá raiḃ aon Ċiall agam—ná bíonn ceann críonna ar ċolainn óig-ná tagann ciall roim aois— gur fearr go hanamúil aeraċ mé ná ḃeiṫ im ruidín mílíṫeaċ cois na tine aici—go ndéan- fainn fear maiṫ ciallṁar fós, le cúnaṁ Dé; agus a lán eile cainte mar sin nó go ndeaċaiġ sí ċun suaiṁnis.

Ansan ṫarraing Taḋg scéal eile anuas—go raiḃ cúig puint ar ḃanḃaí oċt seaċtaine ar ṡráid an Daingin Saṫarn na Nollag; agus ḃréagadaR Mam mar sin ó ḃeiṫ ag coṫú faLa im ċoinniḃ-se.

Faid a ḃíodar ag caint d’éalaíos féin ċun súsa agus mé go buíoċ trí a ḟeaḃas a ċuas as. níor ṫit aon néall ċodlata orm, áfaċ, go gcuaLas Nell agus Taḋg ag imeaċt aḃaile; agus níor stad mo ċroí de ḃualaḊ go gcualas Mam ag dul dá seomra féin.

Is sia ċuiṁniġ sí ar ṁí-ġníoṁ lae sin an Dreoilín im ċoinniḃ ná aon rud eile ḃí déanta le fada agam.

Gaċ aon ṁaidean Doṁnaiġ NUAIR a ċíoḊ sí gúna Cáit, agus an rian duḃ d’ḟan air i ndiaiḋ an lae ṁí-áiḋ sin, ní ḟéadfaḋ sí gan é ċur i gcuiṁne ḋom. Dá mbuaileaḋ Dia aon tseans i dtreo Ċáit go ḃfaiġeaḋ sí gúna nua, ba ṁóR an suaiṁneas dom é.