Page:Jimín - Ó Siochfhradha.djvu/47

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

CAIBIDIL VI

Lá an Dreoilín

NUAIR a ḃí an dinnéar caite agam Lá Nollag ċuas ar lorg Ṁicilín Eoin. Ṫugamar tamall ag caiṫeaṁ caiḋtí agus tamall eile ag caiṫeaṁ tobac as ṗíopa a fuair Micilín ag dul amú i bpóca a aṫar.

Nuair a ḃí an tobac caite againn ḃíomar ag iarraiḋ cuiṁneaṁ ar cad a ḋéanfaimis.

Ḃíomar i ḃfad ag cuiṁneaṁ ar Rudaí aċ ceann acu ní raiḃ ċun ár sásaiṁ. Sa deireaḋ d’éistíomar ar fad. Sin é an uair a riṫ an Rud im aigne féin.

“Hanaman scian, a Ṁicilín!” arsa mise, ’ḃfuil ’ḟios agat cad é?”

“Cad é?” arsa Micilín.

“Bíoḋ Dreoilín amáraċ againn!” arsa mise.

“Hanaman diucs, bíoḋ!” arsa Micilín, agus an dá ṡúil ag dul amaċ as a ċeann. “Agus bead-sa im amadán.” (Sin é an fear go mbíonn an loṁnán gaoiṫe aige sa Dreoilín, tá’s agat, agus é ag bualaḋ gaċ éinne leis).

“Bead-sa im ċaptaen,” arsa mise.

“Agus cé ḃeiḋ ina óinsig?” arsa Micilín.

41