B’ṡin ceist ċruaiḋ le reiteaċ. Ċuimníomar ar Ċáit seo ’gainn-ne agus ċuamar ċun an scéal a ċur féna bráid; aċ, a ḋuine, do spriúċ sí.
“Is mór an náire ḋíḃ é!” ar sise, “an dreoilín boċt a ṁarú agus ḃeiṫ ag siúl ar ṫiṫe na dúṫaí ag lorg airgid dá ḃarr san.”
“Naċ é scéiṫ ar ár Slánaṫóir,” arsa mise: “agus naċ maiṫ atá sé tuillte aige é ṁarú.”
“Má sea ní hé an dreoilín a ḃeiḋ agaiḃ-se a scéiṫ Air,” arsa Cáit.
“Murarḃ é, ṁuise!” arsa mise, “b’é a ḋaid críona ḋein é, agus éinne ’ṁáin iad.”
Aċ níorḃ aon ṁaiṫeas ḃeiṫ ag gaḃáil do Ċáit. Dúirt sí linn imeaċt lenár sean-Ḋreoilín gan ṁaiṫ, ná déanfaḋ gearrċailí in ao’ ċor na rudaí gránna a ḋéanann buaċaillí. Ní raġaḋ sí in aon Dreoilín.
Ní ḃíonn aon ṁaiṫ sna sean-ċailíní sin.
Ḃíos féin is Micilín i gcruaċás. Ní ḃeaḋ aon ṁaiṫ in ár nDreoilín ċeal óinsí. Ṫriaileamar cailíní an ḃaile ar fad aċ ní ṫiocfaḋ éinne ’cu linn.
“Caiṫfimid éirí ar fad as,” arsa Micilín.
“Ní éireoimid,” arsa mise; “cuirfimid éadaċ óinsí ar ḃuaċaill éigin.”
Leis sin ġlaomar ċugainn ar na leaideanna eile agus d’inseamar dóiḃ an rud a ḃí beartaiṫe againn i gcoṁair an lae amáraiġ. Ḃí sceitimíní áṫais orṫu go léir.
“Caiṫfiḋ cuid agaiḃ éadaċ ban a ḃeiṫ oraiḃ,” arsa mise.