Caibidil VII
Mar a ċuaiġ Jimín ar seaċrán farraige.
Níor éiriġ idir mé féin agus Mam ar feaḋ i ḃfad. Ḃíos im ḃuaċaill maiṫ, tá’s agat! Nuair ṫagainn isteaċ istoíċe d’insinn di gur ṫuas i dtiġ Ṁáire Aindí a ḃínn, ag tarraing uisce agus ag breiṫ ṁóna isteaċ do Nell.
Deireaḋ mo ṁáṫair go mb’ḟearr ḋom fuireaċ ar fad acu. Ag magaḋ fúm a ḃíoḋ sí, ṫuiginn: aċ deirinn-se léi ná fágfainn mo Ṁaimí féin ar éinne!
Dar go deiṁin ní ḟeadar ciocu ag magaḋ ḃínn féin nó nárḃ ea. Is aṁlaiḋ atá an scéal idir mé féin agus Mam: go mbímid mór le ċéile uair um á seaċ, agus aṁrasaċ ar a ċéile urṁór ár saoil, agus mise boċt i mbroid is i mór-ḃrón an ċuid eile den aimsir.
Aimsir na broide atá anois tagaiṫe orm. Táim féin is Mam i gcogaḋ ḋearġ lena ċéile. B’ḟéidir naċ mar sin is ceart dom cur síos air, mar is í sin atá i gcogaḋ liom-sa, agus mise ag díol as go cráite agus go dóite.
Tá sí le seaċtain ag gaḃáil steallaḋ orm-sa agus ní ḟéadaim í a ṡásaṁ. Tá seaċt ḃfiċid céad bucaed uisce beirṫe isteaċ agam ċuici ó [ 59 ]ṫit sí amaċ liom, agus fiċe céad míle milliún gaḃáil móna: agus tá mo ċroí is m’ae ag riṫ ar a ċéile agam ón gcosa-in-airde ag dul ar ṫeaċtaireaċtaí ḋi.
Aċ cad é an ṁaiṫ sin? Ní ḃfaiġim tar éis na mbeart aċ droċ-íde. Uair dá raiḃ gaḃáil móna agam ag teaċt, ṫugas ġaḃáil ṁór liom d’ḟonn a buíoċas a ṫuilleaṁ: aċ ṫit caḋrán sa doras agus ṁaraiġ sé sicín beag ḋá lá, agus ṁaraiġ Mam mise.
Ní ḟéadaim aon rud a ḋéanaṁ ġo ceart. Imíonn ainnise éigin ar gaċ aon ní. Ċuir mo ṁáṫair mé ag caḃrú le Cáit ċun na gceaċt.
“A hoċt fé ċeaṫair,” arsa mise.
“A hoċt is daċad,” arsan gligín.
“Léan id ċeann cipín!” arsa mise. (Sin é adeir an Máistir ar scoil linn-ne. Is maiṫ an ḃail air ná fuil mo ṁáṫair ar scoil aige).
Nuair a ċuala Mam cad dúras le Cáit, ṫáinig olc uirṫi ċugam. Rug sí ar scoiṫ cinn orm agus deirim-se leat nár ḟág sí aon teaspaċ orm.
“Múinfiḋ san fios do ḃéas duit,” arsa Mam, agus rop sí síos sa tseomra mé.
Tá gaċ aon rud im ċoinniḃ agus ní haon ṁaiṫ ḋom ḃeiṫ ag iarraiḋ buaċaill maiṫ a ḋéanaṁ díom féin. Ní ligfear dom ḃeiṫ go maiṫ. Ní ḃeaḋ Mam sásta, ceapaim, gan í ḃeiṫ á rá gaċ aon uair a ċloig ná raḃas go maiṫ.
Ḃí mo ċroí scólta nuair cuireaḋ sa tseomra mé. Ḃí olc orm ċun ġaċ éinne. Ḋeineas pictiúir ar an urlár de ṡeanḃád Ṫaiḋg Nellí, [ 60 ]agus rinceas mo ṡásaṁ uirṫi. Ḃí mo ċroí lán d’olc ċuici sin mar sin í a ṫarraing an mí-áḋ so go léir anuas orm.
Mar seo do ṫit an scéal amaċ, tá’s agat. Ní raiḃ aon liaṫróid coise agam féin agus Micilín Eoin. An sean-ċeann a ḃí againn d’imiġ sé ina stráicí. Ní raiḃ ceann nua le fáil gan a deiċ scillinge, agus tar éis ḃeiṫ ag bailiú uḃ ar feaḋ coicíse ní raiḃ againn aċ a ceaṫair agus tistiún.
Ṫógas féin na huiḃe ón gcirc a ḃí deiċ lá ar gor ag Beit Ṁóir! Fuair Micilín dá scilling orṫu i siopa an Tobair.
Nuair nárḃ ḟéidir linn dul ṫar an gceaṫair is tistiún b’éigean dúinn slí éigin eile a ṫarraing ċugainn. Ḃíomar i ḃfad ag cuiṁneaṁ agus ag smaoineaṁ agus is é rud a ḃeartaíomar sa deireaḋ a ḋéanaṁ ná gleamaiġ a ḋíol; agus ċeapamar maidean Doṁnaiġ ċuige sin.
Ḃí a lán cogarnaí ar siúl ag an mbeirt againn. Ḃí sé socair againn ná tógfaimis aċ ċeiṫre cinn de ġleamaiġ nó b’ḟéidir ċúig cinn. Ní raġaimis ṫar ċúig cinn. Ċuirfimis i gcliaḃ iad agus feamnaċ timpeall orṫu agus ḃéarfaimis ’on Daingean ar ṡlí éigin iad. Ḃeaḋ an ṗeil ag teaċt aḃaile againn.
Ní ligfimis d’aon duine eile barr bróige a ḃualaḋ uirṫi sin. Ḃeinn-se is Micilín in ár máistrí ar an bpeil. Ḃeaḋ sí oíċe agam-sa agus an tarna hoíċe ag Micilín. Ní ḃeaḋ cead ag éinne againn an loṁnán a ḃaint amaċ aisti ċun ḃeiṫ á ṡéideaḋ.
[ 61 ]Istoíċe Dé Saṫairn ṫógamar an dá ṁaide ráṁa ó ḃinn tí Ṫaiḋg Nellí agus ċuireamar i ḃfolaċ i ndíg sceaċ iad. Ḃí an bád ar snáṁ i gCuas na Báistí agus ḃí ’ḟios againn go mbeaḋ sí ann ar maidin.
D’imiġ an ḃeirt againn go dtí an ċéad Aifreann go luaṫ. Nuair a ḃí gaċ éinne imiṫo leo ċun an dara hAifrinn do ġLuaiseamar-na ċoṁ fada le Páirc a’ Leasa. D’éalaíomar isteaċ sa lios agus scaoileamar na daoine go léir ṫarainn. Rugamar na maidí linn ansan. agus ċuamar sa ḃád. Sean-ṗota trom is ea í, agus í ainnis le ráṁaíoċt.
Ḃí an ġaoṫ ón dtalaṁ agus ḃogamar Linn soir le hais na choċ sa ḃfoṫain. Ḃuail coim linn agus rugamar air agus ḃíomar ag tarraing. agus ár dteanga amuiġ againn, go dtáinig an pota gliomaċ aníos go dtí taoḃ an ḃáid. Ní raiḃ faic ann. Ní haon ṁisneaċ a ċuir san orainn, dar ndóiġ.
Ṫángamar go dtí pota eile. Portán dearg a ḃí ansan agus a ḋá Ċrúb ar leaṫaḋ aige d’iarraiḋ breiṫ orainn. ScaoiLeamar uainn an pota.
Níor ḟan aon ṁisneaċ mór ansan againn agus dúirt INicilín ná faiġimis gliomaċ an lá san. Dúras-sa leis paidir a rá agus ḃí leaṫ “Ár nAṫair atá ar Neaṁ” ráite aige nuair a Ċuiṁniġ sé gur ag goid ġliomaċ a ḃíomar agus ṫáinig stad sa ṗaidreoireaċt.
Níor ṁaiṫ leis, an dtuigeann tú, a iarraiḋ ar Ḋia caḃrú leis ċuige sin.
[ 62 ]Ṫángamar go dṫí an tríú pota agus, ’om basa, ḃí fámaire de ġliomaċ ann. Nuair a ċuireamar ar ṫóin an ḃáid il ḃí ġaṫi aon ċnag aige lena eireaball.
Ḃuardaíomar ḃúig potaí eile aġus ḃí trí gleamaiġ agaiim, aċ má’s ea, ḃíomar i ḃfad soir agus sinn aġ druidim amaċ ġu dṫí Ġnb an Ġéaráin.
Ní ró-ṁaiṫ is cuiṁin liom sad a ṫit amaḃ nuair ṫángamar ġo dtí an Ġob. Ḃí an ḟarraigr .iii-ṡuaitc dím-aĊ taoḃ amuiġ ḋe agus nuair ṫáinig an scanraḋ orainn aġus easamar ċun ṫeaĊt isṫeaó, rug an ġaoṫ ón dtaLaṁ, aġus an taoide, ar an mbád agus beireaḋ amaḃ faoi an ḃfarraiġr ṁóir sinn.
Do róir mar ḃíomar ag duL amaċ is ea ba Ṫreise ḃí an ġaoṫ agus is ea ba ṁó a ḃí an seanraḋ ag teaĊt in ár ġcroí. Ḋo ċrom Micilín ar ḃeiciġ agus ar ġlaoċ ar a ṁáṫair, agus ansan ṫáinig daṫ gLas-Liaṫ air, agus breoiteaċt ḟarraiġe.
Ṫáinig eagLa orm féin, Leis. Ḃuail sé isteaċ im ċroí ġurḃ aṁlaiḋ a ḃí Dia i ḃfeirg Linn. Leis sin ċaiṫeas na trí gleamaiġ i ḃfarraige féaċaint an gcuirfeaḋ san fearġ Dé ḋínn. Aċ nior ċuir.
Amaċ a ḃíomar ag imeaċt i gcónaí agus ṫagaḋ Lagú ar mo ṁisneaċ nuair a ḃraiṫinn an talaṁ ag éaLú uaim.
Uaireanta d’éiríoḋ buiLe ORM agus ḃínn go cráite, agus ḃuailinn toċta an ḃáid lem ḋorni agus ḃuainim Miciiín agus driiiinn leis brriṫ ar an maide.
[ 63 ]Aċ ṫéaḋ an ráṁaíoċt inár gcoinniḃ mar ḃí an ḟarraige ró-ġarḃ agus leagaḋ an maide ar ár gcúl anuas den toċta sinn.
Ansan Ṫugainn tamaLL ag goL, agus b’in é an gol croí-ḃriste. Ċuiṁnínn ar Ṁam agus ar Ḋaid agus ar Ċáit; agus ġlaoinn ar Mam ċun teaċt agus a buaċaillín féin a saoraḋ. Agus deirinn léi go ḃféadfaḋ sí mé a ḃuaLaḋ go mbeaḋ sí sásta, agus go mbeinn im ḃuaċaiLL maiṫ gaċ aon uair eiLe, go deo agus go bráċ!
Ansan ċorraíoḋ MiciLín agus deireaḋ sé Liom paidir a rá agus ṫéimis ar ár nglúine, duine ar gaċ taoḃ den toĊta, agus deirimis “Ár nAṫair atá ar Neaṁ,” agus d’iarraimis ar Ḋia agus ar Ṁuire agus ar Pádraig agus ar na Naoiṁ go léir, teaċt i gcaḃair dúinn.
Bí ’ḟios againn ná raiḃ Dia ró-ṁór Linn toisc a raiḃ de Ṡladaíoċt déanta againn d’iarraiḊ na peiLe a ċeannaċ. Ġeallamar go prinsiopálta ná goidfimis uiḃe goir ná gliomaċ an ḟaid a ṁairfimis beo.
Ṫuigeamar go mbogfaḋ san an scéaL dúinn— sinn ansúd ar ár ngLúiniḃ agus greim ar ṫoċta báid againn agus an bádácaiṫeaṁ síos suas, soir siar, ag an mí-áḊ farraige ná fanfaḋ socair.
Ní ró-ċruinn atá na rudaí sin im aigne in ao’ ċor anois. Is geaLL im ċuiṁne iad Leis an dtromLuí a ḃí orm bliain ó ṡin nuair ċeapas go raiḃ tarḃ mór IÍIiċí Ṫnmáis im ḋiaiḋ an cnoc anuas.
Ṫáinig codLaḊ nó mairḃití éigin nrm faoi ḋeireaḋ agus sé an ċéad rud eile is cuiṁin [ 64 ]liom i dtaoḃ an ḃáid ná Taḋg Óg a ḃeis am ċroṫaḋ, agus nuair a ḋúisíos ṫugas fé ndeaRa go raiḃ ċúig cinn de naoḃóga timpeall orainn agus greim ag naoḃóig acu ar an mbád.
Ḃí Mam sa naoḃóig sin. Do ġeal mo ċroí nuair ċuir Taḋg isteaċ sa naoḃóig mé agus ċonaiceas í. Ní ḟéadfainn focal a rá léi aċ cromaḋ ar ġol. Ní raiḃ aon ḟocal as Mam, aċ ṫóg sí ina huċt mé agus d’ḟáisc sí isteaċ léi mé agus ċuir sí a brat im ṫimpeall. Ḃraiṫeas uirṫi go raiḃ toċt uirṫi, aċ ní toċt é a ċuir aon eagla orm roimpi,agus ṫuit mo ċodlaḋ orm, agus níor ḋúisíos go raḃas istiġ sa ḃaile.
Do hullṁaíoḋ daḃaċ ṁór d’uisce te agus cuireaḋ síos ann mé agus tugaḋ deoċa teo ḋom agus casaḋ i bplainníntí mé agus baineaḋ allas asam, agus ní ligfí ḋom dul as an leaba go ceann ḋá lá. Ḃíṫeas am ṗot-ḃiaṫaḋ agus ag peataireaĊt orm an ḟaid sin.
Aċ nuair d’éiríos agus gur ḃraiṫeadar nár ḃaol dom—sin é an uair a fuair Jimín an rud a ḃí ag teaċt ċuige. Níor ḃuail sí in ao’ ċor an uair sin mé, aċ b’ḟearr liom go mór an tslat ná an tslí ḃíonn sí ag féaċaint orm. Níor ġáir sí ċugam le seaċtain, ná ní dúirt sí “maiṫ an buaċaill” liom.
Is dóċa gur droċ-saġas mé agus gur alfraits mé—sin é an ainm a ṫug sí orm an lá d’éiríos. Aḃ má’s alfraits mé dar ndóiġ ní mise fé ndeara é.
Bím aR mo ḋíċeall d’iarRaiḋ a ḃeiṡ go maiṫ, aċ teipeann orm. Ṫáim gan aon loċt le [ 65 ]seaċtain. agus féaċ! ní ḋéanfaḋ Mam gáire ná muintearṫas liom. Cad a ḋéanfad in ao’ ċor má ḟanann sí mar seo. Beiḋ mo ċroí briste. Tá sí ró-ḋian ar fad ar ḃuaċaill boċt.
Tá’s agam-sa cad a ḋéanfad léi. Imeod uaiṫi. Éalóiḋ mé amaċ an doras agus suas an cnoc—suas, suas, suas imeasc na ḃfaillte, agus raġad isteaċ i bpluais ann, agus bead go brónaċ agus go huaigneaċ, agus tiocfaiḋ Mam am lorg agus beiḋ sí ag glaoĊ orm, aċ ní Ṫaḃarfad aon ḟreagra uirṫi agus imeoiḋ sí go brónaċ ag gol agus í ag lorg Jimín ḃig ṁaiṫ.
Agus beiḋ mé gaċ aon oíċe ag féaċaint síos ar an solas inár ḃfuinneoig-na agus beiḋ ’ḟios agam go mbeiḋ Mam ag gol in aice na ṫine nó ina seasaṁ sa doras féaċaint an mbeinn-se ag teaċt.
Aċ fanfad-sa sa ṗluais ar an gcnoc agus mo Ċroí lán de ḃrón, agus beiḋ an bás ag teaĊt ċugam gaċ aon lá agus ansan tógfad amaċ an smut cailce seo im póca agus scríoḃ- fad ar ṫaoḃ na leice ḃeiḋ im aice:—
“Siad so cnama Gimin a fuair bas san áit seo agus a Ċroí briste toisc ná laḃarfaḋ Mam leis.”
Agus tar éis bliana ġeoḃaiḋ siad mo ṡnáṁa .igus taḃarfaiḋ siad aḃaile iad go dtí INam. agus beiḋ Mam ag gol agus ag bualaḋ a bas agus déarfaiḋ sí: “Ó ṁuise! cad ina ṫaoḃ nár laḃras lem !imín beag féin agus gan a ċroi a ḃrisead. Oċon! Oċon!”