Jimín/8

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Jimín by Pádraig Ó Siochfhradha
Mar do ċuir Jimín spiaire i dteannta
[ 66 ]

CAIBIDIL VIII

Mar do ċuir Jimín spiaire i dteannta.

COGAR i leiṫ, ná hinnis d’éinne dá rugaḋ é. Táim-se im ṡaiġdiúir! Níl aon ḃréag ann. In arm na hÉireann aṫáim agus mé ag fogLaim na saiġ- diúireaċta go tiuḃ. Bím ag iomPó deiseal, agus ag iompó clé, agus ag iompó ar ais, agus ag bualaḋ mo ṡál lena ċéile.

Taḋg Óg a ṁúin na focaiL órDAiṪe ḋom. Sé Taḋg an captaen atá anso ar na buaĊaiLlí móra, tá’s agat. Sin é a ḋein saiġdiúir díom- sa, agus a ṫaispeáin dom conas geáitsí an tsaiġdiúra a Ḋéanaṁ. AĊ ní ḃfaiġim aon ḃLas orṫu gan na bróga ḃeiṫ orm, mar ná déanann boinn mo Ċos iioĊtaiṫe aon ġLÓR, tá’s agat.

Ḃain Mam na bróga ḋíom oíċe nuair rug sí orm i dtig an ḃainne agus iad orm agus mé ag máirseáiL timpeaLL agus ag iumpó agus ag casaḋ agus ag cnagaḋ mo ṡál.

Ḃíos ag bualaḋ mo Ċos fúm go breá láidir. “Ar ḋeis!” arsa mise liom féin fé mar ċualas Ṫaḋg Óg a rá Leis na buaċaillí.

“Deas agus cLé, a ḃioránaiġ,” arsa Mam, ag teaċt an doras isteaḃ ṡugam agus am ḃualaḋ le ḋá ċlouta, deas agus clé. Ansan oo [ 67 ]Rug sí orm agus ḃí sí am ṫimṫaḋ ġur ṫit na bróga ḋíom. Ní raḃadar fáisciṫe in ao’ ċor, tá’s agat; agus ní raiḃ aon stoca orm.

Ḋúirt sí go raḃas ag ardú smúite a ḃí aġ dul isteaċ ar an mbainne sna beistí.

Is olc an sás mo ṁáṫair ċun misneaċ a ċur ar éinne a ḃeiṫ ina ṡaiġdiúir ar son na hÉireann, is olc san. Má ḃíos ag ṫógáiL smúite isteaċ sa ḃainne cad é an táḃaĊt san i gcomórtas leis an saiġdiúireaċt a ḃí á ḋéanaṁ agam?

Agus tá na sean-ṁná go léir inar í, mar nuair a ḃíd siad bailiṫe timPeaLL na tine sna tiṫe, ní ṫéann aon lagaḋ oRṪu aċ ag cáineaḋ na ndaoine atá ag cur isteaĊ ar an ngoḃermint “atá ċoṁ láidir a ċroí,” agus “b’ḟéidir gurab aṁlaiḋ a stopfaí an Pinsean uaṫu féin,” agus “ná fuil aon tseans go deo go mbogfaḋ an Sasanaċ a ġreim in Éirinn.”

Sin é saġas cainte ḃíonn acu san. Aċ b’ḟearr scaoileaḋ leo—níl fios a ṁalairt ag na rudaí boĊta. Táid siad dall, mo ġraiḋn iad!

Nuair ná raiḃ aon duine dem ċóṁ-aois im Ṫeannta d’iarras ar Ṫaḋg Óg cead a ṫaḃairt ṀiciLín Eoin, Leis, ḃeiṫ ina ṡaiġdiúir. Ṫuġ sé an cead, agus is é gnó ṫug sé dun ḃeirṫ againn ḃeiṫ ag faire agus ag éisṫeaĊṫ, agus ag breiṫ eolais ċuige féin i dtaoḃ éinne ḃeaḋ aR tí im mbuaċaillí san áit.

Ġearánas na sean-ṁná ar fad leis aċ is aṁlaiḋ a ġám sé fén méid sin. Spiairí agus daoine ḃeaḋ ag breiṫ scéalta ḃun na naṁad— eolas orṫu san a ḃí uaiḋ, adúirt sé.

[ 68 ]As san amaċ ni raiḃ stad le Micilín ná liom féin aċ ag cuardaċ do spiairí. Ḃímis laistiġ de sna claṫaċa istoíċe ag éisteaċt le gaċ éinne ġaḃaḋ an bóṫar. Tar eis ár ndíċill, áfaĊ, ní ḟiiaireamar aon spiaire sa ṗaróiste, agus b’orainn a ḃí an mí-ṡásaṁ.

Nuair a ṫeip muintir an ṗaróiste orainn ċeapamar go mb’ḟéidir go mbuailfeaḋ seans éigin linn dá ḃfairimis stróinséirí a ḃíoḋ ag teaċt is ag imeaċt. Bacaiġ is mó a ṫagaḋ, agus tincéirí. Is mó uair a ċloig a ṫugaimis á ḃfaire agus ár gcroí go cráite toise gur ḋaoine macánta iad go léir.

Ṫáinig fear ón nDaingean lá agus droċ-ċosa fé agus asal aige, aċ níorḃ iad Éire ná Sasana a ḃí ag cur tinnis air sin.

Ṫáinig fear eile ar leaṫ-ċois go raiḃ ḋá ṁaide croise aige. Ní ṡreidfeaḋ Micilín nár spiaire é i gcló bacaiġ, agus d’ḟaireamar é féaċaint an gcuirfeaḋ sé an dara cos fé, aċ níor ċuir.


Ansan ṫug tincéir caol rua turas ar an mbaile, agus a ḃean agus scata mór de ṫincéirí beaga fairis. Ċuardaíodar gaċ aon tiġ ar feaḋ an lae agus tráṫnóna d’imíodar soir gu dtí an crosaire—iad féin agus asal agus ċairt a ḃí acu—agus Ċuireadar fúṫu ann i gcoṁair na hoíċe.

Ḃí droċ-ḟuadar fúṫu, dar linn, agus iad d’ḟanaċt ansan. Ḃeartaiġ an ḃeirt againn éalú amaċ tar eis ár muintir a ḋul a ċodlaḋ ċun an tincéir agus a ḃean d’ḟaire.

[ 69 ]Amaċ trid an ḃfuinneoig a ċuas féin le smut de ṫéadán a ḃí ceangailte agam de ċois na leapan. D’ḟéadfainn dul amaċ an doras gan aon téad, tá’s agat, aċ ní ḃeaḋ aon ġaisce ansan.

Ḃuail Micilín liom sa ḃuaile agus ċuaiġ an ḃeirt againn soir trí na páirceanna go dtí an cros-ḃóṫar. Ḃí na tincéirí fós ann agus tine ar lasaḋ acu, agus rud éigin acu dá róstaḋ. Fuaireas amaċ ó sin gurḃ é bárdal Ḃeit Móire a ḃí acu. Nuair a ḃí sé róstaiṫe d’iṫeadar láiṫreaċ é agus ṫugadar na cnáṁa do na leanḃaí beaga le cogaint.

Ċuadar an dream go léir a ċodlaḋ ansan aċ an t-aṫair. Ḃeir sé sin an t-asal leis agus ċuir sé isteaċ i móinéar Ṗeats Teaimí é, agus in ionad duL a ċodlaḋ fé mar ḋein an ċuid eile, is aṁlaiḋ a ṫug sé aġaiḋ siar ar na tiṫe arís.

Ḃain san preab asainn agus an ḃeirt againn i ndíg ag faire air.

“Hanaman scian, a Ṁicilín,” arsa mise, “spiaire!”

Ċloisfeá croí Ṁicilín ag bualaḋ agus a anál á ḃaint de. Siúd linn ina ḋiaiḋ ag éalú.

Nuair a ṫáinig an tincéir in aice tí Ṁáire Aindí ċuaiġ sé ar éalú cois an ċlaí agus é ag stad agus cluas air gaċ ’ra neomat. Ḃí aḋarc ḃeag den ġealaiġ ann an oíċe sin.

“Ag spiaireaċt ar Ṫaḋg Óg atá sé,” arsa mise i gcogar le Micilín, nuair ċonaiceas an rascail ag dul isteaċ i measc na dtiṫe. Ḃí mo ċroí féin im ḃéal agus mé te, agus mo láṁa ar criṫ, agus ná feadar cad a ḋéanfainn. [ 70 ]Ba ṁeasa Micilín ná mé féin, agus ḃí aġaiḋ ḃán air. Conaiceas an tincéir arís agus é ar a ċromaḋ ag éaLú ó ṫiġ go tiġ sa ḃaile agus Rud éigin ar a ḋrom aige.

Dúras le Micilín ansan riṫ Leis go ciúin agus cuid de ċomrádaiṫe Ṫaiḋg Óig a ṁúscailt agus a ḃreiṫ leis ċun go mbeiridís ar an spiaire.

Siúd le MiciLín agus d’imíos féin ag Laṁncán laistiar den dtiġ go dtángas go dtí an seomra mar a mbíonn Taḋg ina ċodlaḋ.

Ḃí tairne im ṗóca agus ċromas ar an ngloine a scríobaḋ leis agus ní fada go dtáinig Taḋg ṡugam. Ḃagraíos air a ḃéal d’éisteaċt. D’oscail sé an ḟuinneog go ciúin agus dúras leis go hairṫinneaċ cur air agus teaċt amaċ ċugam.

“Tar im ḋiaiḋ,” arsa mise, “tá spiaire agam.”

Agus siúd liom ag laṁncán arís go dtí cúinne an tí. Nuair a ṫángas ansan do stadas inar fuaireas raḋarc ar mo ḃioránaċ arís ag éalú imeasc na dtiṫe agus a hata anuas ar a súiliḃ aige ag féaċaint gaċ ’ra coiscéim ar an dtiġ cónaiṫe; agus ḃí rud éigin mór ar a ḋroin.

Ċuaiġ sé go ciúin go doras tí an ḃainne agus do ḃain an Lúb den doras agus d’éalaig isteaċ agus do ḋruid an doras amaċ ina ḋiaiḋ. Ṗreabas féin anonn agus ċuireas an lúb arís ar an ndoras ón dtaoḃ amuiġ.

“Sea, a ḃuaċaill, ceap do ṡuaiṁneas ansan anois duit féin,” arsa mise.

[ 71 ]Lena linn sin táinig Taḋg Óg aġus ċonaiceas ċugam anuas Micilín aġus ceaṫrar de na buaċaillí. Ní raiḃ a ċuid éadaiġ i ġceart ar éinne acu.

Ċromas láiṫreaċ ar a ċur in úil dóiḃ ġu raiḃ spiaire fé ġlas agam i dtiġ an ḃainiim go raḃamar ar feaḋ iia hoíċe ar a ṫóir; aġus go gcaiṫfí é láṁaċ nó é ċroċaḋ!

Ní raiḃ gíog as an mbioránati a ḃí fé ġlas. Is dóċa go raiḃ sé ag breiṫ ċuiġe, an fear boċt!

Ċromadar san am ċeistiú-sa agus giorranál orṫu tar éis an Preab a ḃain an scéal astu, agus Leis an iontas; agus iad go léir ag caint os íseal.

Ḃíos féin agus Micilín ag iarraiḋ an scéal a ċur i dtuiscint dóiḃ, agus giorranál orainn- ne, leis. Ḃíomar i ḃfad sar ar ḟéadamar brí an scéil a ċur ina luí orṫu.

I lár na cainte istiġ, cad a ḃraiṫfimís Ċugainn i Leiṫ an bóṫar aċ trucail ṁór ġluais- teáin agus soLas mór, geaL ar a ṫosaċ.

Stadamar le hiontas ag féaċaint air agus gan aon ḟocal asainn. Ḃí sé ag gluaiseaḃt go dtáinig sé go bun an ḃaile. Ansan do stad sé agus léim gasra mór fear amaċ—saiġdiúirí agus póilíní!

Conaiceamar iad go Léir ag teaċt aníos fé ḋéin tí Ṫaiḋg Óig.

“Droċ-ḟuadar!” arsa Taḋg Óg. “Seo liḃ; ní fearr ḃeiṫ anso.”

D’éalaíomar Linn suas gan iad dár ḃfris- cint, agus nuair stadadar san ag an dtiġ, stadamar-ne ag féaċaint síos orṫu.

[ 72 ]Ċuardaíodar an tig ar Lorg Ṫaiḋg. Aċ ní raiḃ aon Taḋg ann dóiḃ. Nuair ná raiḃ sé le fáil istiġ acu seo leo ag cuardaċ na dtiṫe go léir amuiġ.

Nuair a ċuadar i dtiġ ḃainne Ṁáire Aindí agus ḃuail an tincéir leo, ḃí gleo mór agus glaoití ar siúl acu, agus caint ṁór láidir ag an dtincéir. Ní ċreidfidís nárḃ é Taḋg Óg a ḃí acu. D’ardaíodar leo é agus na ceangail air.

Nuair a ṫángamar-ne anuas ċun na dtiṫe arís ḃí an baile go léir ina suí agus gaċ tig acu ar lorg a ḋuine féin. Ḃí Máire Aindí ag dul i ḃfanntaisí, agus ḃí Nell ag gol agus Taḋg Óg á cur ar a suaiṁneas. Níl aon réasún le mnáiḃ!

Nuair a ċuaiġ Máire Aindí go tiġ an ḃainne ar maidin fuair sí mála an tincéara ann agus trí cinn déag dá cearca féin istiġ ann, marḃ.

Nuair d’innis sí ḋoṁ-sa é ṫuigeas an scéal. Ḃí déistin orm. Ní raiḃ fé ġlas agam tar éis an tsaoil aċ gadaí cearc.