Ċuardaíodar an tig ar Lorg Ṫaiḋg. Aċ ní raiḃ aon Taḋg ann dóiḃ. Nuair ná raiḃ sé le fáil istiġ acu seo leo ag cuardaċ na dtiṫe go léir amuiġ.
Nuair a ċuadar i dtiġ ḃainne Ṁáire Aindí agus ḃuail an tincéir leo, ḃí gleo mór agus glaoití ar siúl acu, agus caint ṁór láidir ag an dtincéir. Ní ċreidfidís nárḃ é Taḋg Óg a ḃí acu. D’ardaíodar leo é agus na ceangail air.
Nuair a ṫángamar-ne anuas ċun na dtiṫe arís ḃí an baile go léir ina suí agus gaċ tig acu ar lorg a ḋuine féin. Ḃí Máire Aindí ag dul i ḃfanntaisí, agus ḃí Nell ag gol agus Taḋg Óg á cur ar a suaiṁneas. Níl aon réasún le mnáiḃ!
Nuair a ċuaiġ Máire Aindí go tiġ an ḃainne ar maidin fuair sí mála an tincéara ann agus trí cinn déag dá cearca féin istiġ ann, marḃ.
Nuair d’innis sí ḋoṁ-sa é ṫuigeas an scéal. Ḃí déistin orm. Ní raiḃ fé ġlas agam tar éis an tsaoil aċ gadaí cearc.