Lena linn sin táinig Taḋg Óg aġus ċonaiceas ċugam anuas Micilín aġus ceaṫrar de na buaċaillí. Ní raiḃ a ċuid éadaiġ i ġceart ar éinne acu.
Ċromas láiṫreaċ ar a ċur in úil dóiḃ ġu raiḃ spiaire fé ġlas agam i dtiġ an ḃainiim go raḃamar ar feaḋ iia hoíċe ar a ṫóir; aġus go gcaiṫfí é láṁaċ nó é ċroċaḋ!
Ní raiḃ gíog as an mbioránati a ḃí fé ġlas. Is dóċa go raiḃ sé ag breiṫ ċuiġe, an fear boċt!
Ċromadar san am ċeistiú-sa agus giorranál orṫu tar éis an Preab a ḃain an scéal astu, agus Leis an iontas; agus iad go léir ag caint os íseal.
Ḃíos féin agus Micilín ag iarraiḋ an scéal a ċur i dtuiscint dóiḃ, agus giorranál orainn- ne, leis. Ḃíomar i ḃfad sar ar ḟéadamar brí an scéil a ċur ina luí orṫu.
I lár na cainte istiġ, cad a ḃraiṫfimís Ċugainn i Leiṫ an bóṫar aċ trucail ṁór ġluais- teáin agus soLas mór, geaL ar a ṫosaċ.
Stadamar le hiontas ag féaċaint air agus gan aon ḟocal asainn. Ḃí sé ag gluaiseaḃt go dtáinig sé go bun an ḃaile. Ansan do stad sé agus léim gasra mór fear amaċ—saiġdiúirí agus póilíní!
Conaiceamar iad go Léir ag teaċt aníos fé ḋéin tí Ṫaiḋg Óig.
“Droċ-ḟuadar!” arsa Taḋg Óg. “Seo liḃ; ní fearr ḃeiṫ anso.”
D’éalaíomar Linn suas gan iad dár ḃfris- cint, agus nuair stadadar san ag an dtiġ, stadamar-ne ag féaċaint síos orṫu.