Page:Jimín - Ó Siochfhradha.djvu/76

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
70
JIMÍN

Ba ṁeasa Micilín ná mé féin, agus ḃí aġaiḋ ḃán air. Conaiceas an tincéir arís agus é ar a ċromaḋ ag éaLú ó ṫiġ go tiġ sa ḃaile agus Rud éigin ar a ḋrom aige.

Dúras le Micilín ansan riṫ Leis go ciúin agus cuid de ċomrádaiṫe Ṫaiḋg Óig a ṁúscailt agus a ḃreiṫ leis ċun go mbeiridís ar an spiaire.

Siúd le MiciLín agus d’imíos féin ag Laṁncán laistiar den dtiġ go dtángas go dtí an seomra mar a mbíonn Taḋg ina ċodlaḋ.

Ḃí tairne im ṗóca agus ċromas ar an ngloine a scríobaḋ leis agus ní fada go dtáinig Taḋg ṡugam. Ḃagraíos air a ḃéal d’éisteaċt. D’oscail sé an ḟuinneog go ciúin agus dúras leis go hairṫinneaċ cur air agus teaċt amaċ ċugam.

“Tar im ḋiaiḋ,” arsa mise, “tá spiaire agam.”

Agus siúd liom ag laṁncán arís go dtí cúinne an tí. Nuair a ṫángas ansan do stadas inar fuaireas raḋarc ar mo ḃioránaċ arís ag éalú imeasc na dtiṫe agus a hata anuas ar a súiliḃ aige ag féaċaint gaċ ’ra coiscéim ar an dtiġ cónaiṫe; agus ḃí rud éigin mór ar a ḋroin.

Ċuaiġ sé go ciúin go doras tí an ḃainne agus do ḃain an Lúb den doras agus d’éalaig isteaċ agus do ḋruid an doras amaċ ina ḋiaiḋ. Ṗreabas féin anonn agus ċuireas an lúb arís ar an ndoras ón dtaoḃ amuiġ.

“Sea, a ḃuaċaill, ceap do ṡuaiṁneas ansan anois duit féin,” arsa mise.