Page:Jimín - Ó Siochfhradha.djvu/72

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

CAIBIDIL VIII

Mar do ċuir Jimín spiaire i dteannta.

COGAR i leiṫ, ná hinnis d’éinne dá rugaḋ é. Táim-se im ṡaiġdiúir! Níl aon ḃréag ann. In arm na hÉireann aṫáim agus mé ag fogLaim na saiġ- diúireaċta go tiuḃ. Bím ag iomPó deiseal, agus ag iompó clé, agus ag iompó ar ais, agus ag bualaḋ mo ṡál lena ċéile.

Taḋg Óg a ṁúin na focaiL órDAiṪe ḋom. Sé Taḋg an captaen atá anso ar na buaĊaiLlí móra, tá’s agat. Sin é a ḋein saiġdiúir díom- sa, agus a ṫaispeáin dom conas geáitsí an tsaiġdiúra a Ḋéanaṁ. AĊ ní ḃfaiġim aon ḃLas orṫu gan na bróga ḃeiṫ orm, mar ná déanann boinn mo Ċos iioĊtaiṫe aon ġLÓR, tá’s agat.

Ḃain Mam na bróga ḋíom oíċe nuair rug sí orm i dtig an ḃainne agus iad orm agus mé ag máirseáiL timpeaLL agus ag iumpó agus ag casaḋ agus ag cnagaḋ mo ṡál.

Ḃíos ag bualaḋ mo Ċos fúm go breá láidir. “Ar ḋeis!” arsa mise liom féin fé mar ċualas Ṫaḋg Óg a rá Leis na buaċaillí.

“Deas agus cLé, a ḃioránaiġ,” arsa Mam, ag teaċt an doras isteaḃ ṡugam agus am ḃualaḋ le ḋá ċlouta, deas agus clé. Ansan

oo

66