Rug sí orm agus ḃí sí am ṫimṫaḋ ġur ṫit na bróga ḋíom. Ní raḃadar fáisciṫe in ao’ ċor, tá’s agat; agus ní raiḃ aon stoca orm.
Ḋúirt sí go raḃas ag ardú smúite a ḃí aġ dul isteaċ ar an mbainne sna beistí.
Is olc an sás mo ṁáṫair ċun misneaċ a ċur ar éinne a ḃeiṫ ina ṡaiġdiúir ar son na hÉireann, is olc san. Má ḃíos ag ṫógáiL smúite isteaċ sa ḃainne cad é an táḃaĊt san i gcomórtas leis an saiġdiúireaċt a ḃí á ḋéanaṁ agam?
Agus tá na sean-ṁná go léir inar í, mar nuair a ḃíd siad bailiṫe timPeaLL na tine sna tiṫe, ní ṫéann aon lagaḋ oRṪu aċ ag cáineaḋ na ndaoine atá ag cur isteaĊ ar an ngoḃermint “atá ċoṁ láidir a ċroí,” agus “b’ḟéidir gurab aṁlaiḋ a stopfaí an Pinsean uaṫu féin,” agus “ná fuil aon tseans go deo go mbogfaḋ an Sasanaċ a ġreim in Éirinn.”
Sin é saġas cainte ḃíonn acu san. Aċ b’ḟearr scaoileaḋ leo—níl fios a ṁalairt ag na rudaí boĊta. Táid siad dall, mo ġraiḋn iad!
Nuair ná raiḃ aon duine dem ċóṁ-aois im Ṫeannta d’iarras ar Ṫaḋg Óg cead a ṫaḃairt ṀiciLín Eoin, Leis, ḃeiṫ ina ṡaiġdiúir. Ṫuġ sé an cead, agus is é gnó ṫug sé dun ḃeirṫ againn ḃeiṫ ag faire agus ag éisṫeaĊṫ, agus ag breiṫ eolais ċuige féin i dtaoḃ éinne ḃeaḋ aR tí im mbuaċaillí san áit.
Ġearánas na sean-ṁná ar fad leis aċ is aṁlaiḋ a ġám sé fén méid sin. Spiairí agus daoine ḃeaḋ ag breiṫ scéalta ḃun na naṁad— eolas orṫu san a ḃí uaiḋ, adúirt sé.