Jump to content

Page:Jimín - Ó Siochfhradha.djvu/69

From Wikisource
This page has been proofread.
63
Jimín ar seaċrán farraige

Aċ ṫéaḋ an ráṁaíoċt inár gcoinniḃ mar ḃí an ḟarraige ró-ġarḃ agus leagaḋ an maide ar ár gcúl anuas den toċta sinn.

Ansan ṫugainn tamall ag gol, agus b’in é an gol croí-ḃriste. Ċuiṁnínn ar Ṁam agus ar Ḋaid agus ar Ċáit; agus ġlaoinn ar Ṁam ċun teaċt agus a buaċaillín féin a saoraḋ. Agus deirinn léi go ḃféadfaḋ sí mé a ḃualaḋ go mbeaḋ sí sásta, agus go mbeinn im ḃuaċaill maiṫ gaċ aon uair eile, go deo agus go bráċ!

Ansan ċorraíoḋ Micilín agus deireaḋ sé liom paidir a rá agus ṫéimis ar ár nglúine, duine ar gaċ taoḃ den toċta, agus deirimis “Ár nAṫair atá ar Neaṁ,” agus d’iarraimis ar Ḋia agus ar Ṁuire agus ar Ṗádraig agus ar na Naoiṁ go léir, teaċt i gcaḃair dúinn.

Bí ’ḟios againn ná raiḃ Dia ró-ṁór Linn toisc a raiḃ de ṡladaíoċt déanta againn d’iarraiḋ na peile a ċeannaċ. Ġeallamar go prinsiopálta ná goidfimis uiḃe goir ná gliomaċ an ḟaid a ṁairfimis beo.

Ṫuigeamar go mbogfaḋ san an scéaL dúinn— sinn ansúd ar ár ngLúiniḃ agus greim ar ṫoċta báid againn agus an bádácaiṫeaṁ síos suas, soir siar, ag an mí-áḋ farraige ná fanfaḋ socair.


Ní ró-ċruinn atá na rudaí sin im aigne in ao’ ċor anois. Is geall im ċuiṁne iad leis an dtromluí a ḃí orm bliain ó ṡin nuair ċeapas go raiḃ tarḃ mór Ṁiċí Ṫomáis im ḋiaiḋ an cnoc anuas.

Ṫáinig codlaḋ nó mairḃití éigin orm faoi ḋeireaḋ agus sé an ċéad rud eile is cuiṁin