Page:Jimín - Ó Siochfhradha.djvu/70

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
64
JIMÍN

liom i dtaoḃ an ḃáid ná Taḋg Óg a ḃeis am ċroṫaḋ, agus nuair a ḋúisíos ṫugas fé ndeaRa go raiḃ ċúig cinn de naoḃóga timpeall orainn agus greim ag naoḃóig acu ar an mbád.

Ḃí Mam sa naoḃóig sin. Do ġeal mo ċroí nuair ċuir Taḋg isteaċ sa naoḃóig mé agus ċonaiceas í. Ní ḟéadfainn focal a rá léi aċ cromaḋ ar ġol. Ní raiḃ aon ḟocal as Mam, aċ ṫóg sí ina huċt mé agus d’ḟáisc sí isteaċ léi mé agus ċuir sí a brat im ṫimpeall. Ḃraiṫeas uirṫi go raiḃ toċt uirṫi, aċ ní toċt é a ċuir aon eagla orm roimpi,agus ṫuit mo ċodlaḋ orm, agus níor ḋúisíos go raḃas istiġ sa ḃaile.

Do hullṁaíoḋ daḃaċ ṁór d’uisce te agus cuireaḋ síos ann mé agus tugaḋ deoċa teo ḋom agus casaḋ i bplainníntí mé agus baineaḋ allas asam, agus ní ligfí ḋom dul as an leaba go ceann ḋá lá. Ḃíṫeas am ṗot-ḃiaṫaḋ agus ag peataireaĊt orm an ḟaid sin.

Aċ nuair d’éiríos agus gur ḃraiṫeadar nár ḃaol dom—sin é an uair a fuair Jimín an rud a ḃí ag teaċt ċuige. Níor ḃuail sí in ao’ ċor an uair sin mé, aċ b’ḟearr liom go mór an tslat ná an tslí ḃíonn sí ag féaċaint orm. Níor ġáir sí ċugam le seaċtain, ná ní dúirt sí “maiṫ an buaċaill” liom.

Is dóċa gur droċ-saġas mé agus gur alfraits mé—sin é an ainm a ṫug sí orm an lá d’éiríos. Aḃ má’s alfraits mé dar ndóiġ ní mise fé ndeara é.

Bím aR mo ḋíċeall d’iarRaiḋ a ḃeiṡ go maiṫ, aċ teipeann orm. Ṫáim gan aon loċt le