Page:Jimín - Ó Siochfhradha.djvu/65

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
59
JIMÍN AR SEAĊRÁN FARRAIGE

ṫit sí amaċ liom, agus fiċe céad míLe milliún gaḃáil móna: agus tá mo ċroí is m’ae ag riṫ ar a ċéile agam ón gcosa-in-airde ag dul ar ṫeaċtaireaċtaí ḋi.

Aċ cad é an ṁaiṫ sin? Ní ḃfaiġim tar éis na mbeart aċ droċ-íde. Uair dá raiḃ gaḃáil móna agam ag teaċt, ṫugas ġaḃáil ṁór liom d’ḟonn a buíoċas a ṫuilleaṁ: aċ ṫit caḋrán sa doras agus ṁaraiġ sé sicín beag ḋá lá, agus ṁaraiġ Mam mise.

Ní ḟéadaim aon rud a ḋéanaṁ ġo ceart. Imíonn ainnise éigin ar gaċ aon ní. Ċuir mo ṁáṫair mé ag caḃrú le Cáit ċun na gceaċt.

“A hoċt fé ċeaṫair,” arsa mise.

“A hoċt is daċad,” arsan gligín.

“Léan id ċeann cipín!” arsa mise. (Sin é adeir an Máistir ar scoil linn-ne. Is maiṫ an ḃail air ná fusa mo ṁáṫair ar scoil aige).

Nuair a ċuala Mam cad dúras le Cáit, ṫáinig olc uirṫi ċugam. Rug sí ar scoiṫ cinn orm agus deirim-se leat nár ḟág sí aon teaspaċ orm.

“Múinfiḋ san fios do ḃéas duit,” arsa Mam, agus rop sí síos sa tseomra mé.

Tá gaċ aon rud im ċoinniḃ agus ní haon ṁaiṫ ḋom ḃeiṫ ag iarraiḋ buaċaill maiṫ a ḋéanaṁ díom féin. Ní ligfear dom ḃeiṫ go maiṫ. Ní ḃeaḋ Mam sásta, ceapaim, gan í ḃeiṫ á rá gaċ aon uair a ċloig ná raḃas go maiṫ.

Ḃí mo ċroí scólta nuair cuireaḋ sa tseomra mé. Ḃí olc orm ċun ġaċ einne. Ḋeineas pictiúir ar an urlár de ṡeanḃád Ṫaiḋg Nellí,