Page:Jimín - Ó Siochfhradha.djvu/66

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
60
JIMÍN

agus rinceas ino ṡásaṁ uirṫi. Ḃí mo ċroí lán d’olc ċuici sin mar sin í a ṫarraing an mí-áḋ so go léir anuas orm.


Mar seo do ṫit an scéal amaċ, tá’s agat. Ní raiḃ aon liaṫróid coise agam féin agus Micilín Eoin. An sean-ċeann a ḃí againn d’imiġ sé ina stráicí. Ní raiḃ ceann nua le fáil gan a deiċ scillinge, agus tar éis ḃeiṫ ag bailiú uḃ ar feaḋ coicíse ní raiḃ againn aċ a ceaṫair agus tistiún.

Ṫógas féin na huiḃe ón gcirc a ḃí deiċ lá ar gor ag Beit Ṁóir! Fuair Micilín dá scilling orṫu i siopa an Tobair.

Nuair nárḃ ḟéidir linn dul ṫar an gceaṫair is tistiún b’éigean dúinn slí éigin eile a ṫarraing ċugainn. Ḃíomar i ḃfad ag cuiṁneaṁ agus ag smaoineaṁ agus is é rud a ḃeartaíomar sa deireaḋ a ḋéanaṁ ná gleamaiġ a ḋíol; agus ċeapamar maidean Doṁnaiġ ċuige sin.

Ḃí a Lán cogarnaí ar siúl ag an mbeirt againn. Ḃí sé socair againn ná tógfaimis aċ ċeiṫre cinn de ġleamaiġ nó b’ḟéidir ċúig cinn. Ní raġaimis ṫar ċúig cinn. Ċuirfimis i gcliaḃ iad agus feamnaċ timpeall orṫu agus ḃéar- faimis ’on Daingean ar ṡlí éigin iad. Ḃeaḋ an ṗeil ag teaċt aḃaile againn.

Ní ligfimis d’aon duine eile barr bróige a ḃualaḋ uirṫi sin. Ḃeinn-se is MiciLín in ár máistrí ar an bpeil. Ḃeaḋ sí oíċe agam-sa agus an tarna hoíĊe ag Micilín. Ní ḃeaḋ cead ag einne againn an loṁnán a ḃaint amaċ aisti ċun ḃeiṫ á ṡéideaḋ.