“Ara! bain díot iad agus ná bí ag déanaṁ Máire Ní Ógáin díot féin,” arsa Máire Aindí.
Níor ḋein Nell aċ gáire, agus d’ḟéaċ sí síos uirṫi féin.
“Ná fuilim go deas?” ar sise.
“Ó! go gleoite!” arsa Taḋg.
Ní dúirt Máire aon ní.
“Cad dúirt do Ṁam leat nuair a ċonaic sí ṫú?” arsa Nell.
“Ní ḟaca sí fós mé,” arsa mise, “mar ná raḃas sa ḃaile ċuige.”
“Agus an aṁlaiḋ atá eagla ort dul?” arsa Nell.
“Ba ṁaiṫ an ceart dó,” arsa Taḋg, agus d’innis sé ḋóiḃ cad d’imiġ ar Ṫaḋg Learaí Ḃig.
“Agus dá ṁéid an néall a ḃí uirṫi nuair ċonaic sí gúna Ċáit ar Ṫaḋg beag, ṫáinig an t‑olc ar fad uirṫi nuair a ḃraiṫ sí casóg agus hata a haṫar imiṫe!” arsa Taḋg Óg.
Ḃí ’ḟios agam féin gur mar sin a ḃeaḋ, leis, gan Taḋg Óg á insint dom in ao’ ċor. Ḃraiṫeas mo ċroiceann greadaiṫe, scólta ċeana féin ón mbualaḋ a ḃíṫeas ċun a ṫaḃairt dom.
“Ní gá ḋi in ao’ ċor ḃeiṫ ċoṁ cruaiḋ sin ar ḃuaċaill boċt,” arsa Nell. Ba ṁaiṫ í Nell.
“B’ḟéidir nár iṫis aon Dínnéar inniu, leis,” ar sise.
Ḃí ’ḟios agam go raiḃ Nell tuisceanaċ agus go leanfaḋ sí ag taṫant orm go gcaiṫfinn rud éigin.
“Ó!” arsa mise, “níl aon ocras orm.”