Page:Jimín - Ó Siochfhradha.djvu/56

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
50
JIMÍN

“Fa’ san uaim,” ar seisean, “is tusa fé ndeara é,” agus ḃí an gol agus an ḟearg a ṫaċtaḋ. Rug sé ar na cloċa sa ḃóiṫrín agus ḃí sé a rúscaḋ liom agus gaċ aon liú goil aige.

Ṗléascamar go léir ag gáirí. “Hí-ú, cosa buí arda!” arsa sinn-ne.

Ḋein san an donas ar fad ar Ṫaḋg. “ Bú- hú!” ar seisean, agus as go braċ leis aḃaile tríd na garraiṫe.

Aċ dá ṁéid an greann a ḃí againn ar Ṫaḋg ní raḃas-sa in ao’ ċor istiġ liom féin. Ḃí fearg mo ṁáṫar mar a ḃeaḋ scamall os mo ċionn.

D’imiġ an Dreoilín ar fad soir ċun na ceártan agus ċun na dtiṫe in aice leis, aċ ní ḟuaireas-sa aon spórt insa Dreoilín a ṫuilleaḋ.

Nuair a Ċuamar go tiġ Ṗeats Teaimí ní ṫaḃarfaḋ sé aon ní ḋúinn. Dúirt sé gur “paca díoṁaoin” sinn, agus ċuir sé an madra linn. Aċ d’éiriġ an madra as an scéal nuair a buaileaḋ isteaċ idir an dá ṡúil leis an loṁnán gaoiṫe é.

Riṫ Peats inár ndiaiḋ lena ṁaide aĊ ḃí fuar aige ḃeiṫ ag iarraiḋ breiṫ orainn-ne—agus na bróga leaistic orm féin!

Ḃíomar tuirseaċ den Dreo:lín fén dtráṫ san agus dúramar go n-éireoimis as. Ḃí ocras ag teaĊt, leis, orainn. Dó ḋéag is seaċt bpingne ḃí againn agus roinneamar idir an deiĊniúr a ḃí sa Dreoilín é—scilling is leaṫ-réal an duine.

Ṫugamar an ṗingin ḃreise do Ṫaḋg Learaí Ḃig toisc an sceiṁle fuair sé ó Ṁam. Micilín