Jimín/5

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Jimín by Pádraig Ó Siochfhradha
Mar a n-instear scéala na Nollag agus dúthracht Jimín don ngandal
[ 31 ]

CAIBIDIL V

Mar a n-instear scéala na Nollag agus dúṫraċt Jimín don ngandal.

CAIṪFIḊ mé insint mar ġeall ar an Nollaig a ḃí againn.

Ċuaiġ Mam go dtí an Daingean cúpla lá roiṁ Nollaig—í féin agus Daid—agus ṫugadar an capall leo agus cliaḃ agus bosca sa ċairt.

Ḃí an t-airgead ag Mam. Rug sí léi ḋá ġé—ċun ceann acu a ṫaḃairt do doċtúir na inbeiṫíoċ, agus an ceann eile a ṫaḃairt d’ḟear a’ Ḃainc, mar sin é an duine go ḃfuil airgead Ṁam ar fad i ġcoimeád aige, agus tá an-ṁeas aici air.

Faid a ḃíodar sa Daingean ċuas féin go dtí an Gleann Doiṁin agus an scian ṁór agam, agus téadáinín, agus ṫugas aḃaile liom tor mór cuilinn, agus fuaireas eiḋneán i ḃfoṫraiġ na Cille.

Nuair a ḃíos ag gaḃáil ṫar doras aici ṫáinig Nell Ṁáire Aindí amaċ ċuġam ag plámás liom d’iarraiḋ go dtaḃarfainn roinn ċuilinn di. Ċeap sí go mbeinn-se im amadáinín aici, agus ḃí sí am ṁolaḋ agus ag ṫaḃairt “buaċaillín [ 32 ]maiṫ” orm agus á rá go ḃfaiġinn féirín uaiṫi i gcoṁair na Nollag.

Ḃíos-sa á ligean orm ar dtúis ná tabarfainn di é aċ mar sin féin, nuair scaoileas an beart sa ḃaile ṫugas cúpla craoḃ ċuilinn anonn ċuici. Táim an-ṁór le Nell, tá’s aġat.

Ḃí sceitimíní ar Ċáit nuair a ċonaic sí an t-ualaċ mór a ḃí agam an doras isteaċ. “Ó!” ar sise “beiḋ an tiġ go gleoite anois againn;” agus ḃí sí ag féaċaint ar na caora dearga a ḃí ar an gcuileann agus í ag rince timpeall an urláir. “Ó! naċ gleoite iad? ” ar sise. “A’ ḃfeacaís riaṁ aon daṫ dearg ċoṁ deas leis?”

Mar sin a ḃíonn Cáit i gcónaí, mura ḃfeiceaḋ sí aċ neoinín nó pósaí-bó-ḃleaċt. Ċloisfeá na cailíní go léir mar sin, a ḋuine, le gaċ aon tsórt ní.

Ḃí ocras orm féin. “Caiṫ uait na céapars sam,” arsa mise, “agus tr’om rud éigin le n-iṫe.”

“Ó! mo ḋearmad!” arsa Cáit, agus ṫug sí cogar dom. “Ní ċuirfeá amaċ cad tá agam duit?”

“Cad é?” arsa mise.

Do ġáir sí. “Ní ’neosad duit é,” ar sise, “mar do scéiṫfeá orm le Mam.”

“’Om briaṫar ná scéiṫfead, a Ċáit! arsa mise.

“Maróiḋ sí mé i dtaoḃ an tsiúcra!” arsa Cáit.

“Ariú cad é an siúcra?” arsa mise.

“Agus mar ġeall ar an uaċtar!” ar sise.

[ 33 ]“Hanaman diucs! a Cáit, an aṁlaiḋ atá cístí milse déanta agat?”

“Ó, ní ’neosad duit! ní ’neosad duit! ar sise, agus ḃí sí ag gáirí agus ag léimniġ ar an urlár. Ansan ċuaiġ sí go dtí an driosúr agus ṫóg sí anuas dá ċupán le cur ar an mbord.

“Á, hanaman! a Ċáit,” arsa mise, “innis dúinn cad tá agat.”

“Ní ’neosad! ní ’neosad!” ar sise, agus ġáir sí agus ḃí sí ag rince agus ag caiṫeaṁ a cos. N’ḟaca sí an t-eiḋneán ar an urlár gur leag sé í agus, slán mar a n-instear é! baineaḋ píosa mór as cliaṫán ceann de na cupaí a ḃí ina láiṁ.

Rug Cáit ar an bpíosa agus ḃí sí ar criṫ ag iarraiḋ é a ċur isteaċ ina áit féin arís féaċaint an ḃfanfaḋ sé istiġ.

Ansan ċrom sí ar ġol agus, a ḋuine, ḃí sí ag iarraiḋ a ṁileán a ċur orm-sa. Ċuireas in úil di naċ mise fé ndeara é aċ í féin agus a cuid léimní: aċ níorḃ aon ṁaiṫ ḃeiṫ ag caint léi. Ní ḋéanfaḋ sí aċ gol. Ṫáinig trua agam féin di sa deireaḋ.

“Tr’om é, a Ċáit,” arsa mise, “agus ní ḃeiḋ ’ḟios ag Mam go deo é.”

Ṫugas an cupa briste go dtí an driosúr agus ċuireas ṫíos fé ḋá ċupa eile é agus an taoḃ briste isteaċ.

“Ó! a ṁuiricín! cad a ḋéanfad in ao’ ċor má ċíonn Mam é?” arsa Cáit.

Ansan ḋeineamar té—muga an duine againn. Sin é an uam a ṫarraing Cáit amaċ na rudaí [ 34 ]dúirt sí a ḃí déanta aici—cístí beaga uaċtair agus crústa siúcra orṫu.

Fuaireamar im sa ċupard agus ċonac-sa próca mór de ṡuḃ a ḃí ann agus clúdaċ páipéir ceangailte go daingean ar a ḃarr. Ġearras an ceangal go haiclí agus deirim-se leat gur ḃaineamar súlaċ as na rudaí ar fad. Fé mar iṫimis greim aráin ṫógaimis lán spiúnóige den tsuḃ!


Nuair a ḃí ár ndóṫain ite againn ḃí an suḃ i ḃfad síos sa ṗróca, aċ ċeanglaíos-sa an páipéar go haimí arís air agus ċuireas ṫar n‑ais sa ċupard é mar ḃí sé ċeana. Is mór an trua ná bíonn Mam sa Daingean gaċ aon lá.

Fuaireas féin casúr ansan agus tairní beaga agus ḃí Cáit ag sínoaḋ eiḋneáin agus cuilinn ċugam. Ċuireamar timpeall na ḃfuinneog é agus ar ḃarr an driosúir agus os cionn na tine.

Ḃíoḋ sé deacair é ċeangal in áit ná bíoḋ aḋmad, agus ċaiṫinn tairní móra a ṫiomáint sa ḃfalla. Ṫiteaḋ scailpeanna den ṁoirtéal anuas uaireanta.

Nuair a ḃí an tiġ críoċnaiṫe againn rugamar ar “Sailor”—sin é an madra, tá’s agat—agus ċlúdaíomar ó ċeann go heireaball é le cuileann agus ḃí an-spórt againn air.

Nuair a ṫáinig an tráṫnóna lasamar an lampa. Ḃí cuma aeraċ ar an dtiġ.

Ḃí an oíċe ann nuair a ṫáinig Mam is Daid aḃaile. Nuair a ṫáinig Mam isteaċ ṁeasamar [ 35 ]go mbeaḋ an-áṫas uirṫi, aċ is aṁlaiḋ a ḋein sí raic, a ṁic ó, nuair a ċonaic sí na scailpeanna moirtéil imiṫe den ḃfalla. B’éigean dom féin teiċeaḋ go dtáinig sí ċun suaiṁnis. Is deacair daoine a ṡásaṁ.

Cáit d’inis dom lá arna ṁáraċ cad a ṫug Mam ón nDaingean. Ṫug sí naoi gcoinnle móra fada léi agus iad ina seasaṁ sa ċliaḃ, agus ḃí trí cinn acu dearg. Ḃíodar ċoṁ hard leis an ḃfuinneoig, a ḋuine, agus ṫug sí lán an ḃosca de rísíní agus de ṡiúcra agus de ṫé léi, agus bairín mór breac ón siopa.

Agus ḃí buidéil ann—buidéil go raiḃ deoċ ḃuí iontu agus buidéil eile go raiḃ rud éigin gorm-ḋearg iontu agus crúsca mór lan de stuif ḋuḃ.

Ḃí cnapán mór feola, leis, aici. Ċualas go dtug sí úlla, leis, léi, aċ ní ḃfaiġimis-ne an oíċe sin aon ċeann acu toisc a raiḃ de ḋíoḃáil déanta againn leis na tairní. Cuir sí iad go léir isteaċ sa ċupard agus ċuir sí an glas air sin.

Lá arna ṁáraċ ṁaraiġ Mam gé agus laċa. Nuair ḃí an ġé fuar ċuir Mam páipéar timpeall ar a ceann agus ḃain sí ḋi na cleití agus ċuir ar croċaḋ ar ċúl an dorais í.

Oíċe Nollag ḃí an-ṡaol againn! Fuaireas féin agus Cáit ḋá ṫurnap ṁóra agus ḃaineamar a leaṫ ḋíoḃ agus ansan ċuireamar poll síos iontu ċun na gcoinnle a ċur ina seasaṁ iontu. Ansan ṡáiṫeamar craoḃa beaga cuillin i ngaċ turnap aca agus ċuir Cáit páipéar timpeall [ 36 ]orṫu. Ḃíodar go gleoite, a ḋuine, agus lasamar iad sar a dtáinig an oíċe in ao’ ċor; aċ do ṁúċ Mam arís iad.


Istoíċe ċuir mo Ṁam prátaí agus iasc ar an mbord ċugainn aċ, ’om baice, níor iṫeas féin ná Cáit aon ṗioc de mar ḃí ’ḟios againn go raiḃ rudaí eile ag teact. I gcionn tamaill ṫarraing Mam amaċ an císte mór breac agus do ġearr sí ḋúinn é agus ḋein sí té, agus fuaireamar ḋá úll uaiṫi.

Nuair a ḃí aṫair Ṁicilín ag dul ṫar doras ṫug Mam isteaċ é agus ṫug sí braon as buidéal dó—buidéal go raiḃ trí réiltíní air—agus ṫug sí braon beag do Ḋaid, agus fuair sí féin braon as buidéal eile, agus dúradar go léir “Go mbeirimid beo ar an dtráṫ so arís!”— pé brí a ḃí acu leis.

Ṫáinig Beit Ṁór agus Máire Aindí isteaċ agus ċuir mo ṁáṫair braon as an mbuidéal buí i ḋá ngloine agus ansan ċuir sí siúcra agus uisce beiriṫe ionṫu aġus ċorraiġ sí le spiúnóig iad.

Ċeapas ná hólfaidís sin in ao’ ċor ar dtúis é. Dúirt Máire Aindí: “Ó! go maraí sé mé má ḃlaisim aon ḃraon de!” aċ, mar sin féiii, d’ól sí é go léiri agus níor ṁaraiġ se leis, í.

Ṫáinig a lán eile isteaċ i riṫ na hoíċe—fir óga agus is as an gcrúsca mór a ṫug Mam an deoċ dóiḃ sin.

Dar fia! a ṁic ó! nuair a ċonaiceas iad go léir ag ól ṫáinig dúil ṁallaiṫe agam féin ann. [ 37 ]Nuair a ċuaiġ Daid amaċ le haṫair Micilín, agus ḃí Mam ag caint leis na mná in aice na tine, ṫógas féin slug as an gcrúsca, a ḋuine. Aċ is láidir nár ṁaraiġ sé mé leis an mblas a ḃí air. Ní ḟéadfainn é scaoileaḋ siar agus ḃeaḋ eagla orm é ċaiṫeaṁ as mo ḃéal ar an urlár. Seo liom ag baint an dorais amaċ agus mo ḃéal lán. Ċonaic mo ṁáṫair ag dul amaċ mé.

“Cá raġair anois, a Jimín,” ar sise, aċ ’om briaṫar ná dúras-sa aon ḟocal aċ an doras d’oscailt agus cur díom. Lean sí amaċ mé agus nuair a ċonaic sí mé ag casaċtaiġ agus ag glanaḋ mo ḃéil:

“Ha-ha-há!” ar sise, “a alfraits, ní ḋeanfainn daḃt díot. Naċ fiosraċ a ḃís!”

Ba ġránna an saġas ruda é.

Ḃí sé déanaċ nuair a ċuamar a ċodla an oíċe sin mar ḃí Mam ag ullṁú na gé i gcoṁair Lae Nollag. Ḃain sí amaċ a raiḃ istiġ inti is do niġ agus do ġlan í agus ansan do líon sí arís í le prátaí brúite agus oiniúin agus piobar agus im agus salann agus rudaí eile, agus ḋein sí é ḋingeaḋ isteaċ inti.

Ansan fuair sí snáṫad agus d’ḟuaiġ sí í. Ḃíos féin agus Cáit ag faire uirṫi.


Maidin Lae Nollag ċuaiġ Cáit agus mo ṁaṫair go dtí an ċéad Aifreann. Ḃíos féin agus Daid i mbun an tí. An ḟaid a ḃí Daid ag orú na mbó ċuas-sa ag féaċaint ar na rudaí go léir a ḃí sa cupard. Ṫógas úll agus líonas póca liom de rísíní, agus ḃí smut den ḃairín [ 38 ]breac ann gearrṫa agus ṫuireas cugam e sin, leis.

Nuair a ḃíos ag dúnaḋ an ċupaird arís, do ḃuail smaoineaṁ mé; rugas ar an mbuidéal buí agus do leaṫ-líonas cupán as. Ḃlaiseas é, aċ a ḃuaċaill ó! dá olcas é an stuif ḋuḃ aréir roiṁe sin ba ṡeaċt ineasa an rud buí. Ḋófaḋ sé ṫú, a ḋuine! Ansan n’ḟeadar cad a ḋéanfainn leis. Ġlaos ar an madra agus ċuireas féna ṗus an cupán, aċ ní ḟéaċfaḋ sé air, a ṁic ó. Níor ḋein sé aċ sraoṫ a ċur as.

Ansan ċuiṁníos ar ṡeift eile. Fuaireas dorn mine buí agus do ḟliuċas leis an stuif as an mbuidéal é agus ċuireas sa ḃuaile amuiġ é ar ṗláta. Siúd ċuige an ġandal mór agus d’alp sé a raiḃ ann.

Níor ḃraiṫeas faic air go ceann tamaill. Ansan ċrom sé ar ġogalaiġ. I gcionn tamaill d’éiriġ sé as san agus ċrom sé ar ṡiúl timpeall agus leaṫċeann air. Fáinne ḃí sé a ḋéanaṁ agus é ag siúl. Ansan stad sé agus leaṫ sé a ḋá ċois amaċ ó ’ċéile agus ḃí sé á ṡuaṫaḋ féin anonn ’s anall. Ċuirfeaḋ sé na cait ag ġáirí.

Ansan do Luiġ sé agus ḋún sé na súiLe agus ní ḟacas aon oiġre riaṁ aċ é ar seana- ḊiaimIai-o ċríona anso amuiġ nuair a ḃíonn sé ag titim dá ċodlaḋ sa ċaṫaoir ṁóir os coṁair na tine agus é ag míogarnaiġ.

Sa deireaḋ luiġ sé ar fad anuas ar an dtalaṁ, ṡín sé a ṗíopán uaiḋ amaċ agus leaṫ se a ḋá sciaṫán, agus níor ḟan anam ná [ 39 ]bri ann aċ ḃoṁ beag agus dá mbeaḋ sé marḃ.

’Om baice ḃíns ag breiṫ ċugam ar eagla go gcailLfí é, agus níorḃ ḟios doin cad a ḋéan- fainn. Ċuala Daid ag teaĊt ó ĊRÓ na mbó agus Ċuireas díom isteaċ Nuair a Ċonaic Daid an gandaL do stad sé aġus ḃí sé ag caint Leis féin.

“Dar mo ḃriaṫar aċ go ḃfuil sé seo ina ‘ċocstí’!” ar seisean. “A Jimín,” ar seisean ag glaoċ.

Ḃíos-sa ag scuabaḋ an urLáir ar séirse. Ṫángas ’on doras.

“Cad do ḋeinis leis an ngandal so?” arsa Daid.

Ṫáinig stad ionam féin. Níor ṁaiṫ liom ḃeiṫ ag ceilt na fírinne maidin Lae Nollag. D’inseas an scéal ina ċoda beaga do Ḋaid. Ċonaiceas air go raiḃ sé mí-ṡásta liom.

“Díolfaiḋ tú as na clis Lá éigin, a ḃuaċaiLL,” ar seisean. “Is dóċa gur tú a ċuir deireaḋ leis an gcat so againn-ne, Leis, i bPoll a’ Lín ṫíos.”

Ċeapas go dtitfinn as mo ṡeasaṁ. Ṁeasas ná raiḃ ’ḟios ag éinne beirṫe é. Ḃíos maol- ċluasaċ go maiṫ ansan adeirim leat. Ṁeasas dar ndóiġ go ’neosaḋ Daid an scéal do Mam. D’imíos Liom go dtí an tAifreann. Le linn an aifrinn d’iarras ar Ḋia mé ḃreiṫ saor ón olc a ḃí ag bagairt orm.


Nuair a ṫángas aḃaile ón Aifreann ḃí an gandal in aice na tine ag Mam agus an t-anam ag teaċt arís ann.

[ 40 ]Ní ḟuair Mam amaċ riaṁ cad d’imiġ air mar nuair ṫáinig Daid aḃaile ḃí sí ag iarraiḋ fios d’ḟáil uaiḋ cé ṫáinig isteaṡ ar maidin go dtug sé an fuiscí as an mbuideal dó.

Ḃí Daid ag déanaṁ grinn den scéal agus ní ’neosaḋ sé ḋi. Ṫug sé súil orm féin uair d’ḟág mé ṁí-ċompórdaċ go leor.

Is maiṫ é Daid mar sin féin.