CAIBIDIL V
Mar a n-instear scéala na Nollag agus dúṫraċt Jimín don ngandal.
CAIṪFIḊ mé insint mar ġeall ar an Nollaig a ḃí againn.
Ċuaiġ Mam go dtí an Daingean cúpla lá roiṁ Nollaig—í féin agus Daid—agus ṫugadar an capall leo agus cliaḃ agus bosca sa ċairt.
Ḃí an t-airgead ag Mam. Rug sí léi ḋá ġé—ċun ceann acu a ṫaḃairt do doċtúir na inbeiṫíoċ, agus an ceann eile a ṫaḃairt d’ḟear a’ Ḃainc, mar sin é an duine go ḃfuil airgead Ṁam ar fad i ġcoimeád aige, agus tá an-ṁeas aici air.
Faid a ḃíodar sa Daingean ċuas féin go dtí an Gleann Doiṁin agus an scian ṁór agam, agus téadáinín, agus ṫugas aḃaile liom tor mór cuilinn, agus fuaireas eiḋneán i ḃfoṫraiġ na Cille.
Nuair a ḃíos ag gaḃáil ṫar doras aici ṫáinig Nell Ṁáire Aindí amaċ ċuġam ag plámás liom d’iarraiḋ go dtaḃarfainn roinn ċuilinn di. Ċeap sí go mbeinn-se im amadáinín aici, agus ḃí sí am ṁolaḋ agus ag ṫaḃairt “buaċaillín
31