Page:Jimín - Ó Siochfhradha.djvu/39

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
33
FÉILE NA NOLLAG—⁊ RUDAÍ EILE

“Hanaman diucs! a Cáit, an aṁlaiḋ atá cístí milse déanta agat?”

“Ó, ní ’neosad duit! ní ’neosad duit! ar sise, agus ḃí sí ag gáirí agus ag léimniġ ar an urlár. Ansan ċuaiġ sí go dtí an driosúr agus ṫóg sí anuas dá ċupán le cur ar an mbord.

“Á, hanaman! a Ċáit,” arsa mise, “innis dúinn cad tá agat.”

“Ní ’neosad! ní ’neosad!” ar sise, agus ġáir sí agus ḃí sí ag rince agus ag caiṫeaṁ a cos. N’ḟaca sí an t-eiḋneán ar an urlár gur leag sé í agus, slán mar a n-instear é! baineaḋ píosa mór as cliaṫán ceann de na cupaí a ḃí ina láiṁ.

Rug Cáit ar an bpíosa agus ḃí sí ar criṫ ag iarraiḋ é a ċur isteaċ ina áit féin arís féaċaint an ḃfanfaḋ sé istiġ.

Ansan ċrom sí ar ġol agus, a ḋuine, ḃí sí ag iarraiḋ a ṁileán a ċur orm-sa. Ċuireas in úil di naċ mise fé ndeara é aċ í féin agus a cuid léimní: aċ níorḃ aon ṁaiṫ ḃeiṫ ag caint léi. Ní ḋéanfaḋ sí aċ gol. Ṫáinig trua agam féin di sa deireaḋ.

“Tr’om é, a Ċáit,” arsa mise, “agus ní ḃeiḋ ’ḟios ag Mam go deo é.”

Ṫugas an cupa briste go dtí an driosúr agus ċuireas ṫíos fé ḋá ċupa eile é agus an taoḃ briste isteaċ.

“Ó! a ṁuiricín! cad a ḋéanfad in ao’ ċor má ċíonn Mam é?” arsa Cáit.

Ansan ḋeineamar té—muga an duine againn. Sin é an uam a ṫarraing Cáit amaċ na rudaí