Page:Jimín - Ó Siochfhradha.djvu/41

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
35
Féile na Nollag—⁊ rudaí eile

go mbeaḋ an-áṫas uirṫi, aċ is aṁlaiḋ a ḋein sí raic, a ṁic ó, nuair a ċonaic sí na scailpeanna moirtéil imiṫe den ḃfalla. B’éigean dom féin teiċeaḋ go dtáinig sí ċun suaiṁnis. Is deacair daoine a ṡásaṁ.

Cáit d’inis dom lá arna ṁáraċ cad a ṫug Mam ón nDaingean. Ṫug sí naoi gcoinnle móra fada léi agus iad ina seasaṁ sa ċliaḃ, agus ḃí trí cinn acu dearg. Ḃíodar ċoṁ hard leis an ḃfuinneoig, a ḋuine, agus ṫug sí lán an ḃosca de rísíní agus de ṡiúcra agus de ṫé léi, agus bairín mór breac ón siopa.

Agus ḃí buidéil ann—buidéil go raiḃ deoċ ḃuí iontu agus buidéil eile go raiḃ rud éigin gorm-ḋearg iontu agus crúsca mór lan de stuif ḋuḃ.

Ḃí cnapán mór feola, leis, aici. Ċualas go dtug sí úlla, leis, léi, aċ ní ḃfaiġimis-ne an oíċe sin aon ċeann acu toisc a raiḃ de ḋíoḃáil déanta againn leis na tairní. Cuir sí iad go léir isteaċ sa ċupard agus ċuir sí an glas air sin.

Lá arna ṁáraċ ṁaraiġ Mam gé agus laċa. Nuair ḃí an ġé fuar ċuir Mam páipéar timpeall ar a ceann agus ḃain sí ḋi na cleití agus ċuir ar croċaḋ ar ċúl an dorais í.

Oíċe Nollag ḃí an-ṡaol againn! Fuaireas féin agus Cáit ḋá ṫurnap ṁóra agus ḃaineamar a leaṫ ḋíoḃ agus ansan ċuireamar poll síos iontu ċun na gcoinnle a ċur ina seasaṁ iontu. Ansan ṡáiṫeamar craoḃa beaga cuillin i ngaċ turnap aca agus ċuir Cáit páipéar timpeall