Page:Jimín - Ó Siochfhradha.djvu/44

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
38
JIMÍN

breac ann gearrṫa agus ṫuireas cugam e sin, leis.

Nuair a ḃíos ag dúnaḋ an ċupaird arís, do ḃuail smaoineaṁ mé; rugas ar an mbuidéal buí agus do leaṫ-líonas cupán as. Ḃlaiseas é, aċ a ḃuaċaill ó! dá olcas é an stuif ḋuḃ aréir roiṁe sin ba ṡeaċt ineasa an rud buí. Ḋófaḋ sé ṫú, a ḋuine! Ansan n’ḟeadar cad a ḋéanfainn leis. Ġlaos ar an madra agus ċuireas féna ṗus an cupán, aċ ní ḟéaċfaḋ sé air, a ṁic ó. Níor ḋein sé aċ sraoṫ a ċur as.

Ansan ċuiṁníos ar ṡeift eile. Fuaireas dorn mine buí agus do ḟliuċas leis an stuif as an mbuidéal é agus ċuireas sa ḃuaile amuiġ é ar ṗláta. Siúd ċuige an ġandal mór agus d’alp sé a raiḃ ann.

Níor ḃraiṫeas faic air go ceann tamaill. Ansan ċrom sé ar ġogalaiġ. I gcionn tamaill d’éiriġ sé as san agus ċrom sé ar ṡiúl timpeall agus leaṫċeann air. Fáinne ḃí sé a ḋéanaṁ agus é ag siúl. Ansan stad sé agus leaṫ sé a ḋá ċois amaċ ó ’ċéile agus ḃí sé á ṡuaṫaḋ féin anonn ’s anall. Ċuirfeaḋ sé na cait ag ġáirí.

Ansan do Luiġ sé agus ḋún sé na súiLe agus ní ḟacas aon oiġre riaṁ aċ é ar seana- ḊiaimIai-o ċríona anso amuiġ nuair a ḃíonn sé ag titim dá ċodlaḋ sa ċaṫaoir ṁóir os coṁair na tine agus é ag míogarnaiġ.

Sa deireaḋ luiġ sé ar fad anuas ar an dtalaṁ, ṡín sé a ṗíopán uaiḋ amaċ agus leaṫ se a ḋá sciaṫán, agus níor ḟan anam ná