Page:Jimín - Ó Siochfhradha.djvu/62

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
56
JIMÍN

Ḃí Mam ina suí ag ceann an ḃoird, agus Oaid le hais na tine, agus Cáit imiṫe a ċodlaḋ, is dóċa. Nuair Ċuas isteaċ d’ḟéaċ Mam orm. Ċloisfeá biorán Dá dtiteaḋ. Do stad mo Ċroí agus m’anál agus ĊRom rud éigin i gcolpaí mo Ċos ar ċriṫ agus ṁeasas go dtitfinn.

“Ṫángais,” ar sise.

Ar ṁ’ḟalaing nár laḃras! D’éiriġ Mam agus ṫóg sí anuas an tslat den ċlár os cionn iia tine mar a mbíoḋ sé i gcónaí aici.

“Tar i leiṫ ċugam,” ar sise.

Ó ṁuiricín, ḃíos ag cur uaim! Leis an scanraḋ a ḃí orm ḃíos ag bogaḋ de ġúna Nell ċun dul ċun na slaite nuaiR ċuir Nell taoḃ ṫiar di mé.

“Ní ḃuaiLfiḋ tú barr méire ar an mbuaċ- aill,” ar sise Le Mam. Mo ċeol í Nell!

“Buailfiḋ mé agus bainfiḋ mé an craiceann anuas de, mar is é atá tuillte aige,” arsa Mam. Ḃí faoḃar uirṫi á rá, a ḋuine.

“Á faire, a Ṁam! ná déan,” arsa Nell. “Ḋein an garsún boĊt dearmad agus tá aiṫreaċas anois air.”

“Aiṫrí ṫóirní,” arsa Mam. “Scaoil i leiṫ ċugam é agus múinfead-sa ḋó. . . .”

“Aċ beiḋ sé ina ḃuaċaill maiṫ gaċ aon uam eile,” arsa Nell.

Ḃí Nell ar a díċeall.

“Beiḋ, nuair ḃead-sa críoċnaiṫe leis,” arsa Mam, agus ṫug sí foḃa timpeall ar Nell ċun beirṫe orm.

Léim Nell eadrainn ċun mé a ċosaint aċ is baol go dteipfeaḋ uirṫi agus go mbeaḋ deireaḋ