Page:Jimín - Ó Siochfhradha.djvu/61

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
55
LÁ AN DREOILÍN

Is dóċa gur ṫuig sí an cás cruaiḋ a ḃí orm. Do ṗreab sí.

“Ṁuise im briaṫar go raġad,” ar sise.

Ṫáinig oiread bó de ċroí ḋom, a ḋuine. Ḃí Máire Aindí ag gáirí fén scéal.

Nuair a ḃíomar ag imeaċt, arsa Taḋg Óg: “Arḃ aon ċaḃair mise ḋul in ḃur dteannta?” agus d’ḟéaċ sé ar Nell.

Do stad gáire Ṁáire Aindí agus ṫáinig cuma ṁí-ċéataċ uirṫi nuair ḟéaċ sí sa ċúinne ar lorg rud’ éigin. Lena linn sin d’ḟéaċ Nell ar Ṫaḋg agus do ḃagair a ceann ċun an dorais.

“Téanam ort,” arsa mise, agus ṫáinig.

Ba ṁór an misneaċ orm é an ḃeirt a ḃeiṫ faram agus mé ag dul go dtí an tiġ. Ġaiḃ- eamar an bóiṫrín—mise ar tosaċ agus iad-san im ḋiaiḋ.

D’ḟanadar san i ndoRas an stábla a ḟaid a ḃíos-sa ag dul ar an loċta ar lorg mo ċuid éadaiġ féin agus á ċur orm.

Nuair ṫángas arís ċuca ġluaiseamar ċun an tí. Ní mise ḃí ar tosaċ an bouta so, ’om baic! Is i gcoinniḃ mo ċos a ḃíos ag dul ann, a ḋuine.

“Ná bíoḋ aon droċ-ṁisneaċ ort, a ḃuaċaill,” arsa Nell liom. “Siúil leat.”

“Ní ligfiḋ tú ḋi mé ṁarú ar fad, a Nell,” arsa mise.

“Ní ligfead,” arsa Nell. “Croiṫ suas tú féin.”


Ṫugas mé féin suas do Ḋia agus do Ṁuire, agus rugas greim ar ġúna Nell agus ċuas ṫar doras isteaċ ina diaiḋ.