Ṫiġ Ḃeit Móire an ċéad áit a ṫriaileamar. Ḃí mo ċlaiḋeaṁ ar tarraing agam-sa nuair ṁáirseálamar an duras isteaċ ċuici. Ḃuaileamar suas ceol di agus ḋeineamar rince ar an urlár. Ḋeineamar fáinne timpeall ar Ḃeit agus sinn ag daṁas. Ċrom Beit ar rinnce í féin, istiġ i lár an ḟáinne, agus b’ṡin é an t‑iontas: promsáil Ḃeit d’ḟeiscint! Ḃí giorranál uirṫi nuair a stad sí agus b’éigean di suí.
“Ara ṁuise is tréan na buaċaillí siḃ,” ar sise.
“Caiṫ ċugainn dorn airgid,” arsa sinn-ne, mar b’ḟearr linn é sin ná aon ṗlámás.
“Airgead ab ea?” ar sise. “Oċ, siḃ na rógairí agam!” aġus ḃí sí ag gáirí ag dul go dtí an driosúr. Tá Beit an-ḃeaṫaiṫe agus nuair a ġáireann sí bíonn sí ar fad ag criṫ agus ansan ní ḟéadfá-sa gan ḃeiṫ ag gáirí tú féin.
Ṫóg sí seana-ṁuga den driosúr agus fuair sí ḋá ṫistiún rua ann agus ṫug sí ḋúinn é. Ḋeineamar greas eile ceoil ansan di agus bouta rince agus d’imíomar.
Ċuamar go tiġ Ṁicilín Eoin agus fuaireamar réal ann. As san linn go tiġ Ṫaiḋg Óig. Ḃí Taḋg Óg istiġ agus ḃí sé ag magaḋ fúinn agus á rá ná raiḃ ceol ná rince againn; aċ nuair a ḃíomar ag imeaċt ṫug sé scilling dúinn agus ṫug bean a ḋearṫár réal dúinn.
Nuair ṫángamar go tiġ Ṁáire Aindí ḃí an-ġeoin againn. Úrlar leac atá ann, ta’s agat, agus ḋeineamar cnagarnaċ ḃreá air ag rince.