Page:Jimín - Ó Siochfhradha.djvu/54

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
48
JIMÍN

Nuair a Ċuala an madra mór atá acu an ceol ṡuiġ sé ar a ċorragiob agus ċum sé a ṡrón san aer agus d’oscail a ḃéal agus ḃí ag cur glamanna móra brónaċa ceoil as i dtreo is go gceaná go raiḃ gaċ madra riaṁ dár ḃain leis marḃ. Ḃí Nell ag iarraiḋ sinn d’aiṫint. Ċaiṫ a máṫair aṁras láiṫreaċ orm féin.

“Ṁuise, slán beo le seana-Ṫaḋg" ar sise, agus ní hí sin an ċríċ ba ṁaiṫ leis ar a ċasóig ġreanta.”

“Ḋé! ní fearr díoṁaoin í,” arsa mise, agus laoċas orm.

“Maróiḋ do ṁáṫair ṫú,” arsa Máire Aindí.

’Om briaṫar gur ḃain an méid adúirt sí ṡuid den ḃfuadar díom. Ḃí an t-olc ’á ṫuar dom ċeana féin. B’ḟearr liom go ḃfágfainn im ḋiaiḋ liḃiré mo ṡean-aṫar. Ċonaic Máire Aindí gur ġoill a caint orm.

“Féaċ, a Nell,” ar sise, “ġeoḃaiḋ tú real sa sparán san ṫíos agus taḃair do na buaċaillí í.”

Ċuaig Nell go dtí an sparán aċ ní réal a tug sí ḋúinn aċ scilling. Ansan ṫug sí stráice aráin an duine ḋúinn agus ḃí rísíní ann. Is maiṫ liom féin Nell.

Ṫugamar turas ar na tiṫe eile sa ḃaile i ndiaiḋ a ċéile aċ d’ḟágas ár dtiġ-ne ar deireaḋ. An rud adúirt Máire Aindí i dtaoḃ culaṫ mo Ḋaid ċríona, agus i dtaoḃ na feirge ḃeaḋ ar Mam—sin é ċoinniḃ ón dtiġ mé. Ní baoL ná go n-aiṫneoḋ Mam an ċasóg eireabaill agus an hata, agus d’ḟágfaḋ san an Dreoilín ġan ċaptaen.