Niamh/47

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Niamh by Peadar Ua Laoghaire
Éigean ar Righeacht na bhFlathas
[ 270 ]

CAIBIDIOL VI.

ÉIGEAN AR RÍĠEAĊT NA ḃFLAṪAS.

Nuair a ḃíoḋ Caoilte i n-Albain ag breiṫniuġaḋ an nirt a ḃí ag Loċlanaiġ i n-Ínsiḃ Orc agus ins na h-oileánaiḃ eile ann, is i dteiġlaċ Ḋóṁnaill ṁic Éiṁin, i Máġ Geirrġinn, a ċaiṫeaḋ sé an ċuid ba ṁó de'n aimsir. Ṫugaḋ sé, sa ċaint a ḃíoḋ eatarṫa, tuairisg cruinn do Ḋóṁnall [ 271 ]ar an gcuma n-a raiḃ gaċ aon rud ag dul ċun cinn i n-Éirinn. Ḃíoḋ Dóṁnall coitċianta 'ġá ċeistiú' i dtaoḃ Ḃriain agus i dtaoḃ Ṁurċaḋ agus i dtaoḃ Ḋál gCais go léir.

Ṫugaḋ Caoilte cuid d'á aimsir, leis, i ḃfoċair Ṁuireaḋ- aiġ, Mórṁaor Leaṁna, agus ċaiṫeaḋ sé na tuairisgí céadna ṫaḃairt dó san ar an gcuma 'n-ar ṡeasaiṁ cóṁaċt Ḃriain, agus ar gaċ dóċas a ḃí go ḃféadfaḋ sé seasaṁ i n-aġaiḋ na mór-ċóṁaċt a ḃí ag cruinniú' as gaċ áird 'n-a ċoinniḃ.

Ḃí ana ḃáiġ ag an mbeirt sin le Brian agus le Gaeḋlaiḃ. Níor ḃ'iongnaḋ báiġ a ḃeiṫ ag Dóṁnall le Brian, mar ó Oilioll Olum do ṡiólraiḋ an ḃeirt. Ó Ġaeḋlaiḃ a ṡiolraiḋ Muireaḋaċ leis. D'á éaġmuis sin, níor ḃ' aon iongnaḋ dúil ṁór a ḃeiṫ ag an mbeirt go mbuaḋfaḋ Brian sa ṁór-ċaṫ a ḃí ag teaċt, mar dá mb' ag na geintiḃ a ḃéaḋ an buaḋ do ċuirfidís deire leis an gCreideaṁ a ṁúin Colum Cille do Ġaeḋlaiḃ agus do Ċruiṫneaċaiḃ Alban, agus níor ṁiste deiṁin a ḋéanaṁ dé go ndéanfaidís Gaeḋil Alban do ḋísgiuġaḋ.

Ḃíoḋ Caoilte 'ġá innsint do'n ḃeirt cad é an saġas fir Brian, agus cad é an saġas fir Murċaḋ, agus cad é an saġas fir Dúlainn, agus Maolruanaiḋ na Paidre, agus Taḋg Mór ua Cealla.

“Agus,” arsa Dóṁnall, “cad é an saġas an cailín seo, inġean Ṫaiḋg Ṁóir uí Ċealla, go ḃfuilimíd boḋar ag gaċ aoinne ag molaḋ a h-áilneaċta?”

Nuair a cuireaḋ an ċeist sin ċuige do las Caoilte go bun na gcluas. Ansan do ḃánuiġ sé ċóṁ bán le cailc.

D' ḟeuċ Dóṁnall air agus ṫuig sé an sgéal go léir láiṫreaċ, dar leis féin.

“Is dóċa,” ar seisean, “gur fíor an ċaint a deirtear, go ḃfuil sí níos áilne 'ná Gormḟlaiṫ féin.”

“Is fíor, a ríġ,” arsa Caoilte. “Tá sí níos áilne ná [ 272 ]mar a ḃí Gormḟlaiṫ riaṁ. Ní h-é an saġas céadna áilneaċta atá ionta. Tá sé ċóṁ maiṫ agam an sgéal go léir a ḋ'innsint duit, a ríġ,” ar seisean le Dóṁnall.

Ansan ṫáinig sé i dtusaċ an sgéil agus d'inis sé do Ḋóṁnall, ó ṫusaċ go deire, gaċ aon rud a ḃí aige le h-innsint i dtaoḃ Niaṁ; conus a ḃain a h-áilneaċt a ṁeaḃair ṡaoġalta ḋé an ċéad uair a ċonaic sé í; conus mar a ḃí éad ar Ċonn ċuige mar ġeall uirṫi; conus mar adúḃairt sí leis féin, agus leis an gcuid eile des na ríġṫiḃ óga, go raiḃ socair aici 'n-a h-aigne gan pósaḋ i n-aon ċor, aċ fanṁaint i ḃfoċair a h-aṫar an ḟaid a ṁairfeaḋ a h-aṫair, agus ansan maireaċtaint singil ar an saoġal so go dtí go leanfaḋ sí é.

Fear breaġ daṫaṁail uasal cumasaċ ab eaḋ Dóṁnall. D'éist sé le Caoilte an ḟaid a ḃí Caoilte ag caint. Ṫuig sé i n' aigne nár ḃ'ḟoláir nó gur ḃ'uaṫḃásaċ an áilneaċt a ḃí sa rígan óg san. Dúḃairt sé leis féin gur dóċa gur ḃ'é cúis go ndúḃairt sí go raiḃ a h-aigne socair ar gan pósaḋ mar nár ṫaiṫn aoinne des na fearaiḃ óga san léi. Go mb' ḟéidir dá ḃfeiceaḋ sí an fear a ṫaiṫnfeaḋ léi go n-aṫaróċaḋ sí an socaruġaḋ san. Níor leig sé air le Caoilte go raiḃ aon ṁaċtnaṁ de'n tsórd san i n' aigne. Ḃí sé i mbéalaiḃ na ndaoine go léir go raiḃ Sitric ċun a ṁáṫar féin, Gormḟlaiṫ, a ṫaḃairt le pósaḋ d' Iarla Ínsí h-Orc. Ḃí tuairim ag daoine go raiḃ sí geallta aige do níba ṁó 'ná an t-Iarla san. Gan aṁras ḃí Gormḟlaiṫ ag dul amaċ ins na bliantaiḃ. Aċ má ḃí féin na geallaṁna úd ann. Is dóċa gur ṫuig Sitric go mb’ḟéidir go socaróċ' an caṫ, nuair a ṫiocfaḋ sé, a lán de'n tsaġas san geallaṁna.

Ṫuig Dóṁnall i n' aigne dá ḃféadaḋ sé féin Niaṁ a ḋ' ḟáġail go mbéaḋ bean aige a ḃéaḋ níob' áilne, agus níob' ḟearr ar gaċ aon tsaġas cuma, 'ná an ḃean so a ḃí [ 273 ]'á geallaṁaint do gaċ aoinne aċ teaċt ag caḃruġaḋ le Sitric.

Pé ar doṁan é, ḃí Dóṁnall socair ar ṫeaċt go h-Éirinn ag caḃruġaḋ le Brian i gcoinniḃ na Loċlanaċ, aċ nuair airiġ sé an molaḋ a ḋein Caoilte ar inġín Ṫaiḋg Ṁóir uí Ċealla ḃí sé socair níba ḋaingine, naoi n-uaire níba ḋaingine, ar ṫeaċt, agus ar an uile ḟear a ḋ' ḟéadfaḋ sé, do ṫaḃairt leis. Do laḃair sé leis an Mórṁaor eile, Mórṁaor Leaṁna a tugtar air sa tseanaċus, agus ċuir sé suas é ċun a nirt go léir do ċruinniuġaḋ ar an gcuma gcéadna agus teaċt go h-Éirinn ag caḃruġaḋ le Brian.

“Má buaiḋtear ar Ḃrian,” ar seisean, “sa ċaṫ so atá ag teaċt, tá sé ċóṁ maiṫ ag Gaeḋlaiḃ imṫeaċt a' h-Albain. Dísgeófar sinn go léir. Is fearra ḋúinn tuitim i gcaṫ ag caḃruġaḋ le Brian 'ná na Loċlanaiġ a ṫeaċt agus sinn a ṁarḃuġaḋ anso sa ḃaile má buaiḋtear ar Ḃrian.”

Do ċruinniġ an ḃeirt a neart go léir. Ṫáinig ċúċa an uile ṡaġas fir a ḋ' ḟéadfaḋ aon níḋ i ḃfuirm airm do láiṁseáil. Níor ḟan sa ḃaile aċ seandaoine agus mná agus leanḃaí.

Is ró ḃeag d'á ċuiṁneaṁ a ḃí ag Niaṁ gur ḃ' í fé ndeár an méid sin de'n ċongnaṁ a ṫáinig ag triall ar Ḃrian a ḃeiṫ ċóṁ láidir agus ḃí sé. Díreaċ mar a ḃí sí gan aon ṗioc d'á ċuiṁneaṁ aici, nuair a ḃí sí ag faire ar Ġormḟlaiṫ ċun gan leigint di niṁ a ṫaḃairt do Ḃrian, náċ leis an ḃfaire do ċosain sí Brian aċ leis an gcosg a ċuir a cóṁluadar fóġanta, agus a cuideaċtanas fóġanta, agus a h-anál ḟóġanta, le droċ íntinn Ġormḟlaiṫ, a gan ḟios di féin agus a gan ḟios do Ġormḟlaiṫ.

An ḟaid a ḃí na slóiġte ar an slíġ ḃí mórán tairḃṫe ag Niaṁ 'á ḋéanaṁ, a gan ḟios di féin, ar an gcuma san. Ḃí dúil ag na fearaiḃ go léir gaċ gnó ḋéanaṁ ar ana gcuma ba ḋóiċ leó dob' ḟearr a ṫaiṫnfeaḋ léi; agus i mbuiḋniḃ [ 274 ]na mban ní raiḃ aon níḋ ba ṁó ag na mnáiḃ 'ná focal molta ḋ'ḟáġail uaiṫi nuair a ḃíoḋ sí ag gaḃáil eatarṫa ag feuċaint ar an gcuma 'n-a mbíoḋ a ngnó acu 'á ḋéanaṁ. Ḋeinidís go léir a ngnó níob' ḟearr go mór, ar gaċ aon tsaġas cuma, 'ná mar a ḋéanfaidís é dá mba ná béaḋ sí ann.

Aċ ḋein sí, leis, mórán tairḃṫe agus ní h-a gan ḟios di a ḋein sí é, aċ le h-iomláine feasa agus maċtnaiṁ.

Do h-innseaḋ ċeana cad é an ċúis gur tugaḋ “Maol- ruanaiḋ na Paidre” ar ríġ Ua ḃFiaċraċ Áiḋne. Gur ṫuig sé i n' aigne a ḃeiṫ ceangailte ar an gCríostaiḋe ḃeiṫ coitċianta ag guiḋe ċun an Aṫar Síoruiḋe, agus ná fuil aon ċaint is oireaṁnaiġe ċun laḃarṫa leis an Aṫair Síoruiḋe, molaḋ a's glóire leis, 'ná an ċaint a ṁúin ár Slánuiġṫeóir dúinn.

Do laḃair Niaṁ anois a's airís le cuid des na fearaiḃ. Do ṫráċt sí leó ar an gcuma 'n-a raḃdar go léir lán ċeapaiṫe ar gan teaċt ṫar n-ais ó'n gcaṫ. Ċuir sí i gcuiṁne ḋóiḃ gur ar son an Ċreidiṁ, ċóṁ maiṫ le h-ar son na h-Éirean, a ḃí an ceapaḋ san déanta acu go léir. Ḃí focal aici le ráḋ, ó am go h-am, ar ríġ Ua ḃFiaċraċ Áiḋne agus ar an gcuma 'n-a mbíoḋ an Ṗaidir ar siúḃal aige i gcóṁnuiġe. Ċuir sí 'n-a luiġe orṫa go raiḃ gaċ duine acu ċóṁ ceapaiṫe ar ḃás a ḋ'ḟáġail sa ċaṫ a ḃí rómpa agus ḃí Maolruanaiḋ. D'á ḃríġ sin, go raiḃ gaċ duine acu ċóṁ mór i ngáḋ leis an bPaidir agus ḃí Maolruanaiḋ.

“Is dóċa,” ar sise, “go ḃfuil oiread gáḋ agam féin leis agus atá ag aoinne,” agus ṫusnuiġ sí ar an bPaidir dó ráḋ coitċianta.

“Má tá gáḋ ag Niaṁ leis an bPaidir,” arsa duine des na fearaiḃ, “is deacair a ráḋ ná go ḃfuil gáḋ agam-sa leis!” agus tusnuig sé ar an bPaidir do ráḋ coitċianta. Níor ḃ'ḟada go raiḃ an Ṗaidir ar siúḃal ag gaċ duine d'á raiḃ ar an mór-ṡluaġ. [ 275 ]Ḃí a lán sagart ar an ṁór-ṡluaġ. Ní raiḃ gnáṫ-ṫeiġlaċ ríġ ann gan sagart fé leiṫ, nó b' ḟéidir beirt ṡagart dá mbéaḋ a lán daoine sa ġnáṫ-ṫeiġlaċ. Do ċaḃruiġ na sagairt go mór leis an bPaidir do ċur ar siúḃal ameasg na ḃfear, agus ansan, ameasg na ndaoine go léir a ḃí ag leanṁaint na slóġ. Ní baoġal ná go ndúḃraḋ an Ṗaidir sin ó ċroíḋe, go dúrṫaċtaċ. Ṫuig gaċ aoinne dá mba ná béaḋ láṁ Dé go láidir le Gaeḋlaiḃ Éirean sa ċaṫ a ḃí ag teaċt ná béaḋ an buaḋ acu. D'á ṁéid a tuigeaḋ an níḋ sin iseaḋ is dúrṫaċtaíġe a dúḃraḋ an Ṗaidir agus iseaḋ is aoirde do glaoḋaḋ ar Ḋia, le gaċ saġas úrnuiġṫe, 'ġá iaraiḋ air caḃruġaḋ le Gaeḋlaiḃ agus leis an gCreideaṁ. Do glaoḋaḋ ar an Slánuiġṫeóir ó b'é do ṁúin an Ṗaidir dos na Críostaiḋṫiḃ. Do glaoḋaḋ ar an Maiġdin Muire, ó b' í Máṫair an tSlánuiġṫeóra í. Do glaoḋaḋ ar Ṁiċeál Naoṁṫa an t-Árdaingeal, ar Naoṁ Eoin Baiste, ar Ṗeadair agus ar Ṗól, ar Ṗádraig agus ar Ḃríġid agus ar Ċolum Cille, agus ar na naoiṁ go léir, 'ġá iaraiḋ orṫa a nguiḋe ċur suas ċun an tSlánuiġṫeóra agus ċun an Aṫar Síoruiḋe ar son na nGaeḋal agus ar son an Ċreidiṁ, ionus go dtaḃarfaḋ Dia an buaḋ do Ġaeḋlaiḃ sa ṁór-ċaṫ a ḃí rómpa.

Do ṫuig Brian cad a ḃí ar siúḃal agus do ġaiḃ sé a ḃuiḋċas go dúrṫaċtaċ le Dia, agus do neartuiġ a ġuiḋe féin ċun Dé ar son na slóġ a ḃí 'ġá leanṁaint ċun an ċaṫa ṁóir, slóiġte ná fillfeaḋ aon duine acu ó'n gcaṫ san dá mbéaḋ buaḋ ag an naṁaid, slóiġte ná fillfeaḋ duine as an gcéad acu pé taoḃ ar a mbéaḋ buaḋ.

Ní sa ṁór-ṡluaġ aṁáin a ḃí éigean d'á ḋéanaṁ ar Ríġeaċt na ḃFlaṫas ar an gcuma san le guiḋe daoine. Ins na mainistiriḃ agus ins na h-eagailsiḃ, ar fuid na h-Éirean, ḃí sagairt agus manaiġ agus mná riaġalta, do ló agus d'oíḋċe, gan ḃia gan deoċ gan ċodla gan suan, ag [ 276 ]briseaḋ a gcroíḋe ag glaoḋaċ go h-árd ar Ḋia, tré impíḋe na Maiġdine Muire agus na naoṁ go léir, gan buaḋ an ċaṫa a ḃí ag teaċt do leigint leis an naṁaid.

Ar an gcuma gcéadna, ins gaċ aon ṗáirt d' Éirinn, go mór mór i ngaċ lín-tíġe go raiḃ duine de ṁór-ṡluaġ Ḃriain tagaiṫe as, ḃí an t-éigean céadna 'á ḋéanaṁ ar Ríġeaċt na ḃFlaṫas, an t-aṫair agus an ṁáṫair agus an ċuid eile de'n ċlainn 'ġá iaraiḋ ar Ḋia an t-é a ḃí amuiċ uaṫa do ṫaḃairt saor ó'n gcaṫ agus é ṫaḃairt ċúċa ṫar n-ais slán. Ḃí na paidreaċa agus na h-úrnuiġṫe ba ġnáṫ ar siúḃal ins gaċ tiġ, agus i n-éaġmuis na n-úrnuiġṫe ba ġnáṫ ḃíoḋ na h-úrnuiġṫe móra ar siúḃal, Mairineaṁ Ṗádraig, agus Aṁra Colum Cille, agus Lúireaċ Ṗádraig, agus mórán úrnuiġṫe de'n tsórd san i n-onóir do naoiṁ fé leiṫ, 'ġá iaraiḋ orṫa a nguiḋe ċur ċun Dé ar son duine éigin fé leiṫ a ḃí sa ṁór-ṡluaġ agus an duine ṫaḃairt saor.

Ḃí gaċ fear des na fearaiḃ a ḃí sa ṁór-ṡluaġ ceapaiṫe ar gan filleaḋ o'n gcaṫ, aċ ḃí a ṁalairt sin d'aigne ag an muintir a ḃí sa ḃaile n-a ndiaiġ. Ḃí an ṁuintir a ḃí sa ḃaile ag déanaṁ a gcroíḋe díċeal 'ġá iaraiḋ ar Ḋia iad do ṫaḃairt aḃaile slán.

Ba ḃeag aon treaḃċas fé leiṫ gan naoṁ de naoiṁ Éirean fé leiṫ acu. Ḃí Seanán ag muintir gnáṫ-ṫeiġlaiġ Ḃriain. Ḃí Breandán ag muintir Ċiarraiġe. Ḃí Íta ag muintir Uíḃ Ċonaill Ġaḃra. Ḃí Déaglán ag muintir na nDéise. Ḃí Barra ag muintir Ċorcaiġe. Mar sin dóiḃ. Agus ḃí na h-úrnuiġṫe ag dul suas coitċianta ċun gaċ naoiṁ acu san, ó'n muíntir a ḃí fé n-a ċomairce, a d'iaraiḋ a n-ímpiḋe ċun Dé, an uair sin ṫar gaċ uair d'ár ṫáinig riaṁ roimis sin.

Idir ṁór-ṡluaġ ag gluaiseaċt ċun an ċaṫa agus gaolta 'n-a ndiaiġ sa ḃaile, ní raiḃ aċ aon-ġuṫ úrnuiġṫe ag dul suas ċun Dé ó Ġaeḋlaiḃ Éirean go léir.