Niamh/48

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Niamh by Peadar Ua Laoghaire
Connla
[ 277 ]

CAIBIDIOL VII.

CONNLA.

Ḃí mac ag Murċaḋ agus Toirḋealḃaċ ab ainim dó. Ní raiḃ sé aċ trí bliana ḋ' aois nó mar sin nuair a ṫáinig Taḋg Óg ua Cealla agus Aṁlaoiḃ go h-Inis Caṫaiġ ċun na sgoluiġeaċta ḋ' ḟáġail. Tímpal na h-aimsire céadna san do rugaḋ an leanḃ siar go ríġṫeiġlaċ Ṁaoilruanaiḋ na Paidre, toisg an gaol a ḃeiṫ ann. Ní fada a ḃí sé ṫiar sa ríġṫeiġlaċ san nuair a ṫáinig Niaṁ ann ar ċuaird, ó ríġṫeiġlaċ a h-aṫar i n-Uíḃ Máine. Do ċuir an leanḃ aiṫne ar Niaṁ. Má ċuir do ċeangail sé suas di. Nuair a ḃí sí ag dul aḃaile ḃí an leanḃ ag briseaḋ a ċroíḋe ag gol. B'éigean dóiḃ leigint dó imṫeaċt i n-aonḟeaċt léi go h-Uíḃ Máine. As san amaċ is mó d'á aimsir a ċaiṫ sé i n-Uíḃ Máine 'ná i n-aon áit eile. Ḃíoḋ sé ann nuair a ṫagaḋ Taḋg Óg ua Cealla agus Aṁlaoiḃ ar a gcuardaiḃ ó Inis Caṫaiġ ainíos ann. Ṫáinig árd ċion aige ar Aṁlaoiḃ an ċéad uair a ċonaic sé é. Ḃí cion aige ar Ṫaḋg Óg, agus ḃí cion aige ar Ṫaḋg Ṁór, agus ar gaċ aoinne sa teiġlaċ. Aċ do fuair Aṁlaoiḃ inead 'n-a ċroíḋe ná fuair aon duine eile an uair sin, lasmuiċ de Niaṁ féin.

Ċonaic Niaṁ an níḋ sin. Ċonaic gaċ aoinne é, aċ níor ċuir aoinne eile puínn suime ann. Ní raiḃ ann, dar leó, aċ mian leinḃ. Ċonaic Taḋg Óg é, agus ḃí áṫas air, mar, dar leis, ṫáinig mian an leinḃ agus an caradas a ḃí idir é féin agus an Loċlanaċ óg isteaċ le n-a ċéile. Ċuir Niaṁ suim ana ṁór i mian an leinḃ an uair sin, aċ níor leig sí uirṫi gur ċuir. Do ċuir sí an suim ann mar, dar léi, do ṫaisbeáin an cion san a ṫáinig ag an leanḃ san ar Aṁlaoiḃ an uair sin, náċ gan aḋḃar a ṫáinig an níḋ eile úd 'n-a [ 278 ]h-aigne agus 'n-a croíḋe féin an uair ċéadna i dtaoḃ an Aṁlaoiḃ ċéadna.

Ḃí san mar sin. Ḃíoḋ Niaṁ agus an leanḃ i ḃfoċair a ċéile coitċianta. Ní raiḃ aon teóra leis an leanḃ san ċun ceistiúċáin, agus Niaṁ a caiṫeaḋ na ceisteana go léir a ḟreagairt dó. Ḃíoḋ ceisteana aige le cur ċúiċi i dtaoḃ an uile ṡaġas níḋ; an spéir; an talaṁ; na cnuic; na h-aiḃní; an ġrian; an ġealaċ; an duine; an bás; an saoġal eile; gaċ aon rud ar a ḃféadaḋ sé cuiṁneaṁ. Ḃí an ċiall agus an breiṫeaṁantas go h-áluinn aici-sin agus, gan a leigint uirṫi go raiḃ sí 'ġá ḋéanaṁ, ċuir sí isteaċ i n-aigne an leinḃ sin eólus ar an gCreideaṁ ċóṁ cruinn agus ċóṁ h-iomlán agus ċóṁ fórlíonta agus a ḋ'ḟéadfaḋ Colla féin a ḋéanaṁ. Ní déarfainn ná gur ḋein sí an gnó níb' ḟearr 'ná mar ḟéadfaḋ Colla é ḋéanaṁ. Mar ġeall ar an gcion a ḃí ag an leanḃ uirṫi, agus aici air, do tugaḋ an t-eólus agus do ġlacaḋ an t-eólus ar ċuma nár ḃ' ḟéidir é ṫaḃairt ná é ġlacaḋ dá mb' é Colla, nó duine mar é, a ḃéaḋ i n-inead Niaṁ.

Nuair a ḃíoḋ na ceisteana a ḃaineaḋ leis an neiṫiḃ a ṫagaḋ fé n-a ṡúiliḃ réiḋtiġṫe dó d'iompuiġeaḋ an leanḃ ar na ceisteanaiḃ a ṫagaḋ os cóṁair a aigne, agus ansan ar na ceisteanaiḃ a ḃain le h-Éirinn agus le ríġṫiḃ Éirean, agus le naoiṁ na h-Éirean, le teaċt an Ċreidiṁ go h-Éirinn agus le dílse na nGaeḋal do'n Ċreideaṁ. Ansan, do ċeistiġeaḋ sé í ar ṫeaċt na Loċlanaċ agus ar an léirsgrios teine agus fola a ḋeinidís i gcóṁnuiġe nuair a ṫagaidís, agus d'innseaḋ sí ḋó gaċ aon rud fé mar a ḃíoḋ le h-innsint. Ní baoġal ná gur ṁíniġ sí ḋó go soiléir na gníoṁarṫa móra a ḋein a ṡean-aṫair ar na Loċlanaiġ i gcaiṫeaṁ a ṡaoġail, agus na gníoṁarṫa a ḋein a aṫair féin, Murċaḋ, orṫa, agus driṫáraċa a aṫar.

Leanḃ mór ab eaḋ é d'á aois. Nuair a ḃí sé ċúig bliana [ 279 ]ḋ' aois ḃí sé ċóṁ mór le leanḃ a ḃéaḋ seaċt nó h-oċt de ḃlianaiḃ. Ḃí an dúċas garḃ ann agus ṫug sé leis an dúċas. Níor ḃ'ḟada go raiḃ sé ag breiṫ suas ar ḃeiṫ ċóṁ h-árd, geall leis, le Niaṁ féin. Ċíoḋ na daoine i n-aonḟeaċt iad ag gluaiseaċt ar fuid na mbánta agus an ceistiúċán ar siúḃal.

Nuair a ċíoḋ na daoine mar sin iad do ċuiṁniġdís ar “Eaċtra Ṫaiḋg ṁic Céin,” agus ar “Ċonnla Ruaḋ,” mac Cuinn Ċéadċaṫaiġ, agus ar an mnaoi do rug léi Connla. Ḃí 'ḟios ag gaċ aoinne gur ḃ' óigḃean ana naoṁṫa, ana ḋiaḋa, Niaṁ, agus ḃí 'ḟios acu go raiḃ Toirḋealḃaċ óg lán de naoṁṫaċt agus de Ċreideaṁ agus de gaċ aon tsaġas eile deaġ-ṫréiṫe aige, mar ġeall ar an oileaṁaint aigne a ḃí aige d'á ḟáġail ó Niaṁ.

Níor ḃ'ḟada gur ṫug na daoine “Connla” mar ainim ċeana air. Níor ṫugadar “Connla Ruaḋ” air, mar ní ruaḋ a ḃí sé aċ donn. Nuair a ḃí “Connla” ag gaċ aoinne air is “Connla” a ḃíoḋ ag Niaṁ air.

Nuair a ṫáinig an sgéal áṫais go h-Uíḃ Máine go raiḃ Aṁlaoiḃ ag glacaḋ an Ċreidiṁ ḃí áṫas ana ṁór ar Ċonnla. Ḃí oiread áṫais air agus ḃí ar Niaṁ.

“A Niaṁ,” ar seisean léi, “an ḃfuil 'ḟios agat cad a ḋéanfainn-se dá mbéinn am' Árdríġ?”

“Ní ḟeadar, a Ċonnla,” ar sise. “Is dóċa gur rud éigin fóġanta a ḋéanfá.”

“Ċuirfinn ḟeuċaint ar na Loċlanaiġ go léir,” ar seisean, “an Creideaṁ do ġlacaḋ.”

“Aċ, a Ċonnla,” ar sise, “ní ḃéaḋ aon tairḃṫe sa ġníoṁ san.”

“Cad 'n-a ṫaoḃ, a Niaṁ?” ar seisean.

“Ní féidir Creideaṁ a ġlacaḋ,” ar sise, “aċ le saor ṫoil. Ní Creideaṁ i n-aon ċor é mura nglactar é le saor ṫoil.” [ 280 ]“Tuigim,” ar seisean. “D'ḟéadfaḋ duine a ráḋ ‘Creidim,’ 'n-a ċaint, agus gur, ‘Ní ċreidim’, a ḃéaḋ istiġ 'n-a ċroíḋe.”

“Go díreaċ,” arsa Niaṁ.

“Má 'seaḋ,” arsa Connla, “ċuirfinn an Creideaṁ d'á ṁúineaḋ ḋóiḃ, agus ansan, nuair a ḃéaḋ an t-eólus acu do ġlacfaidís an Creideaṁ le saor ṫoil.”

“Ní ḋéanfaḋ an t-eólus féin an gnó a Ċonnla,” arsa Niaṁ, “gan rud eile i dteannta an eóluis.”

“Cad é an rud eile ḃéaḋ uaṫa, a Niaṁ?” arsa Connla. “Ar nóin nuair a ḃéaḋ eóluis ar an ḃfírinne ag duine ní ḟéadfaḋ sé gan an ḟírinne ċreideaṁaint.”

“D'ḟéadfaḋ duine cur i gcoinniḃ an Ċreidiṁ, a Ċonnla,” arsa Niaṁ, “pé eólus a múinfí ḋó ar na fírinníḃ, mura ḃfaġaḋ sé congnaṁ agus solus ó ġrásta Dé.”

“Ó, tuigim,” arsa Connla, “agus tugan Dia a ġrásta do'n t-é a ḋeinean a ḋíċeal ó n-a ṫaoḃ féin.”

“Tugan,” arsa Niaṁ, “agus tugan sé a ġrásta do'n duine sin ċun an díċil sin a ḋéanaṁ.”

“Molaḋ go deó le Dia!” arsa Connla.

Ṫáinig an tuarisg go raiḃ Aṁlaoiḃ ċun ḃeiṫ n-a ṡagart. Ansan iseaḋ ḃí an obair ag Niaṁ ċun gan a leigint uirṫi le Connla go raiḃ an dá ṁaċtnaṁ úd os cóṁair a h-aigne agus é ag teip uirṫi iad do ṫaḃairt d'á ċéile. Ḋein sí an ḃeart, áṁṫaċ, maiṫ go leór. Ḃí Connla ró óg. Aċ d'á óige a ḃí sé do ċuaiḋ 'n-a luiġe ar a aigne nár ṫaiṫn an sgéal ró ṁaiṫ le Niaṁ. Níor ḟéad sé dul a ṫuille.

Nuair a ṫáinig an sgéal uaṫḃásaċ ná raiḃ aon tuairisg ar Aṁlaoiḃ ḃí iongnaḋ agus alltaċt i gceart ar Ċonnla. Ċonaic sé an ḃuairt go léir ar Ṫaḋg Óg ua Ċealla. Ḃí uaigneas agus buairt a ḋóṫin air féin. Ċonaic sé go raiḃ buairt ar Niaṁ, aċ níor ṁeas sé gur ḃ'í an ḃuairt ċeart í. Do lean sé ar feaḋ tamail ag cur ceisteana ċúiċi 'n-a [ 281 ]ṫaoḃ, 'ġá ḟiafraiġe a' raiḃ aon tuairisg air; cad ba ḋóiċ léi a ḃí imṫiġṫe air; a' raiḃ aon tsúil go dtiocfaḋ sé ṫar n-ais; cé r' ḃ' iad a ṁuintir; agus a lán ceisteana de'n tsórd san. Ní raiḃ aon eólus aici le taḃairt dó go dtí go ḃfuair Caoilte gaċ aon rud amaċ i dtaoḃ Aṁlaoiḃ. Ansan féin do coimeádaḋ an sgéal ó Ċonnla go dtí go raiḃ an Árdrígan, Gormḟlaiṫ, imṫiġṫe agus na slóiġte ar na bóiṫriḃ ag dul go h-áit an ċoinne ċun an ċaṫa ṁór do ṫroid i gcoinniḃ na Loċlanaċ.

Nuair a ḃí an t-ollaṁuġaḋ ċun gluaiste d'á ḋéanaṁ i ríġṫeiġlaċ Ḃriain i gCeann Cora do measaḋ Connla ḋ'ḟágáilt ṫíos i n-Inis Caṫaiġ fé láiṁ Ċolla. Ní ḟanfaḋ sé ann.

“Táim ċúig ḃliana déag,” ar seisean. “Ní raiḃ m' aṫair aċ ċúig ḃliana déag nuair a ṁairḃ sé Maolmuaiḋ i mBealaċ Leaċta. Ní raiḃ mo ṡean-aṫair aċ ċúig ḃliana déag nuair a ṫóg sé claiḋeaṁ i gcoinniḃ na Loċlanaċ. Tá sé ċóṁ ceart agam-sa claiḋeaṁ a ṫógaint agus mé i n-aois mo ċúig mblian ndéag agus ḃí sé agam' aṫair agus agam' ṡean-aṫair.”

B'éigean a ṡlíġ féin a ṫaḃairt dó, agus do tugaḋ. Ḃí áṫas ar Ḃrian agus ar Ṁurċaḋ nuair a fuaradar é ċóṁ ceapaiṫe ar ḋul sa ċaṫ. Ḃí rud eile, leis, sa sgéal. Bíoḋ ná raiḃ Connla aċ na ċúig bliana déag, ba ḃeag ná go raiḃ sé ċóṁ h-árd le n' aṫair agus ḃí an ġairḃeaċt agus an neart ins na géagaiḃ aige mar a ḃí agá aṫair. An Loċlanaċ a ṫiocfaḋ 'n-a ċoinniḃ sa ċaṫ níor ḃ' ḟoláir dó ḃeiṫ láidir go maiṫ nó ḃéaḋ Connla maiṫ a ḋóṫin dó.

Nuair a ḃí an méid sin socair agus an ṁór-ṡluaġ ar an slíġ, do laḃair Connla le Niaṁ.

“A Niaṁ,” ar seisean, “tá ceist agam le cur ċúġat, agus caiṫfiḋ tu laḃairt agus an ċeist do ḟreagairt dom.”

“Deanfad gan aṁras, a Ċonnla,” ar sise, “má ḟéadaim é.” [ 282 ]“Féadfair,” ar seisean. “An t-eólus atá uaim tá sé agat-sa. Tá an t-eólus céadna ag Taḋg Óg. Ar feaḋ tamail tar éis Aṁlaoiḃ a ḋ'imṫeaċt ḃí ana ḃuairt ar Ṫaḋg, díreaċ mar a ḃí orm féin, agus mar is dóiċ liom a ḃí ort-sa. Le déanaiġe, má ṫráċtan aoinne ar Aṁlaoiḃ i láṫair Ṫaiḋg duḃan gnúis Ṫaiḋg. Tá fuaṫ fíoċṁar aige d' Aṁlaoiḃ. Siní mo ċeist, a Niaṁ. Cá ḃfuil Aṁlaoiḃ? An ḃfuil sé beó? Pé 'cu beó nó marḃ dó, inis dom cad a ḋein sé ar Ṫaḋg?”

B'éigean di teaċt i dtusaċ an sgéil agus é go léir a ḋ'innsint dó, ó ṫusaċ go deire.

D'éist Connla le Niaṁ an ḟaid a ḃí ag innsint an sgéil agus é 'n-a ṡuiḋe le n-a h-ais sa ċárbat, agus iad féin agus an tsluaġ ag gluaiseaċt go réiḋ. D'inis sí ḋó i dtaoḃ na cailíse; i dtaoḃ na h-eoċraċ; i dtaoḃ an ṗúicín a cuireaḋ ar Ċaoilte ṫall i gCaṫair na Beirbe; i dtaoḃ na leitire a tugaḋ dó nuair a ḃí sé ar an loing ag teaċt anall go Corcaiġ; agus i dtaoḃ conus mar a ḋeineadar amaċ gur ḃ' aon Aṁlaoiḃ aṁáin an dá Aṁlaoiḃ agus gur ċun caoi a ḋ' ḟáġail ar an gcailís a ġuid do leig sé air an Creideaṁ a ġlacaḋ agus na mion-Úird do ġlacaḋ. D'éist Connla leis an sgéal go léir gan focal do laḃairt. Ḃí iongnaḋ ar Niaṁ a ráḋ go raiḃ sé ċóṁ ciúin. Ḃí a ċúis féin aige leis.

Nuair a ċonaic sé Aṁlaoiḃ ag teaċt ar dtúis go Ceann Cora agus go h-Uíḃ Máine agus nuair a ḃíoḋ an rince ar siúḃal, ba ċuiṁin leis gur airiġ sé an focal: “Náċ áluinn an lánṁa a ḋéanfaidís!” Níor ṫaiṫn an focal an uair sin leis, d'á óige a ḃí sé. Ba leis féin Niaṁ, dar leis, agus níor ṫeastuiġ uaiḋ aon éileaṁ a ḃeiṫ ag Aṁlaoiḃ ná ag aoinne eile uirṫi. Ḃí cion an uair sin aige ar Aṁlaoiḃ, mar a ḃí ag gaċ aoinne, aċ má ḃí féin níor ṫaiṫn an focal úd leis. [ 283 ]An ḟaid a ḃí sí ag innsint an sgéil do ḃí sé ag cuiṁneaṁ ar an ḃfocal úd agus ḃí uaḃar agus boċtaineaċt agus fearg agus diombáġ agus buile seirḃṫin 'n-a ċroíḋe, a ráḋ gur laḃraḋ an ċaint sin riaṁ agus gur cuireaḋ i n-aice 'ċéile sa ċaint Niaṁ agus a leiṫéid de ropaire fill agus éiṫiġ agus díṫċreidiṁ.

Nuair a ḃí cúrsaí na cailíse innste aici ḋó d'inis sí ḋó gnóṫaí Ġormḟlaiṫ agus conus mar a ḃí sí féin i gCeann Cora ċóṁ fada agus í ag faire le h-eagla go dtaḃarfaḋ Gormḟlaiṫ niṁ do'n Árdríġ.

Níor ḃain sí aon ḟocal cainte as go dtí gur inis sí obair Lonáin dó. Ansan do ġáir sé a ḋóṫin, agus nuair a ḃí an sgéal go léir innste ḋó do sgeartaḋ sé ar ġáirí, as a ṁaċtnaṁ, nuair a ċuiṁniġeaḋ sé ar an gcleas a ḋéin Lonán.

Aċ do lasaḋ an ḟearg airís, ar buile, gaċ aon uair a ċuiṁniġeaḋ sé ar an ḃfocal úd, “Náċ áluinn an lánṁa a ḋéanfaidís!” Agus a ḟios aige ná raiḃ ag Aṁlaoiḃ 'á ḋéanaṁ i gcaiṫeaṁ na h-aimsire go léir aċ feall!

Ḃí an doiṁneas ann, ó n-a ṡean-aṫair, agus níor ṫug Niaṁ fé ndeara i n-aon ċor go raiḃ a leiṫéid d'ḟearg air. Aċ ḃí.