An ḟaid a ḃí sí ag innsint an sgéil do ḃí sé ag cuiṁneaṁ ar an ḃfocal úd agus ḃí uaḃar agus boċtaineaċt agus fearg agus diombáġ agus buile seirḃṫin 'n-a ċroíḋe, a ráḋ gur laḃraḋ an ċaint sin riaṁ agus gur cuireaḋ i n-aice 'ċéile sa ċaint Niaṁ agus a leiṫéid de ropaire fill agus éiṫiġ agus díṫċreidiṁ.
Nuair a ḃí cúrsaí na cailíse innste aici ḋó d'inis sí ḋó gnóṫaí Ġormḟlaiṫ agus conus mar a ḃí sí féin i gCeann Cora ċóṁ fada agus í ag faire le h-eagla go dtaḃarfaḋ Gormḟlaiṫ niṁ do'n Árdríġ.
Níor ḃain sí aon ḟocal cainte as go dtí gur inis sí obair Lonáin dó. Ansan do ġáir sé a ḋóṫin, agus nuair a ḃí an sgéal go léir innste ḋó do sgeartaḋ sé ar ġáirí, as a ṁaċtnaṁ, nuair a ċuiṁniġeaḋ sé ar an gcleas a ḋéin Lonán.
Aċ do lasaḋ an ḟearg airís, ar buile, gaċ aon uair a ċuiṁniġeaḋ sé ar an ḃfocal úd, “Náċ áluinn an lánṁa a ḋéanfaidís!” Agus a ḟios aige ná raiḃ ag Aṁlaoiḃ 'á ḋéanaṁ i gcaiṫeaṁ na h-aimsire go léir aċ feall!
Ḃí an doiṁneas ann, ó n-a ṡean-aṫair, agus níor ṫug Niaṁ fé ndeara i n-aon ċor go raiḃ a leiṫéid d'ḟearg air. Aċ ḃí.
CAIBIDIOL VIII.
GEALLTA DO ḂEIRT.
An uair úd do riṫ an cailín isteaċ mar a raiḃ Sitric agus Maolmórḋa agus Aṁlaoiḃ agus Gormḟlaiṫ ag caint, agus adúḃairt sí go raiḃ an cuan lán de loingeas, do riṫ, mar a dúḃraḋ, an ceaṫrar amaċ go ḃfeicfidís na loingeas.