Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/281

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
277
NIAṀ

CAIBIDIOL VII.

CONNLA.

Ḃí mac ag Murċaḋ agus Toirḋealḃaċ ab ainim dó. Ní raiḃ sé aċ trí bliana ḋ' aois nó mar sin nuair a ṫáinig Taḋg Óg ua Cealla agus Aṁlaoiḃ go h-Inis Caṫaiġ ċun na sgoluiġeaċta ḋ' ḟáġail. Tímpal na h-aimsire céadna san do rugaḋ an leanḃ siar go ríġṫeiġlaċ Ṁaoilruanaiḋ na Paidre, toisg an gaol a ḃeiṫ ann. Ní fada a ḃí sé ṫiar sa ríġṫeiġlaċ san nuair a ṫáinig Niaṁ ann ar ċuaird, ó ríġṫeiġlaċ a h-aṫar i n-Uíḃ Máine. Do ċuir an leanḃ aiṫne ar Niaṁ. Má ċuir do ċeangail sé suas di. Nuair a ḃí sí ag dul aḃaile ḃí an leanḃ ag briseaḋ a ċroíḋe ag gol. B'éigean dóiḃ leigint dó imṫeaċt i n-aonḟeaċt léi go h-Uíḃ Máine. As san amaċ is mó d'á aimsir a ċaiṫ sé i n-Uíḃ Máine 'ná i n-aon áit eile. Ḃíoḋ sé ann nuair a ṫagaḋ Taḋg Óg ua Cealla agus Aṁlaoiḃ ar a gcuardaiḃ ó Inis Caṫaiġ ainíos ann. Ṫáinig árd ċion aige ar Aṁlaoiḃ an ċéad uair a ċonaic sé é. Ḃí cion aige ar Ṫaḋg Óg, agus ḃí cion aige ar Ṫaḋg Ṁór, agus ar gaċ aoinne sa teiġlaċ. Aċ do fuair Aṁlaoiḃ inead 'n-a ċroíḋe ná fuair aon duine eile an uair sin, lasmuiċ de Niaṁ féin.

Ċonaic Niaṁ an níḋ sin. Ċonaic gaċ aoinne é, aċ níor ċuir aoinne eile puínn suime ann. Ní raiḃ ann, dar leó, aċ mian leinḃ. Ċonaic Taḋg Óg é, agus ḃí áṫas air, mar, dar leis, ṫáinig mian an leinḃ agus an caradas a ḃí idir é féin agus an Loċlanaċ óg isteaċ le n-a ċéile. Ċuir Niaṁ suim ana ṁór i mian an leinḃ an uair sin, aċ níor leig sí uirṫi gur ċuir. Do ċuir sí an suim ann mar, dar léi, do ṫaisbeáin an cion san a ṫáinig ag an leanḃ san ar Aṁlaoiḃ an uair sin, náċ gan aḋḃar a ṫáinig an níḋ eile úd 'n-a