Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/280

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
276
NIAṀ

briseaḋ a gcroíḋe ag glaoḋaċ go h-árd ar Ḋia, tré impíḋe na Maiġdine Muire agus na naoṁ go léir, gan buaḋ an ċaṫa a ḃí ag teaċt do leigint leis an naṁaid.

Ar an gcuma gcéadna, ins gaċ aon ṗáirt d' Éirinn, go mór mór i ngaċ lín-tíġe go raiḃ duine de ṁór-ṡluaġ Ḃriain tagaiṫe as, ḃí an t-éigean céadna 'á ḋéanaṁ ar Ríġeaċt na ḃFlaṫas, an t-aṫair agus an ṁáṫair agus an ċuid eile de'n ċlainn 'ġá iaraiḋ ar Ḋia an t-é a ḃí amuiċ uaṫa do ṫaḃairt saor ó'n gcaṫ agus é ṫaḃairt ċúċa ṫar n-ais slán. Ḃí na paidreaċa agus na h-úrnuiġṫe ba ġnáṫ ar siúḃal ins gaċ tiġ, agus i n-éaġmuis na n-úrnuiġṫe ba ġnáṫ ḃíoḋ na h-úrnuiġṫe móra ar siúḃal, Mairineaṁ Ṗádraig, agus Aṁra Colum Cille, agus Lúireaċ Ṗádraig, agus mórán úrnuiġṫe de'n tsórd san i n-onóir do naoiṁ fé leiṫ, 'ġá iaraiḋ orṫa a nguiḋe ċur ċun Dé ar son duine éigin fé leiṫ a ḃí sa ṁór-ṡluaġ agus an duine ṫaḃairt saor.

Ḃí gaċ fear des na fearaiḃ a ḃí sa ṁór-ṡluaġ ceapaiṫe ar gan filleaḋ o'n gcaṫ, aċ ḃí a ṁalairt sin d'aigne ag an muintir a ḃí sa ḃaile n-a ndiaiġ. Ḃí an ṁuintir a ḃí sa ḃaile ag déanaṁ a gcroíḋe díċeal 'ġá iaraiḋ ar Ḋia iad do ṫaḃairt aḃaile slán.

Ba ḃeag aon treaḃċas fé leiṫ gan naoṁ de naoiṁ Éirean fé leiṫ acu. Ḃí Seanán ag muintir gnáṫ-ṫeiġlaiġ Ḃriain. Ḃí Breandán ag muintir Ċiarraiġe. Ḃí Íta ag muintir Uíḃ Ċonaill Ġaḃra. Ḃí Déaglán ag muintir na nDéise. Ḃí Barra ag muintir Ċorcaiġe. Mar sin dóiḃ. Agus ḃí na h-úrnuiġṫe ag dul suas coitċianta ċun gaċ naoiṁ acu san, ó'n muíntir a ḃí fé n-a ċomairce, a d'iaraiḋ a n-ímpiḋe ċun Dé, an uair sin ṫar gaċ uair d'ár ṫáinig riaṁ roimis sin.

Idir ṁór-ṡluaġ ag gluaiseaċt ċun an ċaṫa agus gaolta 'n-a ndiaiġ sa ḃaile, ní raiḃ aċ aon-ġuṫ úrnuiġṫe ag dul suas ċun Dé ó Ġaeḋlaiḃ Éirean go léir.