Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/279

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
275
NIAṀ

Ḃí a lán sagart ar an ṁór-ṡluaġ. Ní raiḃ gnáṫ-ṫeiġlaċ ríġ ann gan sagart fé leiṫ, nó b' ḟéidir beirt ṡagart dá mbéaḋ a lán daoine sa ġnáṫ-ṫeiġlaċ. Do ċaḃruiġ na sagairt go mór leis an bPaidir do ċur ar siúḃal ameasg na ḃfear, agus ansan, ameasg na ndaoine go léir a ḃí ag leanṁaint na slóġ. Ní baoġal ná go ndúḃraḋ an Ṗaidir sin ó ċroíḋe, go dúrṫaċtaċ. Ṫuig gaċ aoinne dá mba ná béaḋ láṁ Dé go láidir le Gaeḋlaiḃ Éirean sa ċaṫ a ḃí ag teaċt ná béaḋ an buaḋ acu. D'á ṁéid a tuigeaḋ an níḋ sin iseaḋ is dúrṫaċtaíġe a dúḃraḋ an Ṗaidir agus iseaḋ is aoirde do glaoḋaḋ ar Ḋia, le gaċ saġas úrnuiġṫe, 'ġá iaraiḋ air caḃruġaḋ le Gaeḋlaiḃ agus leis an gCreideaṁ. Do glaoḋaḋ ar an Slánuiġṫeóir ó b'é do ṁúin an Ṗaidir dos na Críostaiḋṫiḃ. Do glaoḋaḋ ar an Maiġdin Muire, ó b' í Máṫair an tSlánuiġṫeóra í. Do glaoḋaḋ ar Ṁiċeál Naoṁṫa an t-Árdaingeal, ar Naoṁ Eoin Baiste, ar Ṗeadair agus ar Ṗól, ar Ṗádraig agus ar Ḃríġid agus ar Ċolum Cille, agus ar na naoiṁ go léir, 'ġá iaraiḋ orṫa a nguiḋe ċur suas ċun an tSlánuiġṫeóra agus ċun an Aṫar Síoruiḋe ar son na nGaeḋal agus ar son an Ċreidiṁ, ionus go dtaḃarfaḋ Dia an buaḋ do Ġaeḋlaiḃ sa ṁór-ċaṫ a ḃí rómpa.

Do ṫuig Brian cad a ḃí ar siúḃal agus do ġaiḃ sé a ḃuiḋċas go dúrṫaċtaċ le Dia, agus do neartuiġ a ġuiḋe féin ċun Dé ar son na slóġ a ḃí 'ġá leanṁaint ċun an ċaṫa ṁóir, slóiġte ná fillfeaḋ aon duine acu ó'n gcaṫ san dá mbéaḋ buaḋ ag an naṁaid, slóiġte ná fillfeaḋ duine as an gcéad acu pé taoḃ ar a mbéaḋ buaḋ.

Ní sa ṁór-ṡluaġ aṁáin a ḃí éigean d'á ḋéanaṁ ar Ríġeaċt na ḃFlaṫas ar an gcuma san le guiḋe daoine. Ins na mainistiriḃ agus ins na h-eagailsiḃ, ar fuid na h-Éirean, ḃí sagairt agus manaiġ agus mná riaġalta, do ló agus d'oíḋċe, gan ḃia gan deoċ gan ċodla gan suan, ag