na mban ní raiḃ aon níḋ ba ṁó ag na mnáiḃ 'ná focal molta ḋ'ḟáġail uaiṫi nuair a ḃíoḋ sí ag gaḃáil eatarṫa ag feuċaint ar an gcuma 'n-a mbíoḋ a ngnó acu 'á ḋéanaṁ. Ḋeinidís go léir a ngnó níob' ḟearr go mór, ar gaċ aon tsaġas cuma, 'ná mar a ḋéanfaidís é dá mba ná béaḋ sí ann.
Aċ ḋein sí, leis, mórán tairḃṫe agus ní h-a gan ḟios di a ḋein sí é, aċ le h-iomláine feasa agus maċtnaiṁ.
Do h-innseaḋ ċeana cad é an ċúis gur tugaḋ “Maol- ruanaiḋ na Paidre” ar ríġ Ua ḃFiaċraċ Áiḋne. Gur ṫuig sé i n' aigne a ḃeiṫ ceangailte ar an gCríostaiḋe ḃeiṫ coitċianta ag guiḋe ċun an Aṫar Síoruiḋe, agus ná fuil aon ċaint is oireaṁnaiġe ċun laḃarṫa leis an Aṫair Síoruiḋe, molaḋ a's glóire leis, 'ná an ċaint a ṁúin ár Slánuiġṫeóir dúinn.
Do laḃair Niaṁ anois a's airís le cuid des na fearaiḃ. Do ṫráċt sí leó ar an gcuma 'n-a raḃdar go léir lán ċeapaiṫe ar gan teaċt ṫar n-ais ó'n gcaṫ. Ċuir sí i gcuiṁne ḋóiḃ gur ar son an Ċreidiṁ, ċóṁ maiṫ le h-ar son na h-Éirean, a ḃí an ceapaḋ san déanta acu go léir. Ḃí focal aici le ráḋ, ó am go h-am, ar ríġ Ua ḃFiaċraċ Áiḋne agus ar an gcuma 'n-a mbíoḋ an Ṗaidir ar siúḃal aige i gcóṁnuiġe. Ċuir sí 'n-a luiġe orṫa go raiḃ gaċ duine acu ċóṁ ceapaiṫe ar ḃás a ḋ'ḟáġail sa ċaṫ a ḃí rómpa agus ḃí Maolruanaiḋ. D'á ḃríġ sin, go raiḃ gaċ duine acu ċóṁ mór i ngáḋ leis an bPaidir agus ḃí Maolruanaiḋ.
“Is dóċa,” ar sise, “go ḃfuil oiread gáḋ agam féin leis agus atá ag aoinne,” agus ṫusnuiġ sí ar an bPaidir dó ráḋ coitċianta.
“Má tá gáḋ ag Niaṁ leis an bPaidir,” arsa duine des na fearaiḃ, “is deacair a ráḋ ná go ḃfuil gáḋ agam-sa leis!” agus tusnuig sé ar an bPaidir do ráḋ coitċianta. Níor ḃ'ḟada go raiḃ an Ṗaidir ar siúḃal ag gaċ duine d'á raiḃ ar an mór-ṡluaġ.